Poem in printable PDF format
Buaidh ríodhamhna
ar Raghnallchuibh
[Mac Airt, Seán,
Leabhar Branach, Dublin, 1944, poem 72]
1 Buaidh
ríodhamhna ar Raghnallchuibh
do bhreith
fileadh Fhóid Énna;
ríoghraidh
fhuiltioch armarsuidh,
cairt an bhladha
leó légthair.
2 Fiú an
chéidteisd do chuirioduir
fuil Raghnuill na
sluagh siobhlach,
mar tá a gclú gan
uiriosbhaidh,
caithiomh do chur
a n-ionnmhus.
3 Ceann sluaigh
na bhfear bhfírfheardha,
ua Rémuinn na
ruag neamhthais,
beiridh in fiodh
fíneamhna
barr uaisle tar
na feadhuibh.
4 Mar táid riamh
lé réidheineach,
laoich oirdhearca
fhuinn Branach,
aniú ar lár ní
léigfidhear
teisd na
ríghmhíleadh rathmhar.
5 Mac Seaáin Óig
oirbheartuigh,
taibhgheóir cána
críoch mbiodhbhadh
cuirid dá chlú a
gcoinghleaca
barr anma air
nárbh iongnadh.
6 Mar táid
fioghraidh Raghnallach
a gclú a
gconchlann ar-oile,
leanfaidh in t-óg
armchorcra
lorg na sinnsear
riamh roimhe.
7 [Is] lór do
thúr tighearnuis
oighri Seaáin,
rún ríobhan;
ag cléir ní fhuil
indearmuid
fá dhigh molta
as-daor ndíoladh.
8 Ní leanfaidh
ceart oighriochta,
a n-am troda ar
chách cinnfidh
ró oinigh is
oirbhearta,
ní beag é
d’iarraidh innmhe.
9 Ciall fá
riaraid ríodhámha,
fine Broin na
bhfleadh neartmhur,
macruidh gan
mhian síothchána,
sealbh an
ghaisgidh dóibh dleaghthar
10 Sgél nuaidhe
a-tá a ttairngire,
a mhic Úna, is
ribh shamhluim,
go ttiocfa scrios
ainbhfine
fá dheóidh do
ríghshliocht Raghnuil
11 Uirscél
arsaidh fuaramar
ar mhac ríogh
d’óguibh Uladh;
tráth a-nois dá
nuadhughadh,
dó is cosmhuil a
chumadh.
12 Fear dár
chomhainm Conchubhar,
mac oirdhirc
Fachtna Fáthuigh,
triath na gcuradh
gcomhramhach,
annamh sóisear
nár sháruigh.
13 Téid in cuire
coimhneartmhar,
más fíor a
bhfuighlid scola,
do dhruim fhéile
is oirbheartuis
a seilbh ceannuis
Chlann Rosa.
14 Gérbh é Naoisi
neartchalma
dob óige do
chloinn Uisnioch,
do-chóidh do
dhruim deaghanma
ós cionn na
bhféinneadh bhfuiltioch.
15 Gér tháscmhur
na trénchuraidh
dá mbíodh gach
aoinneach umhal,
clú na sósur
séanamhail
fá dheóidh do
sháruigh tusa.
16 Tú in
t-uaithne dá n-umhluighid
fuil Énna a
n-aimsir troda;
géga na gcrann
gcumhruidhe,
do-níd umhla dá
ttoradh.
17 A lámh is trom
ttiodhlaigthe,
do-bhér dhíbh do
shéd suirghe;
glac rann do
dhruim díoghruisi
ó a mbia ar
gcumann ar cuimhne.
18 Fiú a
luaidhtear dod láinteasdaibh,
a mhic Úna is ard
n-anma,
méd na nduas do
dháiliobhair,
is díbh féin a-tá
a tharbha.