firstLine"; ?>

355. Briseadh riaghla romholta $
Length: very long 48qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Leinster
Classes:
  1. warning mp
Manuscripts:
  1. Harvard O’Byrne MS c. 1726 < 1622ex
  2. TCD 1288 (H.1.14) A. O Dalaigh 1750
Prints:
  1. text LB no. 26
Motifs:
  1. Envoi to patron’s spouse
  2. nobility of patron’s ancestry
  3. men of art: poets, leeches, musicians etc.
  4. allusion to reading and/or writing poetry
  5. Material rewards for poetry
  6. Function of poetry
  7. poet’s fear of replacement by rival
  8. patron’s liberality to poets
  9. Submission, tuarastal, coimirce
  10. use of legal terms
Poet Christian Names:
  1. Fearghal mac Lughaidh (Harvard O’B MS)
Poet Surnames:
  1. MacEochadha
Patron Christian Names:
  1. Fiachaidh (mac Aodha)
Patron Surnames:
  1. O Broin (d. 1597)
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Briseadh riaghla ró molta


[Mac Airt, Seán, Leabhar Branach, Dublin, 1944, poem 26]


Fearghal mhac Lughaidh Mhic Eochadha .cc.


1 Briseadh riaghla ró molta

d’aoinbhreith na n-ord riagholta;

ní mó as rabhloghadh dá reacht,

ró ná anmholadh éigceart.

2 Mar so measuid a moladh

d’ionnlach an aois ealadhan,

nách diongantair dán mur sin

lán gan iomarcaidh éigin.

3 Do-ghén (sáireóchuidh mé a meas)

do dhán iomchubhaidh oircheas

gan ró molta d’ainimh air

sompla a n-aighidh na n-ord-sain.

4 Adér ní oile as a ucht,

gi-bé don dán bhus diadhacht,

brégmholadh ní oghthair ann,

brégnoghadh orthuibh agam.

5 Ní guth bladh bhíos gan ainbhfíor

ar neach do-ní socairghníomh;

’s ní moladh don té nách tuill,

dá molar é gan fhochainn.

6 Mé do reic na tteasd do thuill,

anurra an uair nách molfuinn,

fám thoil dá n-oghainn urradh

ní coir orainn, eadamar.

7 Triath Raghnallach, rún ainnre,

sé ar n-aoinbhreath urraidh-ne;

énurradh cháigh in gach céim,

do fhéghamar dáigh dhíbh-séin.

8 Is urasa a chlú do chur,

gi-bé lér mian a mholadh,

glór nách deirméd do rádh ribh,

’s neimbrég ’na dhán do dhéinimh.

9 Ní mholabh é as a fhoghluibh

cé bheith uair ’na fhíorfhoghlaidh;

geall ’gá easumhla ní an,

fearr go measardha an moladh.

10 A rún féile, ós feasach linn

do ghuth cáich, créd fá ttibhrinn?

nách cuirfinn geall einigh as

fearr deimhin iná dóchas.

11 Do réir a chéimionn gcuradh

’s a ghníomh n-adhbhal n-easumhal,

ó nách cumaim gach céim ghill,

urraim don bhéim do-bheirim.

12 Más é adeir cách nár cumadh

dán riamh gan ró d’anurradh,

ní laibheór ’na n-aghaidh air;

ní faghair aineól uathaibh.

13 Giodh eadh ná habraid choidhche

rinn fán n-éigsi n-aosfhoirfe

nách éidir dhí bheith gan bhréig

do chleith Lí ná dá leithéid.

14 Do-ním ris fám éigse dh’eacht,

gan díol énroinn nó eisdeacht

’na mbiadh iomarcaidh uaim dhi

do stuaigh bhionnfhoclaigh Bóinne.

15 Tearc aoinfhear d’uaisle a fhola

san eing-si d’iath Labhradha,

a rosc gorm as inghill d’fhuil,

dá ttibhrinn orm an t-eacht-soin.

16 Do mheas mé ar in mholadh sin,

muna raibhe ró éigin

acht maith cháigh ’na haonar ann,

dhálbh ’s a n-aoradh gurbh ionann.

17 Aca ón chléir bíodh do bhunadh

gan bhearna gan bhaoghlughadh,

cosmhuil cleith a n-áirmhe as,

a n-áirghe, a n-eich, a n-ionnmhus.

18 Ag so, a chliar cáich do bhunadh,

cúis nách beag dá mbreathnughadh;

fir sin fa síodhamhla fáth

is fir chríonfhalmha ar chonách.

19 Dá n-olc ní áirmhim acht sin

nó dá maith, ciodh maith Laighnigh,

a mbí do tháir oirn aca

’s do mhoirn ar dháimh dheórata.

20 Mairg duit féin do-ní dá nós,

dáil bhar séd ós é a iomthós,

a dhreach shoirbh neamhchumair náir,

leathchumaidh oirn fán édáil.

21 Ó théid uaidh d’éigsibh oile

na heich, na hairm iorghoile,

na clacha ceangail, na cuaich,

na hearraidh datha daorluaich.

