Poem in printable PDF format
A chrích Chéir
mhic Fhearghusa
[Mac Niocaill,
Gearóid: Duanaire Ghearóid Iarla (Studia Hibernica, 3, 1963,
7ff.), poem 28)]
1 A chrích Chéir
mhic Fhearghusa,
acht giodh lór
th’aoibhne damsa
is mó atá mo
mheanmasa
i gcrích Ua
gConaill Ghabhra.
2 Gion go
ndéanaim coisidheacht,
gion gub olc mo
lucht comainn,
ní lughaide
m’fhoidigheacht
ag fágbháil
chríche Uí Chonaill.
3 Gan fhuireacht
do bhádhas-sa
gérbh olc, gér
mhaith a mhana,
siar-sin nó go
ránagsa
go Tráigh Lí na
long bhfada. A.
4
.................. fá robhas-sa
agus fa mbím go
gnáthach
gé do bheath dom
chomas-sa
agus mé i nDún
Ruis Árach. A.
5 Mac Cormaic do
charas-sa
’s do char mhé
seach gach duine;
Diarmaid mar do
thobhas-sa
go dtobha é mac
Muire. A.
6 Ua Duibhne, ar
nDiarmaid-ne,
ris nach
gcuireadh Fionn fáilte,
i
bhfiaidhghleanntaibh Chiarraidhe
fa mian leis
bheith, is Gráinne. A.
7.... ..... ar
gcaomhnai-ne,
a ua Anna na
gcaomhshlat,
go dtí dhíot, a
shaorMhuire,
mo bhreith mar a
bhfuil t’aonmhac. A.