Poem in printable PDF format
Buaidh n-eagna ar
Fhréimh ríoghUidhir
[Greene, David:
Duanaire Mhéig Uidhir, Dublin, 1972, poem 9]
1 Buaidh n-egna
ar Fhréimh ríoghUidhir
ó chléir mesda
móreinigh;
guais sgol ar
fhréimh ríoghUidhir
a ccrodh féin dá
bhfóireighin.
2 Toil do
thuicsin daighfhileadh
d’fhuil Uidhir is
anadhal;
an té is ollamh
n-ealadhan
sé d’ollamh ní
hanumhal.
3 Tuc sé hí fá
énndethaigh
dá díon ní théid
tóirfhrithir;
glas troda ar
uaimh énathaigh
foda co bhfuair
fóirithin.
4 Gnáth é trén ar
thendaicme,
sé ar in ccléir
ní comairce;
sgol nachar an
d’imeirci
co cradh ar cCon
Connachtne.
5 Dá réir ní
fhoil anumhal
fa a thoil féin
do fuirighedh;
luach do dháil
d’fhior ealadhan
cion cáigh sul do
cruinnigheadh.
6 Tuc sé egna
d’fhiledhaibh,
a cheasda ar
chléir ccoimhidhigh;
do mhian fhiliodh
d’ealadhain
nár siriodh riar
roidhoiligh.
7 Urra a ndíona
ar Dhanaruibh
síol cColla fán
ccomhfhalaigh;
cairt ar shíodh
Fhóid Fheradhaigh
do sccríobh re
cóig comhadhuibh.
8 D’éis gliadh ar
cCon Connaichtne
dá thoil budh
triall indilte;
sí le chéile
cengailte
nách bí Éiri ag
imeirce.
9 Tic sin uaidh
dá ealadhain
breith a buaidh
re minfheadhain,
dá sccuiridh Fád
Feradhaigh
co Mág Uidhir
d’fhiledhaibh.
10 D’éis cen a
ccrích ógbhraonaigh,
ní bhí mes ar
mhéidliamhain;
tír gan fher ag
óigríoghain
do bhrígh cen an
chéidbhliadhain.
11 Goill gan
mheanma ón mhallfhaicsin,
dóibh go dtarla
an tromolcsin;
col do ghliaidh
ac Gallshaxoibh
a ndiaigh na Con
Connachtsin.
12 Lá troda an
tan imdhighe
tor ar ccar a
ccoimhghile;
barr feoir tar
gruaidh gallbhaile
ag buain eoil dot
oirbhire.
13 Tuc sé iath
gan anumhla
léir ad dhiaigh
’na dhoimhenma;
rí gan aithne
n-ealadhna
ní bhí d’aithle
h’oilemhna.
14 Nós dá aithne
ar fhiledhaibh,
gurbh aithreach
leo a lenamhain;
do-chuaidh ar
chléir ccomhadhaigh
buain fá t’fhéin
a n-ealadhain.
15 Nár le t’fhéin
an t-anmhuirer
co héis áigh nír
fhuilngeabhoir;
re dteacht ó
fhiadh fhoghlaidhedh
cliar nár
chleacht a ccuimhneghadh.
16 Fiú h’iúl ar a
n-ealadhain
gan tú riú co
roirighin;
líne a ccéill do
chuireabhoir
do-ríne ar chléir
ccomhadhaigh.
17 Luach h’éra ní
fhailleochaigh
séla uatha ar
fhindiathoibh;
trom ót fhéin ar
anndúthaigh
a réir ar Fond
bhfindFhiachaidh.
18 Tuc slighthe
ar dhún deaghaolta
nach leithne lúth
roirélta;
éra ag nach bí
baránta
h’éra dí ní
doidhénta.
19 Guais duit a
riar roidhoiligh;
ciall an chruidh
do cheileamhain
ró seud madh áil
d’fhiledhaibh,
fég ar an dáimh
dherenaigh !
20 Barr tar eol
gach éinfhiledh
gleodh an tand do
thriallabhair;
ceisd chruaidh
róibh nár réidhigheadh
co fóill d’uain
nír iarabhoir.
21 Feacair le
dáil degheinigh
dámh is deacair
d’oilemhain;
tuc tairthe uadh
d’fhiledhaibh
do thuar aighthe
is oireamhain.
22 D’éis braite
bairr ghallbhaile
dot aithle an
t-am imdhighe,
súil ort a n-uair
iorghaile
ac tocht le huaim
inghine.
23 D’éis áigh a
ccrích comhadhaigh
má atá tír nár
thileabhair,
fada uaibh Fiadh
Feradhaigh
giall an uair
nárbh ionshiobhail.
24 Riar ar oilis
d’fhiledhaibh
doilidh le Fiadh
Feradhaigh;
sgol ad dheoigh
is doidheraidh
ar ccor heoil ar
h’ealadhain.
25 Ní síodh sin
rér fhilleabhoir
a fhir dár dhíon
duilleabhor;
dál sgol co fiadh
bhfiondUladh,
ná hiar crodh do
chruinneghadh!
26 Rolocht
cruidh, ní ceilfidher,
ar Choin
Chonnacht braithfidhear;
fuair crodh and a
athrughadh
sgol an t-am do
haithnidheadh.
27 Cách níor
fhuirigh d’ainmhianaibh
co Mág Uidhir
iondshluaghaidh;
táraigh triath é
d’iolmhaoinibh
sé ’na iath gan
iomluaghoil.
28 Ná bíodh cách
ac cruinnioghadh
dá thír is tráth
tromfhaladh;
díoth coimhdhe ar
chrodh ccoillidheadh
ar ndol d’oighre
ollamhan.
29 Cliar re
chéile cengailte
fa iath Éirne ag
imeirce;
fiú comhtha ar
cCon Connaichtne
an sccol ortha
indilte.
30 Fríoth réir
uadh nach ionghotha
don chléir ní
cuan mionnratha;
cliar darbh
ainimh ainbhretha
ní airigh Fiadh
fionnMhacha.
31 Do dhíon cen
do chomhaighthibh
ní bhen rí do
raidheithbhir;
na héighmhe am
iath anaithnigh
fian Éirne sul
aireighthir.
32 Ní Goill iad
ón imbeirtsin
fá iath Floind dá
bhfannfhaicsin;
fiú riar an Chon
Connachtsin
gan cor gliadh ar
GhallShaxaibh.
33 Do threabh túr
a thrénealbha
a-nú ní fer
fíorfhoghla;
dual dáil fá
mhian móranma
ní háil riar acht
ríoghBhanbha. B.U.A. I.D.H.
34 Ben co
mbrethaibh bannríoghna
ní ben dertha
deighriaghla;
sí re ccléir is
coimhríoghdha
a réir dí fá
dheirbhfhiadhna.
35 Fá degheol hí
d’fhiledhalbh
sí re a dtionól
talamhail;
dáileadh sí ar
cléir ccomhadhaigh
réir dá nach bí
baramhail.
36 Bé Bhíonn
dáibh re daghumhla
co díol dámh fa
roimhenma
fiú an díol ’na
toigh togharma
co bhfuil a síodh
soidhealbha. B.U.A.I.D.H.