firstLine"; ?>

368. Buaine na beatha bas De $
Length: middling 28qq
Certainty: 0
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. TCD 1340 (H.3.19) 16th c., 17thc. add
Prints:
  1. transl. McKenna Aithd. Dana no. 86
Motifs:
  1. imagery for God or Christ
  2. role of BVM
  3. Christ as kinsman, BVM as kinswoman
  4. the Crucifixion
  5. Resurrection
  6. renunciation of the world
  7. use of legal terms
Meter Vars:
  1. RannMhor
Poem:

Poem in printable PDF format

Buaine ná beatha bás Dé


[McKenna, L.: Aithdioghluim Dána (Irish Texts Society, vols 37, 40, 1939/40), poem 86]


1 Buaine ná beatha bás Dé,

a ghrás ag leatha gach laoi;

guin a chíghe gér cás é

sé líne ar a bhás do bhaoi.


2 Is é a bhás as bheatha dhúinn

mar lán ag leatha fa thír,

téid a thréad i n-aoinfheachd uaidh;

dá éag fhuair ar ndraoidheachd dínn.


3 Ní bás ’n-a fholtaibh féin fuair,

an ochtghuin ní hé do thúir,

do ghuin an croidhe coir cáigh,

do bháidh soin an oile i n-úir.


4 Téid d’éag is do éirigh slán

ón éigsin gan chréachd ar gcúl;

gar beatha do bhás an Ríogh

dá shíol mar fhás eatha a húr.


5 Dia Domhnaigh ag dul ’n-ar gceann

gé thorchuir i gcroich dar gcionn,

dar leat nír leon bais ná bonn,

gur sheol a-nonn ar ais ionn.


6 Tug eitil i gcoinne cháigh

gan leigheas troighigh ná taoibh;

nír leath tásg th’eidhir ón uaigh

[go] bhfuair deimhin grásd a ghaoil.


7 Cath ar tóir mbiodhbhadh gur bhris

iongnadh mór nachar mhór lais

bior ’n-a throighibh bior ’n-a bhois

cion re cois th’oidhir ar ais.


8 Dá mbeadh gan ghoin troighigh thrínn

gan chroidhe do lot gan láimh,

ar chaoi an ógh ’s a hoidhre i n-uaigh

nach lór uainn do choimhdhe cáigh?


9 Íoc a chneadh más é do b’ál

ní dhíol mé ar a meas go saor;

cá híoc budh breath i mbás ríogh

dá mbeath gur dhíol grás a ghaol.


10 Cá héiric ann nach íoc uainn

dámadh éidir íoc i rígh?

ar mbuain a hoidhir don óigh

doighir bhróin do-chuaidh ’n-a cígh.


11 Bheith [don] óigh ag lorg do lot

nó bheith re cóir san gcrann mbrioc

mar budh eadh gomadh ál lat

a fear ’s a mac do rádh riot.


12 Baoghal duit dá n-agra an óigh

gin go dtig tagra re rígh

sliochd déar na hóighe ar an uaigh

do bhuain fhréamh do chóire [ó a] chígh.


13 Ar saoradh dod ghoinse ó ghuais

baoghal nach fuighe achd ’n-a fís;

mo chroidhe ní fhuighbhe d’áis

dá bhfuilnge an pháis roimhe a-rís.


14 Saobh fleadh nach féadthar do dhíol

’s nach géabhthar an fhleadh gan lógh;

ní haisgidh len ngeabh do ghníomh

do fhleadh ríogh i n-aisgidh d’ól.


15 Ar gcur mh’anma ar mh’ionchuibh féin

- iongnadh nach amhlaidh budh cóir -

do shaoil th’eidhir uaim ar sídh;

bídh uair nach deimhin an dóigh.


16 Iomdha a dtáille ag teacht im luing

- ceart biodhbhaidh do rádha rinn -

cion do sháruigh cionta an chroinn;

iompa do choill Ádhuimh inn.


17 Nír í a mheanma dearadh dhúnn;

dá ngealla nach geabha ar lámh?

ó ar mbráthair ní bhia gan lógh

ógh is máthair ria dá rádh.


18 Muna fhuil ceart ag óigh air

a neart tar an gcóir do chuir;

más lé trian toighe ar a toil

ní bhiam i dtoigh Mhoire a-muigh.


19 An anóir do-gheibhe dá gaol

anóir nach leigthe fa lár;

ó tá gur dhíol uirre an ógh

is mór buime ríogh re rádh.


20 Maith chreidim a teachd dá thaoibh

a ceart gin go ndlighim dóigh

ní leigfe a ghrás a ghaol uaidh

an chaor bhuaidh do fhás ón óigh.


21 Gan déanamh grás ní gheibh sí

asaidh sin ’s a héanmhac é;

munab ógh mar gach óigh í

an chóir, a rí, ní lór lé.


22 Ar shaor sin don uile as fhiu

gaol do bhuime do bheith rú;

ceart ar óigh dá n-agra Dia

cia dar cóir ar dtagra achd tú?


23 Tu do dhorchuigh roth na rann,

tú thorchuir i gcroich dar gcionn,

tú thug a dhearca don Doll,

’s rug a-nonn ar eachtra ionn.


24 Tú dar n-éisne id bheathaidh bhias,

tú mhaireas is mhéaras fós;

gidh nuaidhe a-nú neart do ghrás

tú do fhás re dteachd ar dtós.


25 Tú réadla oireaghdha an eoil

tú ar n-éasga soineanta sídh;

tú as ciall i n-ar chan an fáidh;

ní náir damh do riar mar rígh.


26 Tú an bás is an bheatha nua

is tú theasda ’s a-tá beo,

tú fa rí suil rugadh dhí

tú tugadh i gclí gan cheo.


27 Táinig díot - gá gloine gréas! -

a fhíon táille an toighe tuas

buaine ná beatha do bhás

fás go nuaidhe seacha suas.


28 Ní beatha gan bhrón ’n-a diaidh

glóir a teasbhaigh don té fhuair;

ní aithneam nach eachair bhróin

glóir aithghearr ar bheathaidh bhuain. Buaine.