firstLine"; ?>

360. Buaidh n-Aodh ar aicme Fheargna $
Length: long 41qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. Cambr. Add. 3082 to O’Reillys 1598-9
Prints:
  1. text Carney Poems on O Reillys no. v
Motifs:
  1. Envoi to saint (God & BVM)
  2. fertility in reign of just prince
  3. youth no impediment to kingship
  4. prophecies of a ruler
  5. Prophecies of Aodh Eangach
  6. citation of historical precedents
  7. references to siodh
Poet Christian Names:
  1. Aodh mac Diarmada (Cambr. Add. 3082)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Patron Christian Names:
  1. Aodh (mac Pilib)
Patron Surnames:
  1. O Raighilligh
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Buaidh nAodh ar aicme Fhearghna


[Carney, James: Poems on the O’Reillys, Dublin, 1950, poem 5]


Aodh mac Diarmada Meic an Bhaird .cc.


1 Buaidh nAodh ar aicme Fhearghna,

dearbhthur le féin bhfinnLeamhna;

ríoghradh Banbha do thuair thoil,

buaidh gach n-anma ar a nAodhuibh.

2 Buaidh gach anma orra soin,

gach Aodh dár fhás ’na dheaghaidh,

suas go hÁodh Fionnmhac Fearghna,

raon na bhfionnshlat bhfíneamhna.

3 Aodh mac Fearghna an airm annaimh

cédAodh fhréimhe Raghallaigh,

gruaidh thirmgheilte do thuair geall,

dob innleigthe d’uaim Éireann.

4 An dara hAodh dá éis sin

Aodh Conallach, cruth suilbhir

Aodh narbh oirrdhreice Áodh Fionn

do thaobh choinghleice is chéimeann.

5 An tAodh Óg-sa ua na nÁodh

mac Filib, folt na n-órchraobh;

cóir a mheas mur Aodh nEanghach,

an treas Aodh ó fhinnBhreaghmhach.

6 Gébhthur leis oighreacht na nAodh

do dheoin Dé, budh dáil neamhchlaon,

’s gach róidshlighe go Bóinn mBreagh,

óigbhile dán cóir creideamh.

7 Geubhthur leis a ló chinnte

go Magh Uisnigh imilte,

’s go fionnChruachain fá bhfiar fiodh

siar ó thiormthuathaibh Tailtean.

8 Geubhthur leis-sion lá oile

re bord Sionna sreabhghloine

Clár fóidshean collmhaighreach Cuinn,

Cóigeadh gormaibhneach Geanuinn.

9 Suidhfidh Aodh ’na ionadh féin

ar ccuartughadh críoch n-aigmhéil,

sluagh sídh nach ionchomhuir n-ágh,

a ttiormTholaigh mhín Mongán.

10 Ua na ríogh ó Ráth Uisnigh

toigéubhaidh san tulaigh-sin

Ráth Breagh mur do bhí roimhe

as-teagh go ttí an tarrngaire.

11 Aodh mac Róise ó Ráth Teamhra

in treas Aodh d’fhuil fhinnFhearghna;

díol ríghe tar Áodh eile

Áodh fíre na fáistine.

12 Do gealladh go ngéubhadh Aodh

d’fhuil Raghallaigh [reacht neamhchlaon!]

in dá Bhréithne ó bharr go bun,

feithle na ccrann do cheangal.

13 An tAodh Óg-sa, ua na ríogh,

fuarus dó do dhruim dheighgníomh

sgél go ccéill n-uainghigh n-annaimh

ar fhréimh ruaidhmhir Raghallaigh.

14 Sgeul cinnte as cóir a mholadh;

Mág Goillsionnán gnáthbhodhar,

do labhair [ní séuntuir so]

ar dhaghfhuil éuchtaigh Fhearghno.

15 Do thairngir go ttiocfadh Aodh

dá mbiadh umhla in gach entaobh

ar Bhréithneachuibh dá bharr shliom,

crann do réidhchleathuibh Raoileann.

16 A-dubhairt ’na dheaghaidh so

nach ttiocfadh d’aicme Fhearghno

da ionnamhuil go hÁodh Fionn

saor ar iomfhoghail Éirionn.

17 Nír gheall fós, gidh doiligh dúinn,

in bodhar [is beart ionrúin!]

an ríghe d’aon dá fhine

ón Aodh fhíre ainglidhe.

18 Táinig a-nos, budh nua in gníomh,

Aodh déidhionach na ndeighríogh

in bosbhog do-ghéubha geall

do mholsod sgela scríbheann.

