Poem in printable PDF format
Cá síoth don
cheol do-chuala?
[Cuthbert
McGrath, O.F.M., ‘Two Skilful Musicians’, Éigse 7,
84-94]
Maolmhuire
Mhac an Bhaird cc.
1 Cá sí[o]th don
chéol do-chuala?
cía don
mhacroidh mhí[o]nchuanna
síothuighe lé
sóidh a sheinm
don ríochuire ó
Bhóin[n] bhraoinmheirbh?
2 Ag Fionnbharr
mhór Meadha Siúil
frí[o]th
an t-aoighe téad [d]taidhiúir;
nó [i]s i sí[o]th
leabhairthe Lir
frí[o]th
an neamhaithne núai-sin.
3 I mbrugh
Aónghusa Alcmhuir
nó i síth
oirdhirc Ábhartuigh,
do réir
mh’fheasa, frí[o]th an fonn,
nó i síth Easa
Da Égonn.
4 Dar leat tug an
té do shinn
- beag an
t-iongnadh nach aithnim -
an céol
mear fortuil falláin
seal ar
mhacraidh Manannáin.
5 Nioclás Dall
nach dall croidhe
do sheinm so ’s
ní síodhuighe;
ní foighthe fear
a leanta
’san
choilche mear múiseac[dh]a.
6 Croidhe
líonmhar nach lean gnás:
fa chách do
chuaidh ó Nioclás;
gég ó sgáoil
dlúithfhrémh dhosach
a
lúithmhéar caoín, cumusach.
7 Tairm buinne ré
béim trachta
nó lúas gaoíthe
gealmhárta
lúth a mheoír
fhíorcháoin fhortuil,
ar
shíothchraóibh chéoil chumhochtuigh.
8 Céol súain
ógbhan ré n-iodhnuibh;
guth cúach
feadha finniobhraigh;
dord fíansa
flaithfhéinnidh Breagh;
síansa ó
n-aithéirigh aigneadh.
9 Dar leat
tug treall dá aimsir,
ag
iarraidh [na] n-adhbhainn-sin,
ag Aóibhill nó i
mín Mháighe,
nó i sídh
aóibhinn fhionnÁine.
10 Nó isé an céol
ler chealg Cearbhall
Farbhlaidh
fhéta, aisdiormhall,
ó
sheanAlbain na n-eas tte,
teas go
beannardaibh Bhoirne.
11 Nó isé so an
síansa síthe
lér chealg
Fearghus foiltfhíthe
Baillghil, do
bhrígh na seanma
ó rígh
ainghidh éachtTeamhra.
12 Ní neach dá
n-abraim uile
-fearr mar
tá - acht dúil daonnuidhe -
a[d]-chlos linn -
is leódh meanman -
do shinn an céol
crithirhglan.
13 Seinm Niocláis
na ccor cciníl
- más fíor,
do-chluin Caitilín -
is faoidh
bhinn a béoil tana
dá rinn
cheoil a ccomhragha.
14 Téighim
d’urra ar a dreich nduinn
fá beith ar
bhuidhin Chonuill
fa a n-iarrfa go
ttí asttoigh,
mo
bhríathra dhí achd go ndearbhthair. Cá síth
don cheol