firstLine"; ?>

367. Buaine ina a aois iomradh Taidhg $
Length: long 39qq
Certainty: 5
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA710 (23/H/25) 1783-5 Kerry
  2. RIA258 (23/G/25)M.Og O Longain 1810-
  3. NLI G 99 1812-23
  4. Mayn. M8 Sean O Mulain 1818
Motifs:
  1. imagery to describe patron
  2. youth no impediment to kingship
Poet Christian Names:
  1. Somhairle (RIA 710)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird o Thir Conaill
Patron Christian Names:
  1. Tadhg (mac Domhnaill)
Patron Surnames:
  1. MacConmara
Apologue Subclasses:
  1. Cuchulainn takes arms for the first time
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Buaine ioná a aois iomrádh Taidhg

[RIA 710 (23/H/25), 19r]

Somhairle Mac an Bhaird

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Buaine ina aois iomrádh Thaidhg

téisd ghnáth nach éider [d’]fíorchailg

dar nemghoire a clódh da a cuing

ar shealbhghloine a dháil ndioghuinn.

2 Bíodh go bhfuighedh aois fhoirfe

tiocfa cenn a chriochnaighthe

’s ní théid sí a síorbhuaine ach seal

fíornuaidhe í ina a ainm-sen.

3 Air do shíor ní thabhoir trom

an barr áoisi dá a bhfaghonn

ní chúir sgaith a óige as

a ccaith as móide mharas.

4 Lé Tadhg go hóg do hadhnadh

iomrádh ársuidh iodhanghlan

gá chrithri as síorghloine snas

drithle as bríoghmhoire bheras.

5 Ní guais dó easgar d’fágháil

ferto feile a ionggabháil

sgaith a réimhionn legor lais

gan legadh chéimionn ccadhais.

6 Táirfe an céim-so gan dol de

no go ria a ccenn a chéile

mar fhéithlainn fhuaighios fa fhiodh

fá nuailios trenchrainn timchiol.

7 Géag chúmhra as tighe toradh

meinic é da fholmhughadh

a bhláth as biodhbha don fhiodh

iomdha do chách ’ghá chaithiomh.

8 Gnás shiol Aodha is dúchas dhó

ní thréig Taidhg MacCon Mharo

sé ’na n-aiccecht ’gá fheaghadh

daighchert é dá huirléghadh.

9 Taighlidh menma meic Áine

an tan-so a rún robhaidhe

raon a ghaoilshlechta ós é a am

se ag aoindecra ní anann.

10 Do éisd a sgeala ó sgoloibh

a cclú a n-einech anmomhoil

fios eachtra is fedhma na bhfer

fedhna ar ar decra diden.

11 Buaidh gach iorghoile ag dul do

d’eighréacht shuthain shil Aodha

d’oirbhert na préimhe féghoidh

’s réidhe a ttoirbhert taisbhénaidh.

12 Ar shéan uaire téid ar tús

da thionnsgnamh as é a iomthus

ó thárla dho mar derar

a ró anma d’foillsiughadh.

13 Dar let do thaoibh a ttárla

do rádh fellsamh fhóghlumda

mar fhios n-amhra da gruadh ghlan

uair a tharbha do thionnsgnamh.

14 Gidh bé o bhfuair aithnes

taighli ní taom mearaighthe

gan siordhocra an t-am is fearr

fíormolta an tann fá ttaighlenn.

15 Ferr iona gach am éile

an t-am-so fuair d’áiridhe

fada a-nonn ái[th]risdior air

[um] fonn ccl(i)aichshlisttiogh cCriomhtain.

16 [Fe?]idhme an iomraidh san am-so

gabhuidh ní cíall codarsna

gríobh Aichle dan cosmhoil céim

cosnaidh da aithle ei-séin.

17 [F?]ada ar cuimhne ag feraibh fis

gnaoi a bharamhla as áil d’aithris

ar an t[í?] ársuidh n-iomraidh

cosmhoil í mur eisomlair.

18 [Do-chuala an?] Chú Choloinn

Cathfuidh d’áinios uraghoill

[......]il [druadh?] dar ghlainlen gnaoi

ag luadh airghen an aonlaoi.

