Poem in printable PDF format
Buime na héigse
Art Óg
[Ó Donnchadha, T.
Leabhar Cloinne Aodha Buidhe, Dublin, 1931, poem 39]
Lughaidh, mac
Ruaidhrí Dhuibh Í Eachaidhéin cc.
1 Buime na héigsi
Art Óg;
baoghlach liom é
don Artód,
leaca ghlantrom
is gruaidh the,
a bhfuair
d’altrom na héigse.
2 Mac meic Briain
nach brisedh mionn
buime éigios
fhóid Éirionn;
gidh maith an
forainm fuair Art,
roshnaidhm do
chuaidh ós cumhacht.
3 An ceudlá do
canadh ris
gurbhé buime an
uird éigis,
fúigfe an lása é
’na Art,
acht grása Dé ’s
a dhaonnacht.
4 Ní cluiche
sugartha sin,
buime éiges guirt
Ghaoidhil;
mó as cruaidh
thrá ina thaidhbhsi
an lá fúair an
forainmsi.
5 Dámadh leis ó
mhuir go muir
da gach taobh do
Thrian Conghoil,
mó congháir na
héigsi dh’Art
’ná an mhéidsi
d’fhoghbháil d’umhlacht.
6 Tuitfidh leo nó
léigfidh dhe;
cúis bháis altrom
na héigse;
cur re a
ndocroibh, dáil doghra
táin go
bhfocluibh foghlomdha.
7 Maith chreidim
nach gcualaidh Art
tromdháimh Guaire
i gcrich Connacht
fán aithchléir
nárbh egal lais
nó caithréim
dreagan Durlais.
8 Tromdháimh
Éirionn leath ar leath
gluaister leo a
los a n-ainbhreth
go teach Ghuaire,
acht gér ghníomh tenn
da ndíol uaidhe
gan fhoirchenn.
9 Faoilidh rompa
gnúis Guaire
feadh a ré mur
fher éanúaire;
re dreich
ndualoigh fá serg sriobh
gérbh uamhain
ferg na bhfiledh.
10 Dob í freagra
gach fir dhíobh
re faicsin
aighthe an airdríogh
bíodh nár
dhaighriaghail don dáimh
a ndíol
d’ainmhianaibh d’fhagháil.
11 Nír shirsiod
dáil da dhocra
nach fríoth go
fiú a chomhochta
acht gér dhoiligh
í d’fhagháil,
ar tí a oinigh
d’iongabháil.
12 Each
cnesghorrn fa cúilfhionn barr
’s cosa fionna
aga fulang
do mhianaibh mná
Seancháin sin
acht gér
nemhcháir thrá an toilsin.
13 Mian eile
fhuair mun amsin,
sméra dubha i
ndoaimsir,
dob fhearr blas
agus boladh;
a teann as ag
ardughadh.
14 A ndíol do
mhuic fhirinn fhinn
nach bérthar bhós
go dílinn
do thorc nach
rugadh roimhe,
da pubal olc
iudoighe.
15 I ndóigh nach
biadh thiar ná thoir
semróga an mhaide
mhullaigh,
nír iarr acht
neach gan náire,
mian le teach na
tromdháimhe.
16 D’fhios a
ghiolla i nGlionn an Sgáil
gluaisios Guaire
mac Colmaín,
gairm nárbh
adhnár da fhine,
darbh ainm
Marbhán muicidhe.
17 Eugaoines ris
lámh do láimh
a mhíana troma ón
tromdháimh,
crú a aighthe ’s
a ghnaoi ’na ghioll,
’s do bhaoi ga
n-aithne ós ísioll.
18 “Ná trághadh
do thonn mheanma,”
ar Marbhán,
“thrá, a thigherna;
tes t’fhuile do
bhérsa a broid;
do ghéubhsa uile
a n-iarroid.”
19 Tógbhus Gúaire
an ghnúis chorcra,
go Dia um dhíon a
hadhanta
rug a bhuidhe,
breath na ndruadh,
a dhreach uile
gur fhionnfhúar.
20 Dá mbeith
gleann mur Ghleann an Sgáil
láimh re hArt Óg
mac Seaáin,
i measg fhian
lannbhán Line,
’na mbiadh
Marbhán muicidhe!
21 Ó nach fhuil,
eaguil liomsa
bheith d’Art Óg
san éigionsa;
trom sgoile a
fódmhuigh na bhFionn
dob oire ar
ógbhaidh Éirionn.
22 D’Art mac
Seaáin do mhes mé
gan ched gcreach
gan chíos tíre
créd acht ró na
bhfert bhféile
techt dó tar ar
ndoimhéinne.
23 Nior chás liom
dá léigthí lais
páirt do chreich
Cairrge Ferghais
do chur thart um
brúach Banna,
go madh luath Art
ettorra.
24 Dá léigthí
d’Art uair eile
creach Dhúin, tar
a dhaoineighe ,
do roinn ’s gach
taobh don Tulaigh
ar dhroing do
fhaomh ealadhain.
25 Dá léigthi
d’Art siar ná soir
do nós slechta
Bríain Bhallaigh
ó bhun Banna go
hIobhar
gan dul alla ó
éignioghadh.
26 Ó Iubhar na
n-inbher nglan
go doirrsibh
Glinn Con Cadhan
dá mbé cead
imdhechta ag Art
inghealta ónár
bheg beodhacht.
27 Ó Shliabh
gCallann don taobh thúaidh
go hEas Craoibhe
an fhóid fhionnfhuair
ó’r smacht mun
budh suaimhneach sin
nirbh uaimhneach
d’Art ó éigsibh.
28 Dá dteagmhadh
bhós ga bhais bháin
cead cuartoighthe
chlann gCatháin,
’s gabháil thart
re taobh gcalaidh,
badh saor Art ó
ánradhaibh.
29 Ag Art Óg, mar
a aithre,
dá mbeith cead a
gcuartaighthe
Dún an Aonuigh,
Uaimh an Deirg,
saoraidh a
ghruaidh mur ghlainleirg.
30 Ó Uaimh an
Deirg, mheic Dremhain,
dá mbé ag Art go
haithreamhail
sirthe ar gach
leith taobh le tráigh
nír shaor do
chreich an Chorráin.
31 Ó nach bhfuil
cíos ga chruth glan
ón Oilén ó Ard
Uladh,
um Loch Cuain, um
lionnloch Laoigh,
a ghruaidh
d’ionnlach dob anaoíbh.
32 Ó Loch Laoigh
go Dún Droma
na coillte do
chíu ettorra
dá mbé tol a
n-airgthe ag Art
nír thairgthe cor
re a chomhacht.
33 Caithfidh sé
aigneadh aireach;
an cháruid ’san
comhaidheach
legaid siar a
uille ar Art;
fial gach buime
tar bhochtacht.
34 Méd ainbhreath
na héigsi ar Art,
tréna ríomh dóibh
fa dhánacht;
tiocfaidh am bhus
aithreach dhi
clann nach
maithfeach da mbuime. BUIME
35 Cosmhuil
d’inghin Í Eadhra
géag nua d’fhiodh
a hoileamhna
cia don ghéigsi
do bhen barr
fa sheal don
éigsi d’altrom?
36 Gidh eadh, is
guais do Ghráinne
altrom trín na
tromdháimhe
mur chuid mná
d’fhagháil ó Art
d’anáir gé tá ’na
tochmharc.
37 Iomchóraidh
d’fhocluibh bega
ruisg chiuine mur
choirrleaga
cnes
saoirfhinngheal ón tearc toil
ar chlecht
caoimhinghean Cathoil. B.u.i.m.e.n.a.h.é.i.g.s.i. &c.