firstLine"; ?>

375. Buime trir mathair Mhic De $
Length: short 12qq
Certainty: 5
Period:
  1. 13th early
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. NLI G992 (Nugent MS) c. 1577
  2. RIA1 (23/D/14) 17th c. Co. Offaly?
  3. RIA 546 (23/K/36) M. MacThaly 1704
  4. NLI G127 R. Tipper 1713-15
  5. Mayn. B 2 1776-8
Prints:
  1. transl. Timth.Chr. N.I. viii (1918), iv
  2. text DiD 9
Motifs:
  1. imagery for God or Christ
  2. the Trinity
  3. role of BVM
  4. use of legal terms
  5. Childhood, education, fosterage
Poet Christian Names:
  1. Donnchadh Mor NLI G992, RIA 1, 546, G127
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh
Patron Christian Names:
  1. Trinity
Patron Surnames:
  1. saint
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Buime trír máthair mhic Dé


[Mac Cionnaith, L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 9]


Donnchadh Mór Ó Dálaigh .cct.


1 Buime trír máthair mhic Dé;

go roibh linn i ló an fhínné

a radhalta [an] rí neamhdha

banaltra thrí dtighearna.


2 A n-altrom nír dheacair dhí

trí branáin chláir na cruinne

aobhdha an triar a trí dhalta

dá riar do bhí an bhanaltra.


3 Buime an trír-sin Muire mhór

dá n-altrom do bhí an bhanógh

triur i n-aoncholainn amh-áin

nó gur aonchrobhaing [anbháil]


4 Ag inghin an fhuilt leabhair

maith do uair a oileamhain

a hathair i n-ucht Mhuire

athaidh i gcurp cholluidhe.


5 An mac do b’fheirr-de i-se

dá oileamhain aicei-se;

an rí caránta ar a cígh

baránta í don airdrígh.


6 An treas cnú don chrobhaing ghlan

teachtaire a hucht an Athar

fa hé [a] ionad a huicht-se

Spiorad Dé ar a diadhaicht-se


7 Toircheas na hóighe is é an fáidh

aice do fhuair a thógbháil;

ag so an tí do fhóir orainn

trí cno óir a haonchrobhaing.


8 Triur as ghoire gaol di-se,

triur do hoileadh aicei-se,

trí leannáin ler luigh Muire

beangáin fhuil a haonmhuine.


9 Triur i n-a dtrí daltaibh dhi

trí meic ochta na hóighe;

gach rí dhíbh ruinn-ne dá roinn

trí rígh na cruinne an chrobhuing.


10 Trí heochracha mhúir Muire,

trí tobair na trócuire,

rí ’n-a aonduine ós gach fhior,

trí aoghuire dom fheitheamh.


11 Trí dhalta Mhuire móire

toircheas bronn na banóighe;

an tí tharla ar úidh gach fhir

trí gabhla dhúin an Dúilimh.


12 An triur-soin ón tigh neamhdha

an Tríonóid, ar dtighearna;

neach do bhí ’n-a bhráthair di

is í a mháthair ’s a mhuime. Buime