22 A mheic Aodha, innis dún:

(ar a mhéd ní dhén deaghrún)

an col dár gceird do-gheibhe,

nó an tol d’fheirg nó d’oirbheire

23 Dínn nó don éigsi imchéin

féch cé as uaisle d’fhilidhchléir,

nó cé an chliar as fhearr oineach,

a cheann na gcliar gcomhoigheach.

24 Is inn is uaisle d’fholaibh,

ní lia iad-san d’ealadhain;

dod riar, a chroidhe caithmheach,

cá goire an chliar chomhaightheach?

25 Atá sin d’énchoir oruibh

nách fuil th'aithne ar ealadhain;

ort féin ní cheilibh-si an choir

do réir h'einigh-si, a Fhiachoidh.

26 Lór liom d’fhínné na n-ollamh

do dhearbhadh a ndubhramar;

iomdha ad dhuanaire dán bog,

nár ’s ar nduanai-ne ar dearmod.

27 Uait dámadh cead a rádh rat,

atá nós iongna agat;

ní hionann lógh umha is óir,

lugha ar an ór bhar n-onóir.

28 Is é an t-umha (is fáth magaidh)

dán na n-adhbhar n-anabaidh,

creid mo ghlór, a ghrádh mallbhan,

’s an t-ór dán na ndeaghadhbhar.

29 Ná creid ó aon, madh urradh,

do-ní dhuit a dheaghcumadh,

a ghruaidh leithdearg as lán bladh,

nách deighceard dán do dhénamh.

30 Ceard oile ag nach biadh bunadh,

riamh ar cuimhne an gcualabhar

mar dhán ollaimh, a ghruadh ghlan,

a rollaibh suadh ná seanchadh?

31 Gi-bé as ciall dá gcanaim rat,

ní toirmiosc oinigh iomat;

dlighidh draoi luadh a labhraim,

fá dhlaoi acht nách dual deaghfhoghlum

32 Ní tnúth, ní formad, ní fearg

re neach dhíobh ’gan dóigh deighceard,

a sgaith armghlan fhear mBanbha,

giodh eadh adhbhar m’agallmha.

33 Acht mé ag tobhach duas dá ndíol,

ag cur neimhdhíola [a] neimbríogh,

réd dhreich gil gan bhéim bronnaidh

ag sin chéill ar chanamair.

34 Adér comhrádh chuirfios libh

’nar n-aghaidh féin, na filidh:

dá ttig cládh a gceirde féin,

ní feirrde an dámh a ndeighmhéin.

35 An daoi as daoitheamhla ar domhan

mar bhídh ribh ’gá romholadh,

leis d’iarraidh na nduas nách dligh

tiaghuidh suas tar na saoithibh.

36 Giodh í as inmhe ag m’aos cumtha,

cuma duasdán ndeaghcumtha,

locfad ón treóir nách treóir ghlan,

nó nochtfad fá dheóidh díobh-san.

37 Do riar feasda, a rún robhan,

roinn do réir a n-ealadhan;

atá a riar féine ag gach fior

srian rét fhéile acht nách éidear.

38 Ceól, seanchus, cách rér gceird-ne,

maith is olc gach éincheirde,

a sgiath dearg ag díon brughadh,

gá ceard díobh nár dhíolabhar?

39 Díot a ndiaidh a ndubhairt mé

ní choisgfidh mé, a mheic Saidhbhe;

fogus damh olc gach aicme

ort go car mo chumairce.

40 Ní mó cás oile ar m’aire

ó ataoi a bhfeidhm na foraire;

tú as geall rém fhoraire ann,

ceann gach conaire chugam.

41 Comhtha an dá rann duit-si ag dul,

dán na gcliar, crodh na ttuatadh;

más fiú ar gcomhairle a rádh ribh,

a bhforaire ar lár ná leigidh.

42 Ní clú d’fhior dána ar domhan

deilbh éigsi gan anmholadh,

fear gan chás caigiolta cruidh,

gan ghnás n-aigionta d’Fhiachaidh.

43 Gé adeirim so, is deacair damh

aigneadh d’fhagháil ’nar cumadh

dá fholt bharrlag, dá ghruaidh ghil,

a nduain nó a n-adhmad éigin.

44 A n-abrulm ris más ró dhúin,

féch féin, a fhir an iomthnúidh,

cia as inFhiachaidh acht triath teann

a n-iath d’iliathaibh Éireann.

45 A gcumaid cliar do dhán án,

iomdha ag éd ré hua Seaán,

is ní dhéin aoinfhear éd ris

ar scaoileadh séd ná saidhbhris.

46 Do mhnáibh Laighion na learg mbog

fám dhán dá ndearnuinn dearmod,

ní dheirmhéd a samhail soin,

geilghég taraidh Ó tTuathail.

47 Dá mbeith Róis gan tocht fár ttol,

fríoth linn d’onóir a hathar

nár chóir dhúin déinimh dearmuid

don úir chéillidh chneisseangbhuig.

48 Ní clos riamh don fhréimh dá bhfuil

acht gan lámh dhí do dhéanaimh,

gníomh oirdhearc nár fhoghluim Róis,

d’fhoghluim oirbheart nó ardnóis.