Poem in printable PDF format
Buaidh n-easbaig
ar Ardachadh
[Gearóid Mac
Niocaill, ‘Dán do Chormac Mág Shamhradháin, Easpag Ardachaidh
1444-1476,’ Seanchas Ardmhacha 4, 141-6; from BM Eg. 1781,
f. 128v]
1 Buaidh
n-easbaig ar Ardachadh
fuair orraim ó
gach eaglais;
de bhuadhaibh na
hardchathrach
gan bheith innti
achd suidhe easbaig.
2 Mar atá ag an
eaglais-sin
geall ó gach
eaglais oile,
atá [fós] ’gá
heasbagaibh
geall ar
chaitheamh ’s ar chroidhthibh.
3 A buadha ní
locfoidhir
leis an té atá gá
freasdal:
geis di duine
drochoinigh
do bheith innti
’na easbag.
4 A geasa ní
brisfidhthear
leis an bhfear
fuair a flaitheas;
croidhe nár
chleacht minigheacht
atá ag Cormac gá
chaitheamh.
5 Ag Cormac Mhág
Shamhradhán
mar do bheath
fios a shaoghail
ní dhéanann sé
falchasán
ar a bhfaghann ó
mhaoraibh.
6 A Dia muna
muinigheadh
ní bhfuigheadh an
méad chaitheas;
gé mór le cách
[a] gcruinnigheas
is mó a chroidhe
gá chaitheamh.
7 Mór chaitheas
mac Phiarasa
d’eagla
imdheargtha a aighthe;
caitheamh in
neith iasachta
do-bheir ar a mhí
aige.
8 Ní hiongnadh a
gcaitheann-san
dá measdar uaisle
a fhola;
ní fhuil do mhéad
a fhlaitheamhnais
nach gcaitheann
d’eagla a ghotha.
9 Fuil Chuinn ann
ag fréamhachadh -
ní mairg fá [a]
bhfuil an fhuil-sin;
dó is gaire Conn
Céadchathach
d’easbagaibh
Éireann uile.
10 A ghnúis
ríoghdha ronáireach
ar nach cás dáil
a dhonnbhrat -
damhsa is cóir a
chomhaireamh,
a bhfuil go donn
ó Chormac.
11 Cormac croidhe
riaghalta,
Piaras nár
chumhang croidhe,
Aindriú athair
Phiarasa,
Pilib is Piaras
oile.
12 Cleiminnt,
ceann na mbreicleabhar,
Tomás, Amhlaoibh
iúil-fheasach,
Mac Criath an
chéim dheireannach
den ghaol dá
dtarla an t-easbag.
13 Atáid ’na
gcloinn éanathar,
Donnchadh, athair
Bhriain Bhreaghaigh, -
gaol nach cóir do
bhréagnachadh -
’s Mac Craith
seinnsear an easbaig.
14 Giolla na
Naomh nuachrothach
dob é athair na
deise,
Giolla Íosa ór
mhór tuarasdal,
is Giolla na
Naomh eile,
15 Muireadhach
mac Shamhradháin,
Tadhg, Conchubhar
craobh thoraidh, -
dréim riú do budh
anbhfalláin -
Ruairc mac
Íomhair mheic Coscair
16 mhic Dhúnghail
mhic Oireachtaigh
- nach tug do
dhuine deargadh -
mhic Eachach úir
fhoiltleabhair -
ó sloinntear
Teallach nEachach -
17 Maonach,
Baoithín breathabaidh,
Bréanainn,
Feargna fuair ceannas -
ní fhuil ar an
gceathrar-sain
sgéal budh
neamhnáir don easbag -
18 mac Fhearghuis
gan aoineasbaidh
mhic
Mhuireadhaigh mhaoil mhasclaigh
mhic Eoghain
sreibh shaoirbhreathaigh
mhic Dhuach
gheanamhail ghalaigh.
19 Brian mac
Eachach uime-sin -
a chlú ní fhuil
os íseal,
triúr ’na cheann
ní chuirfidhir -
is Muireadhach
tréan tíreach,
20 Fiacha is
Cairbre céadfadhach -
sgéal so ar a
bhfuil fiadhain -
Art agus Conn
Céadchathach;
atáid fa oighre
Phiarais.
21 Ní beag dúinn
a ndubhramar
[sunn] don
gheinealach gnáthach;
do-bhéarainn gan
amharas
a sheanchas uadh
go hÁdhamh.
22 Uachtarán na
suidhe-easbag,
gnúis nár
deargadh re drochghuth;
ar Dhia is beite
a bhuidheachus
mó ná a
bheathachadh bhronnus.
23 Caitheamh mar
a airdeasbag
air, is gan é
achd ’na easbag;
do chaithfeadh sé
airleacadh
d’fhagháil a
gcionn a cheana.
24 Dá measdar a
bheathaighthe
re chéile agus a
chridhe,
ní fhuil díol a
dheaghchroidhe
ó Eithne go Loch
Gile.
25 Gé tá siad ar
ngabhlachadh
ó chéile agus an
t-easbag,
do chuir Cormac
ardachadh
ar uaisle
Theallaigh Eachach.
26 Dá n-éirghe
tonn mheardhána
’na chroidhe
shaidhbhir sholus
fuil Fheargna
mhic Fhearghusa
is í do bheath gá
bhrosdadh.
27 A chraidhe
fial flaitheamhail
nach maoidheann
méad a eire
atá eineach
aithreamhail
ann . . . . .
..........................