Poem in printable PDF format
Cá talamh duit, a
bhráthair?
[Knott, E.:
The Bardic poems of Tadhg Dall Ó hUiginn, Irish Texts
Society 22-23 (1922, 1926), poem 38]
1 Ca talamh duit,
a bhráthair?
dona grásuibh
bheith umhal;
innis sgéala gan
aincheas,
nách beam i
n-ainbhfeas umad.
2 An cuid dod
riaghail chrábhaidh?
léara, a
bhráthair, is innis -
créad tug do
bhróga fallán,
is h’atán do
bheith brisde?
3 D’éis ar
shiubhlais do roide,
a bhráthair
choisflich chalma,
iongnadh leam
gloine t’asán,
is h’atán lán do
shalchar.
4 An raibhe id
riaghail chrábhaidh,
a bhráthair ó
chrích Connacht,
cruas do bhróg
agus t’asán,
is h’atán do
bheith robhog?
5 Dar leam ní
fhaicim éanlocht
ar t’éadach fada
fallán,
a bhráthair
chroidhe cheóilbhinn,
acht nách fiú
feóirling h’atán.
6 Idir chóta agus
chaipín,
idir aibíd is
asán,
tar gach éanchuid
dod chuladh
ní maith do
cumadh h’atán.
7 Ní dot aibíd
atámuid,
a bhráthair as
díol masán,
féach id dhiaidh
is féach romhad,
mar tá brollach
ar hatán.
8 Th’atán, a
mhacaoimh léighinn,
gi bé i nÉirinn
ór gadadh,
ní hatán duine
dhílis
bhíos dá shírreic
i bhfalach.
9 Ní hé a chuma
go lochtach,
ní hé olcus a
dhatha,
tug gan a dhíol
san Chabhán,
acht é ’na atán
ghada.
10 Beith ’ga
bhélreic, a bhráthair,
is tríd tánaig do
mhilleadh;
baile so i
ndéantar nathán:
“mairg tug hatán
go Sligeach.”
11 Fulang gada
do bhráthair
ní do ghnáthaibh
an Iarla;
dá seóltar tú ’na
dhathán
biaidh an t-atán
go riabhach.
12 Maith do léine
agus h’ionar,
deas do shiobhal
ar chlachán,
’s is áluinn fós
do mhatal,
’s is olc ghabhus
tú h’atán.
13 Créad do-bheir
th’aibíd goirid,
’s th’fhalluing
go noige do shálaibh,
agus h’atán
fliuch fada,
ca talamh duit, a
bhráthair?