firstLine"; ?>

366. Buailfidh Dia a bhuille baire $
Length: long 43qq
Certainty: 5
Period:
  1. 15th ult
Areas:
  1. Connacht ?
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. TCD 1340 (H.3.19) 16th c. , 17thc. add
Prints:
  1. transl. McKenna, PB O hUiginn, no. 3
Motifs:
  1. the Crucifixion
  2. The Last Judgement
  3. brevity of life
  4. renunciation of the world
  5. disciplining the body
  6. references to siodh
  7. Hurling
Poet Christian Names:
  1. Pilib Bocht (TCD 1340)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Meter Vars:
  1. RannBheag
Poem:

Poem in printable PDF format

Buailfidh Dia a bhuille bháire


[McKenna, Lambert: Philip Bocht Ó hUiginn, Dublin, 1931, poem 3]


1 Buailfidh Dia a bhuille bháire

buille dá nach bia truaighe

a díoth a-tá ’n-ár dtáille

críoch a bháire lá ar Luainne


2 [Ón] bhuille gá mbia torann

ó mbia an cruinne go cumhang

gár mbraithne gidh be an [t-anam]

caithfe a chalann é d’fhulang


3 [Budh é] an bhrathbhuille bhodhbha

brathbhuille Dé fa dhiomdha

truagh an teagh a theagh sealbha

fear deaghla uadh budh iomdha


4 [Bual]adh a bhuille báire

don chruinne is sluaghadh sídhe

ag cora ar gcean i n-úire

núidhe bhfola an cneadh chíghe.


12 Ar dteacht ó bheol na bruithne

tearc dar bh’eol a aithne

do bhí...........................croichne

..........................................


13 Dá bhás gér bh’í ailím

do bhí an grás gá ghabháil

gé do bhí a cheann fan gcoróin

an anóir ..............


14 Do bhí a chinidh i gcunnradh

ó righidh sul do roighneadh

an chroch is í dá haingeadh

uch do tairngeadh .........


15 Do clos gár ghéire galor

[féidhe] na mbos gá mblodhadh

léim gach ailt as a ionadh

cairt fa shiobhal .......


16 An ógh ar fhead a chrochaidh

a brón nír bheag a fhachain

an t-uan do bhí san Bheithil

truagh t’fheithimh.......


17 Sleagh ar a ucht do hinnleadh

an t-ucht geal sul do gaimneadh

a mbarradh i gclí an Choimdheadh

golbhneadh annamh trí dtairngeadh.


18 I n-asgaidh uile dhúinne

an macsain Muire móire

ní thug gá céim as cruaidhe

léim na huaidhe rug róinne.


19 Dá ghaol fa gadhar tathfuinn

tamhan an dá chraobh gcomhchruinn

go rug léim ar leirg Ifrinn

mar dhrithlinn ndeirgréidh rothruim.


20 [Fian] ’n-ar ndeaghaidh mar dhlúithghrís

dá chneadhaibh pian na piancháis

is [iad] tréad fhóid an uathbháis

cóig buancháis déag ón dianpháis.


21 A chúig cáis fa thrí i dtalmhain

do bhi a pháis ’n-a pháis neimhnigh

ar sgeith a rúin dia Domhnaigh

Dia i gcomhraidh dhúinn do dheimhnigh.


22 Corrbhas Dé i ndlaoi fa roilíg

domblas aoi do b’é a shioráib

dá áis do fhill mar fhoighéig

nír roiléig linn páis Pioláid.


23 Mé fa dhochar ó ndearnadh

an crochadh an é a adhbhar

dá bhior na mbas is a bhoinnbhior

ciodh nar fuilngiodh as m’amhghar.


24 Dá ghaol gidh falamh féachadh

anadh dá dtaobh mar táthar

dá ndeach oirn budh sia an saothar

ná traothadh Dia a mhoirn mháthar.


25 An saoghal uam ag anadh

baoghal mása tuar teineadh

dol lem shúil gé do shireadh

cor sligheadh dhúinn a dheireadh.


26 Buinne chorcra na gcneadh robhras

cneadh an ochta gum aimhleas

gan luadh ar chaoi an dá chorrbhas

truagh ’s an domblas aoi ag aighneas


27 A díoghuil oirn [do] eitigh

a fhíonfhuil gan fhoirm peacaidh

achd gidh bé i mbun a locaidh

dul fa lotaibh Dé is deacair.


28 Do thruaill na talmhan dúinne

ar n-uaill is adhbhar gráine

go ceann uidhe na huaidhe

gearr uainne an bhuille bháire.


29 I ló an bhráith budh crioth croidhe

an [bhláith] ’n-a rioth roimhe

ní bhia brat ar a bhuille

Dia agus duine mac Muire.


30 Damhsa ní hadhbhar uaille

adhbhar na masla móire

mairg a-tá ’n-a thruaill tháidhe

lá báire uain na hóighe.


31 [Is í] órfhuil dár dtinnmhe

ar trí clódhaibh dár gcoimhdhe

bídh ag Dia agus a dhaingne

cia an tairnge dhíbh as doimhne.


32 Tréan an bheatha ní buaine

néal ceatha tar a chéile

meas faoi bhar mbuille bháire

sgáile an chruinne is gaoi gréine.


33 A Dhé gá cás as cruaidhe

an grás achd gidh é as úire

má tá a fhíoch id chrú cíghe

do ríne tú [a] dhíoth dhúinne


34 Tarla ar [daghra] óg arsaidh

ród ar gcabhra ná coimsigh

gidh bé an gaol ar an ngeallsain

ceannsaigh mé ar an dtaobh dtoillsin.


35 Féagh ar amhghar an anaim

[fréamh] bhar bhfaghladh ná fulaing

bean a ceilg as an gcolainn

ná lean [orainn fheirg th’ubhaill]


36 Ó tá ar nighe ort d’fhiachaibh

nocht trá bhar ngile ngnáthaigh

tar a Dhé . . . an mhaothfhuil

maothaigh mé ........


37 Do chuid dúthaigh id dheaghaidh

tuig gurab dúthaigh dheimhin

neimhneart do neart gidh doiligh

seacht dtroighidh [d’eidhreacht]....


38 Bhar bpeacaidh féin . . féachaidh

deacair an chéim i gcliathaibh

gan bhréig ná locht do láthair

gnáthaigh a dtéid ort [d’fhiachaibh]


39 Romhaibh ní [brisir] bearna

oraibh [brisidh] do bhiodhbha

.......... chuirp nírsad calma

. . . adhbha an uilc iomdha


40 [Th’] uille ar gach n-olc dá fhoicse

gach uile locht id leithse

breath ’n-a bhreith cháir [an chuidse]

náir duitse bheith fam breithse.


41 Do neart ní héidir d’fhulang

[do] reacht is t’éigin oram

an ná toirche dom thadhall

gabh tharam choidhche a cholann.


42 Ní anfam ar eacht th’umhla

ní tearc [gafann] id ghardha

dlighe a thrú dhínne [diomdha]

tú biodhbha fhíre an anma.


43 Ná bean dom anmain th’anáir

lean ar th’fhaghlaidh a hanuaill

ar an .......................

[r]oibhéim croinn a rí rabhuaill. Buailfidh.