19 “[Fíos?] a ccanoir a Chathfuidh”

ar Cú an ghaisge[idh] ghníomharthuigh

“[a fhionn?]achtoin dob áil linn

doigh nach iomarcuigh fhuighlim.”

20 “[...]ghim diot a dhamhna

o fuairsiom úain t’agallmha

[inis?] sgéala an laoi ar ar les

draoi dom éara ní hoirches.”

21 “[...] lá [...] tar lá eile

measoim a mheic Deichthéine

do rei[ir?] mh’e(a)oil iolbhuadha air

na sgeoil grionnbhuana gremaigh.”

22 “[Gi?]idh bé ógmhac d’f[h]iath Fhuinidh

ghabhus arm da ionsoighidh

san ló-so ba buan ar bail

a luadh mun ccró-sa cCriomhthain(n).”

23 “A shaoghal budh diombuan de” [19v]

ar Catfuidh cenn na cléire

“beó gach laoi a chlú ní chéilim

a-niú” ar an draoi “deimhnighim.”

24 “Ós déimhin a ndubhruis ruinn

a Chathfuidh” ar Cú Choiluinn

“rogha n-airm geabhad iom ghlaic

is béarad (ar) ainm ’na éiraic.”

25 Gabhuidh sin ar séan uaire

rug an rogha as róbhuaine

arm laoich an lá-sin ’na láimh

gur fhásoigh maoith an mhacáimh.

26 Tugsad a ttuargnedh thresa

do ghnáth gan chuid ccoimesa

fá chlár seng bhfeirdhillidh bhF[l]oinn

geall don éinmhílidh fhoirtoill.

27 Iomradh Chon na ccles ccalma

níor an san méidh mesarrdha

do chaoimhleth ’s gach éining as

ar aoinleth d’Éirinn anas.

28 Beag nach inmheda is é a shuím

bríogh an sgeoil so Chon (c)Coluinn

dár thuar ainm iona ainm bunuidh

rédh ghairm bhuain ar bharamhoil.

29 Tugois a Thaidhg meic Domhnaill

la bur n-iomraidh d’fíorfhoghloim

úidh do chrechtChoín chráoi Logha

do bháoi ar cheatfoidh Chathfodha.

30 Fada as-tech ad thuinn mhenmon

’na suidér aith oire[gh]dha

nar écc fós Cú na ccuradh

’sa chlú bhós ar bethughadh.

31 Dá ní ad dheghuidh is mó mes

tarra a Thaidhg rádh gan ainches

ar ghnás Cho(i)n an airm fhuiltigh

sbairn is to(i)l do thiodhluicthibh.

32 Rún éinigh Chon na c(h)erdcha

tárrais gan fáth n-imdhergtha

air sin do-chóidh bur ccumus

fár chóir ibh a n-ionunnus.

33 A Chú Choluinn chlann Aodha

a rún feithmhech forraonna

adhraig chonfoidh go ngrain ngleoidh

a bháidh nach faghthoir d’aimhdheoin.

34 Mar shéad fine fúicfidh sibh

ag siol Aodha a fhlaith Luimnigh

bur n-ainm gach tráith gan teimhiol

budh gairm ghnáth dá ngéillfhidher.

35 A úa Cormaic Cais chreachoigh

a ua Éanda fhírbhrethuigh

fir ’sa ríoghbháidh réir oile

a phríobhdhóigh dhil Dhonngoile.

36 A ua Conghais tréin tírigh

gar ghnath cerda caithmhílidh

a gheall ré Ferghal na bhfledh

do thenn ré senmhagh Sáingeal.

37 A ghríobh Eachtghe an fheroinn te

a bhrec lúith Locha Gréine

a eó Sionna a éisg is ferr

a ghiolla léir éisd Aoibhell.

38 A bhailg d’iochroibh an Fhorgais

a uain Seghsa séghonnglais

a eoin d’ealta Chinn Choradh

a chinn eachtra na n-ealadhan.

39 A dhíon bur bpréimhe ar pudhar

a chladh timchill Tuadhmhumhan

a fhíoch nach tráigh re tirmghoil

a shioth chaigh nó a ccaith[iorghail?].

40 Gach aon da aithne oroibh

a mhic Áine árdbhladhoigh

gor léig euch [leg. cách?] breith a m[b]uaighe

ad leigh [leg. -th?] gan fhath n-anbhuai[ne?]. Buaine...