Poem in printable PDF format
Cá méad gabhál
fhuair Éire?
[‘O’Clery
genealogies’, Analectica Hibernica 18, 1951, 169-72]
1 Ga méd ngabhal
fuair Ére
lenamm
d’iul gach áeinreimhe
dul da riom as
dlighedh damh
an lion cinedh
ler cosnadh.
2 Cedghabhail
tanic is-tir
tri
caoiminghena Caiín
mas gabhail í gen
gurb eadh
si nochan
f[h]urail d’aireamh.
3 Triar iasgaire
da éis soin
tar muir le
h-eigen n-anfoidh
tanuicc go fíadh
fionnglan Fáil
triar dob
iongnadh da fhágbháil.
4 Ceasair is
Fionntain fuair bladh
tangatar
toiscc dob iongnadh
fo dhaigh an
achaid dob fherr
athaid re
ndáil na díleand.
5 I ccrich Fhodla
an fhochain gloin
tig Partholon
d’eis Fhiondtoin
Neimedh a
ndeóidh na druinge
ni deiredh
eóil aguinne.
6 Fir bolg arís
ni rían mion
do ghab
Erinn d’eis Neimedh
is tuath Dé na
ndeadhaidh soin
as meabhair é re
h-eolchaibh.
7 Ni airmhim fine
Fomhra
drong
aithnid allmhordha
an gabail nachar
ghabh greim
acht car anshoidh
ar Erind.
8 Clanna
Miledh is mo glonn
rug ó
thúathaibh Dé danond
cendus
tire fódghloin Fáil
an ógbhoidh fhíre
a hEaspáin.
9 Ar crich
Fodla ga ferr cairt
gabail Muiris
mic Gerailt
geall úaim nochan
f[h]urail di
gabhail as fherr
fhuair Érí.
10 In iath
Erenn da éis sin
dob iomdha séula
suaithnidh
gan aontolaigh i
clár Cuinn
nach lán
d’aoltoraibh aguinn.
11 Nír ghabh
aóinrí riamh roimhe
dar f[h]uaigh
inis Laeghoire
ar gheabh an
uairsin re a ais
fer do uaisligh
an eacclais.
12 Coicc bliadna
fichet fuair nós
i nErind dob é a
iomthós
go bfuair bas nocha brécc
dhamh
a ecc do
badh cás cumhadh.
13 Ionadh an righ
ni reim dis
gabhais Gearuilt
mac Muiris
i ccathaib
gur fhuaigh an eing
nochan f[h]úair
athaidh d’Erinn.
14 Da bliadain
décc deimhin soin
triocha
bliadain do bliadnoibh
gan a dheighfhios
nir dligh me
ag sin
reimhios a ríghe.
15 Seilbh
coimhéda insi hAirt
gabhais Muiris
mac Gerailt
ar a sgath do bhi
an Banba
do-chi cach a
chomhardha.
16 Caocca bliadan
as becht lind
dobadh
giustis é ar Erinn
nir chuir so an
saoghal i sedh
a naomadh do fa
dheiredh.
17 Ocht mbliadna
a n-ait a athar
Tomas mór gan
merachadh
da aithribh nó
uadha a-le
ni chuala a
aithghin d’oidhre.
18 D’éis Tomais
nar eitigh fer
ágh Seaain ar
gort Gaeidheal
ceithre bliadna
do bi a smacht
ca ni as diamra
ndubart.
19 Seaan is
Muiris a mhac
tú it aonar d’eis
na saorslat
frith mar soin a
Ére th’fhaill
tre ghoin
do chele i Callainn.
20 Do bi an
tir-si fa ttug laimh
oidhre Muiris
mic Seaain
diamhair fhiocha
mar do fhás
da bliadain
triocha ag Tómás.
21 Tar éis Tomais
tuar báidhe
do Muiris fhoid
f[h]ionnmháighe
riaghla nar
coilledh re cloind
do-roindedh iarla
agaoinn.
22 Ar
Erind i n-ionadh riogh
gor chabhair í ar
gach n-imshníomh
do bi an
t-Iarla ag techta i troitt
tri
bliadna certa ar chaoccoitt.
23 Tug tar eis an
Iárla moir
ar a mhac moide
an onoir
aentogha ler
gheabh an gort
nar ben aontomha
an iárlocht.
24 An iárlacht
tar eis Muiris
re Muiris ócc
aóntuighis
da bliadain do bí
na leith
gan ni
d’iarradh le h-ainbhreith.
25 Gearoitt iárla
nár fhaomh geis
san iarlacht tar
eis Muiris
do len an rí an
reachtt roime
do bi a theacht i
tarrngoire.
26 Da n-aireamh
ós edh rachatt
bliadain
re cois cethrachat
do bi a thren i
muigh Muman
scél ara bfuil
fíadhnugadh.
27 Do ghabh Seaan
san aois óig
an iarlacht tar
eis Geróitt
ni fhuair as é
’na íarla
do ré acht uain
aoinbliadna.
28 Tomas iárla
nar dhiult dáimh
san iarlacht
tár eis Seaain
fiche
bliadain búan a smacht
riagail
uadh ar an iarlacht.
29 Semus
mac Geroitt do ghabh
co h-iomlán
iarlacht Mumhan
leim tar tí tucc
ó tossaigh
co rug sí ar an
Sémossoin.
30 Do shlán a
aithghin d’faghbháil
a fhir le na
h-áil iomarbaigh
tairis sin do
ríaghla rind
do righ nó
d’iárla i nÉrind.
31 Da fichit
blíadhain bunaidh
da
bliadain do ar Deasmumhain
cain gach tíre do
thabhaigh
i righe saimh
siodhamhail.
32 Do ghabh Tómas
tanic lais
an iarlacht tar
eis Semais
cuig bliadna do
bí ar a iocht
fa ri is fa
h-íarla i n-einfhecht.
33 .Uii.
mbliadna fa borb an pais
don iarlacht tar
éis Tómáis
mar braghait do
bi i nglas
no go ranaig sí
Semas.
34 Sémus íarla na
ionadh
mo-chin uadh don
aithsiobhal
ni fhuair í an
ceidsheal le cert
do-ní eiccen fan
oidhrecht.
35 Gibe aca lenab
ail
roinn [a]
eidhreachta d’fhaghail
an ré lán asé
Semos
a shlán fan té
thaigeros.
36 Ni fuighthi ag
eolcaibh oile
d’éccsibh insi
Ughoine
gibe diobh budh
diamhra fios
an lion iarla do
airmhios.
37 As í ar
mbreath fa deiredh di
an lion gabhal
fhuair Éri
geall fa dheoidh
ag gabhail Gall
ar faghail
gach eóil agam. Ga mét.