firstLine"; ?>

364. Buaidh thighearna ar thoiseachaibh $
Length: middling 22qq
Certainty: 1
Period:
  1. 15th early
Areas:
  1. Scotland
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. NLS Adv.72/1/37 Bk Dean of Lismore
Prints:
  1. transl. Watson SV no. v
Motifs:
  1. Envoi to patron’s spouse
  2. eulogy of patron’s personal appearance
  3. nobility of patron’s ancestry
  4. mercenary soldiers
  5. king’s officers
  6. Hunting
  7. Board games, gambling
  8. music
Poet Christian Names:
  1. sname only An Fer Dana (Bk Dean)
Poet Surnames:
  1. MacGiollaFhiontog
Patron Christian Names:
  1. Maolcholuim (mac Eoin Duibh)
Patron Surnames:
  1. MacGregor (d. 1440)
Apologue Subclasses:
  1. Fionn and Fianna: their hunting rights etc.
Meter Vars:
  1. Ae freislighe
Poem:

Poem in printable PDF format

Buaidh thighearna ar thaoiseachaibh


[Watson, W. J. Scottish Verse from the Book of the Dean of Lismore (Scottish Gaelic Texts Society, Volume 1, Edinburgh 1937), poem 5, p. 26]


A ughdar so Mac Giolla Fhionntóg, an fear dána


1 Buaidh thighearna ar thóiseachaibh

atá ó thús a gcinidh;

áireómhad dá n-óigfhearaibh

gach aon ara mbraith fisidh.


2 Céad tighearna an tíre-se

Donnchadh Beag fá mór aigneadh,

do fhág mar chuid díleaba

ag Clainn Ghriogóir a ngaisgeadh.


3 Donnchadh mór dá míleadhaibh

athair maoineach Maoil Choluim,

seanathair Eoin fhínfhleadhaigh:

níor gheall chunnradh nár chomhaill.


4 Griogóir deagmhac Donnchadha,

mac uaidh Eoin dob é a oighre;

fear ághasach onchonta

ó Loch taobhsholas Toilbhe.


5 Eoin Dubh an geal Gaoidhealta

mac áirmheach Eoin mheic Ghriogóir,

sealgaire damh ndraoidheachta,

tús gach cogaidh do fhriothóil.


6 Maol Coluim ’gá dheaghchungbháil

aithnid dúinn d’éis a athar

deisgeart Glinne gealUrcháidh,

madh síoth do chách madh cagadh.


7 Atá tús na h-imearta

do Chlainn Ghriogóir ó Ghallaibh;

’gá bhfuil tréidhe tighearna,

grádh sealga agus buaidh ghaisgidh.


8 I n-aimsir Chuinn Chéadchathaigh

do-chuala mé a mhac samhla:

Fionn, níor ghabh ó ghéarlannaibh,

mac Cumhaill na gcreach gcalma.


9 Sealg Éireann ’s a thigheadas

ag mac Cumhaill na gcaoilshleagh;

aoibh níor ghuidh ná tighearnas

ar críochaibh clanna Gaoidheal.


10 D’fhiadh ré linn dá leagfaidhe

ó Chiarraigh go Carn Bhalair,

rogha dhamh na seasraighe

do bhíodh aige ’na aghaidh.


11 Ó Shamhain go Bealltaine

buannacht gach tighe d’fhianaibh;

an t-sealg, fá sógh seabhcaidhe,

aca i n-ionann an fhiadhaigh.


12 Iomdha cíos nach áirmhithe

ag Fionn nó ag fear a thabhaigh;

fiacha Éireann d’áirithe

ar mhac Cumhaill ’na aghaidh.


13 A bhfuaradar d’iongantaibh

fá bhruachaibh gacha buinne

ag sin a bhfuil d’iomarcaidh

Mhaoil Choluim ag mac Muirne.


14 Ní dhearna Fionn fianaidhe

sealg gan sireadh a ceada:

sealg Alban gan fhiafraighe

ag Maol Choluim ’s a creacha.


15 Cungbhálach na coimhshealga

Mac Griogóir as garg daoine;

níor mhionca coin chroidhearga

go longphort Clainne Baoisgne.


16 Líon troda do thóiseachaibh

éirghidh leis i ló catha;

fíor íota ar óirshleaghaibh

’gá lucht tighe san dtachar.


17 Ceannas feadhna is féitheamhnas,

coitcheann is clú dá chineadh,

ar beirn ghaisgidh ghléidhearbhas

Mac Griogóir grádh na bhfileadh.


18 Iomdha ’na chúirt chomhladhaigh

feilm chumhdaigh is colg tana,

ór dearg ar a ndornchoraibh,

airm leómhain Locha hAbha.


19 Coimhsheinm idir cláirseachaibh

i ndún an laoich ’na lámhaibh;

a lucht tighe ó tháipleasaibh

ag dol fá dhubhar gháraidh.


20 Mac Griogóir bos bharrchorcra,

mac Dear-bháil buidhe ó Ghallaibh (?),

aonchora na calmachta,

lámh lér ráinig gach rathbhuaidh.


21 Buaidh féile ré fileadha

inghean Mheic Laghmainn coisnidh;

do mhéadaigh clú a cineadha

ar thiodhlaic a lámh [...]


22 Máire muime ollamhan,

taobh míngheal as maith cuma;

na cliara ’gá commoladh:

corcra a gruaidh ná subha. Buaidh thighearna.