firstLine"; ?>

357. Bronach Goill Bhanbha da eis $
Length: middling c. 26qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th mid
Areas:
  1. Meath
Classes:
  1. elegy mp
Manuscripts:
  1. TCD 1399 (H.5.28) 1679
  2. NLI G 137 Stephen Rice 1730
Prints:
  1. text Eigse ii, 8
Motifs:
  1. internal dating
  2. comparison with own family
  3. liberality to poets
  4. general grief
  5. poet’s own mourning
  6. poet’s vigil on grave
  7. Historical comparisons
  8. allusions to Ruaraiocht
  9. allusion to Fiannaiocht
  10. proverb q. 11
Patron Christian Names:
  1. Risteard, Richard
Patron Surnames:
  1. Nugent, Baron Delvin d. 1559
Meter Vars:
  1. RannMhor
Poem:

Poem in printable PDF format

Brónach Goill Bhanbha dá éis


[Éamonn Ó Tuathail, ‘Nugentiana’, Éigse, 2, 3-14]


1 Brónach Goill Bhanbha dá éis,

triath Dealbhna dár ghéill gach tír;

tuar tuirsi d’Éirinn a bhás,

madh cogadh do chách, madh síth.


2 Geall oinigh oirbhearta is áigh -

ní haithne dhamh cáil nár rug

ó uaislibh Fódla go léir,

mar do bheinn i gcéill dá chur.


3 Sgortháinte crosán is cliar,

cá bhfuighthear a riar ag neach,

ós marbh dos díona na nGall,

ceann curadh na n-arm ’s n-each?


4 Gan Ghuaire, gan Choin na gcleas,

éigsi Banbha theas is tuaidh,

feasda cá bhfuighid a riar

’s ceann cumhdaigh na gcliar i n-uaigh?


5 I gCrích Chuinn is damhna déar

d’aos dána, d’aos téad na sgoth,

bás an fhir nár choigil maoin;

ní cneasta nár chaoin gach sgol.


6 Mo chairde i gcill is i dtuaith,

cé do-chuadar uaim fá seach

nó gur rugadh a gceann ón gcléir,

ní dhearna go léir mo chreach.


7 Cia an t-aon-m[h]ac Gaoidhil nó Goill,

gérbh oirdheirc síol gCuinn na gcreach,

ar a dtréigfinn uair do ló

fear síorchuir na mbó fá seach?


8 Mo thuirsi ní théid i dtráigh

fá Risdeard do chráidh mo chorp;

mo chroidhe ’na chosair chró -

ní bhfuighthear mo bhrón do chosg.


9. Mar aigh n-allaidh d’éis a laoigh

ar feart an laoich dom chrádh;

bheith gan chás i ní fán ngréin,

’s ní do bhás Í Néill a-táim.


10 Beith mar Eimhir d’éis a fir,

tearc dá gcuirfinn sin i gcéill;

caoinfidh misi ceann na gcliar,

leantar lé gach coin a fiadh féin.


11 Ní breitheamh comhthrom an grádh -

seanfhocal atá go ceart;

i n-éin-ní ní bhfuil mo chás,

ní dhéana mé tlás ré neach.


12 Gan Lughaidh, gan Laoghaire Lorc,

gan Chairbre, gan Chorc, gan Chonn -

ní hé mo thuirsi dá n-éis

do bheir mé gan spéis i bhfonn.


13 Ríoghphort chloinne Cuinn is Cuirc,

ionar m[h]inic cruit is cliar

do chaoinfidís dámadh leó

an fear nár cuireadh i ngleó riamh.


14 Teamhair is Tailte na gceard,

Uisneach Midhe na learg mín -

mar atáid cé mór an mhairg,

ní hé sin do chailg mo chlí.


15 Cruacha, Ceann Coradh na gcuan,

Oileach na gcuach is na gcorn -

doilghe leam foraois na gcliar

gan laochraidh na sgiath ’s na gcolg.


16 Cnodhbha, cleath Cearmna is Colt -

féachtar gach port i mbíodh Niall -

a mbeith gan mheadhair gan sódh,

ní hé sin do chlódh mo chiall.


17 Eamhain Mhacha is Caiseal Cuirc,

Nás Laighean nár dhruid ó ghleó -

ó a mbeith go bráth mar a-táid,

nocha bheinn ag dáil mo dheór.


18 Almha gan Gharadh, gan Gholl,

gan an laochraidh lonn do ghnáth -

doilghe leam ná port na bhFian

Dealbhna gan triath mar a-tá.


19 Tar gach neach dár luaidheadh linn,

gibé ris nach binn mo ghlór,

caoinfidh mise ré mo lá

an fear rér cuireadh ár na mbó.


20 Ré linn gach líne fá seach,

mo bheith ar a fheart cé truagh,

clú an fhir rér éirigh gach séan,

is fada bhias i mbéal suadh.


21 Do mhair ceannsaighe na gcríoch,

ag riar is ag díol gach fir,

trí bliadhna tríochad fá shéan,

go ndeachaidh uainn d’éag mar sin.


22 Ó ghein Chríost míle go leith,

naoi mbliadhna ’s a deich fá chúig

go bás Risdeird, ceann an tslóigh,

rér cumhduigheadh ó Bhóinn go Búill.


23 Trí Risdeird atá fán bhfeart,

trí seabhaic do chreach gach tír,

trí coinnle gaisgidh na nGall

nár mheabhruigh bheith gann fá ní.


24 Ó gach tréinfhear dhíobh fá leith

lé mbronntaoi eich agus ór,

do bheirdís sgol Bhanbha Briain

geall oinigh na ndiaidh don óg.


25 A chaithréim, a ghníomh ’s a ghoil,

a ndearna sé toir is tiar -

lé dán ó nach bhfuil mo ghaol,

fúigfe mise taobh ré Brian.


26 Fá úir choisreactha na gceall,

ó ro cuireadh ceann an tslóigh,

tar éis a bhfuaras dá ghrádh,

ní sgarfad go bráth ré brón. Brónach.