19 Tusa in tAodh-soin, a Aodh Óig,

do ghrás Dé tig ón Tríonóid;

tú ar gach taobh ar ccnú cridhe,

is tú is Aodh don fháistine.

20 Thú do gheall Pádruig Puirt Néill

dár ccabhair, a chruth soiléir,

tú fíonbhraon fola na bhFionn

is togha fhíornaomh Éirionn.

21 Thú do gheall Colum Cille,

fáidh fíorghlan na fírinne,

ad rígh do chomhchabhair cháigh

a ngormTholaigh mhín Mhongáin.

22 Is tú in tAodh Eanghach iodhan

atá cach do chuimhnioghadh;

tú is ceann uidhe do chlú cáigh,

thú do gheall buile Bearcháin.

23 Thú do chomhmaoidh cian ó shoin

Cainneach is Comhghall Beannchair

’s Caillín naomh finnBhréithne, in fáidh

re taobh binnbhréithre Bearcháin.

24 Thú do gheall, a ghnúis adhnár,

Ultán agns Adhamhnán,

is Finnén, in faidh oile,

a fhinn-néll Chláir Chonaire.

25 Tú do reac Ruadhán Lothra

do theacht [is cúis chabhartha]

go Moigh míonbhraonaigh na bhFionn

go ttoil d’fhíornaomhuibh Éireann.

26 Tú do gheall Cormac ua Cuinn

do theacht a Cruachain chuguinn;

uirrim gach cuaine is dú duit,

a chu do chuaine Chormuic.

27 Tú in sósar is sine gnaoi,

tú do luaidh Cathbhaidh caomhdhraoi,

tú tairngire ar bhfádh go Fionn

a cclar ainglidhe Éirionn.

28 Mur gach fíorfháidh dár mhaoidh mé,

do dhearbh mise, a mheic Róise,

fáidh maro a fódMhuigh na bhFionn

dod thagha ós ógbhaidh Éirionn.

29 Ioth a n-úir, iasg a n-aibhnibh,

barr cnuais ar chraoibh chrobhuinnghil,

do chomharthaibh cháigh ret thocht,

a chobharthaidh chlair Chonnocht.

30 Drúcht meala ar gach tulaigh thúir

a gcrích Bréithne in fhóid iontnúidh,

coillte cnóimhillse um Chlár nAirt

do mhóirfhill-si ar lár longphuirt.

31 Dod bhrath mur rígh do fhréimh Cuinn

barr ’s a heire ar gach n-abhaill;

tairthe coll ar craoibh oile

do throm braoin na Bealtoine.

32 Iomdha file re deilbh deid;

ós díbh misi, a mhic Fhilib,

ní tearc commoladh ad cheann,

a shearc ollamhan Éireann.

33 Gan énlocht re cur ad chionn

’san ríghe, a ucht mar fhaoilionn,

acht h’óige tar fhóir Ghaoidheal,

móide is coir do chomhmaoidheamh.

34 A ttús aoise, a fholt na scath,

iomdha ógmhac fuair ardrath;

a thonn mhín is trom tuile,

is díbh Conn is Conuire.

35 Is díobh-so Cormac ua Cuinn

a ttus aoise fhuair urruim;

is díbh Niall na naoi ngeimheal,

gach fiadh faoi do foillsigheadh.

36 Díbh Oilill mac Rosa Ruaidh,

rí Cruachna, ceann in mhórshluaigh;

díbh Cú Chulainn Chláir na bhFionn

lérbh áil urruim clú is céimeann.

37 Is díbh fós Fionn mac Cumhuill,

uaithne feasa is fíorfhuluing,

fuair bladh gaoise agus goile

a ngar aoise ar nAodhoi-ne.

38 Gá córa d’aon acu sin

fagháil umhla a n-aois leinibh ? -

bas chréuchtdomhuin nach claon smacht,

Áodh do chédchobhair Chonnocht.

39 Mac na ríoghna ó Ráth Oiligh,

plannda póir in fhíoroinigh,

bas choirrgheal gan chás a séud,

grás in Choimdheadh ’gá choimhéud

40 Fuil Fhearghna tre chrú cColla

fá Aodh is cló cudroma,

roghuin Ghaoidhiol ceann a cceann,

dhá chonair aoigheadh Éireann.

41 A Mhuire Ógh nár éur fhear,

fagh ód dheaghmhac mo dhídean;

dob fhada thú ar tí ar ccabhra

do bhrú gurbh í ar n-óghadhbha.