firstLine"; ?>

385. Cairt a siothchana ag siol Adhaimh $
Length: long 32qq
Certainty: 4
Period:
  1. 15th mid
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. TCD 1318 (H.2.16) pseudo�YBL� 15thc.
  2. Francisc. Lib. A 6 15th c. ?
  3. NLS Adv.72/1/37 Bk of Dean of Lismore
  4. Bruss. Bib.roy. 20,978-9 1616-18
  5. Book of O’Conor Don 1631
Prints:
  1. transl. Dan De no. iii
Motifs:
  1. Imagery for cross
  2. the Crucifixion
  3. The True Cross (its wood distributed etc.)
  4. use of legal terms
Poet Christian Names:
  1. Tadhg Og (TCD 1318)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Apologue Subclasses:
  1. Invention of the Holy Cross by Helena
Meter Vars:
  1. seadhna
Poem:

Poem in printable PDF format

Cairt a síothchåna ag síol Ádhaimh


[McKenna, L.: DĂĄn DĂ©: The poems of Donnchadh MĂłr Ó DĂĄlaigh, and the religious poems in the duanaire of the Yellow Book of Lecan, Dublin, 1922, poem 3]


Tadhg Óg Ó hUiginn

1 Cairt a síothchåna ag síol Ádhaimh

uan Muire do mhaith a fhĂ­och

a bheith ’n-a námhaid d’fhuil Éabha

då muin rånaig séala an síoth.

2 Do mhaith an Coimdhe cion Ádhaimh

usaide dhaoibh dul n-a theach

do chum ribh sĂ­odh is an seinchion

ar ghnĂ­omh gach fhir beirthear breath.

3 Do rinne Dia i n-ucht ar gciontadh

an cogadh do chur i ndlĂșs

do [bhí réidh] ar chionn an chogaidh

sionn fĂ©in do thogaibh Ăł thĂșs.


4 Guin san taobh tĂĄithidh ar mbrĂĄithreas

ná bíodh ’n-a námhaid [............. ]

[ .......... . ] sĂ­oth nĂ­ budh nĂșidhe

mĂĄ do bhĂ­ fĂ­och. [ . ............... ]


5 [......................... ] deise

[Dia ann munar innis] fĂĄidh

gur chuir séala ar an síodh nuasain

sgéala an Ríogh i gcluasaibh cåigh.


6 Crann na haithne is Ă© fa deara

dĂłibh gach aithbhear do fhuair siad

do thuit clann Ádhaimh fan eire

gur shlĂĄnuigh crann eile iad.


7 Tusa an chrannsain a chroch Íosa

fhĂłireas iad nĂ­ hobair dhĂ­osg

tĂș tugadh mar Ă­oc san abhaill

díot rugadh a ca’ainn Chríosd.


8 Cumas leighis ar lucht Eabha

aghar i gcronn na gcĂłig sĂ­oth

an bioth cé tré mhnaoi do milleadh

do bhaoi dé i gcinneadh a chríoch.


9 Tugadh do chĂĄch cairt a sĂ­odha

ar son na gclĂłdh do chuaidh thrĂ­od

gur shĂ­n an RĂ­ a chorp red chlĂĄraibh

do bhí olc Ádhaimh gan íoc.


10 TĂș an chairt ar ar cuireadh sĂ©ala

a shĂ­odh na cĂĄna a chroch DĂ©

a chroch fhuil ag cách ’n-a cartaigh

cuir ar sgåth do mharcaigh mé.


11 Do sĂĄidheadh crann a cion Eabha

i n-ucht an DĂșilimh dia d’éacht

do fhóir sé Eabha is a haicme

is é séala a cairte an créacht.


12 A chairt siothchåna síl Ádhaimh

ainic sinn nĂ­ slighe cham

a-tĂș fad chomhair a chairt-se

tĂș cobhair as fhaigse ann.


13 TĂș do choisg cogadh na habhla

nĂ­ fhuil toradh nach tig dhĂ­ot

a-tĂĄ sĂ­oth ann as a haithle

frĂ­oth i gcrann na haithne Ă­oc.


14 Is tĂș an crann rĂ©r chuir an DĂșileamh

druim a bhaise baoghal dĂșinn

is riot do shil crĂș as a chroidhe

tĂș Ăł shin it oile i n-Ășir.


15 CĂșis truaighe re tabhairt d’aire

re hucht ChrĂ­osd do chur fan lĂ­g

mar do bhaoi Moire ar do mhuin-se

’s dá mhnaoi oile ag tuirrse tríd.


16 Cion Eabha i n-aghaidh an DĂșilimh

doirbh tĂ©arnamh Ăł thĂ©id ’n-a cheann

[må] bheartha mé a chroch ón chéidchion

uch ní hé nach léigthior leam.


17 Is tĂș do chaomhain cloinn Eabha

d’éis an ubhaill ar fheirg DhĂ©

a hucht an chroinn do gheabh grĂĄsa

fear do chloinn na mnåsa mé.


18 Nocht do chrann i gcoinne [sĂ­osa]

[a sĂ­oth chugainn] gidh chuin [raibh]

gidh mall a fhearg [nochar] fhorĂĄil

an crann dearg dom fhorĂĄil air.


19 Lá na breithe bí ’gam chaomhna

a chroch DĂ© far dhoirt an crĂș

gabh ort mo choimhéad is comhaill

ar roimhĂ©ad m’olc toghaim thĂș.


20 Cuimhnigh dhĂșinne druim na baise

do bhĂ­ ag ceangal do chlĂĄr bhrioc

cuimhnigh an bonn do bhĂ­ ar sileadh

’s an chlí tholl do righeadh riot.


21 ForĂĄil meise ar Mac na hĂłighe

a n-iarraim gidh aisgidh dhoirbh

i n-ĂłnĂĄir an dĂĄ nglac ngonta

forĂĄil do mhac ochta oirn.


22 Do traothadh leat an lucht cogaidh

nar chreid Dia do dhul sa chrann

tabhair mar do radais reimhe

cabhair bhfagais eile ann.


23. Do bhí do chrann då chéad bliadhan

[brat] Ă© do fhĂłbair a sgrios

an fĂłd do chuaidh ar an gcrannsain

nach fuair óg ná arsaidh d’fhios.


24 Do theacht chugainn a chroch Íosa

uadha a-tĂĄthair ag teacht rĂș

d’éis an tsluaigh Íobhal dot fholach

fuair rĂ­oghan re tobhach thĂș.


25 TĂ©id ar chogar i gcrĂ­ch nÍobhal

d’fhulang gach uilc do fhuair thríd

nĂ­or chlĂł an bhean do bhĂ­ dot iarraidh

gur bhean sĂ­ do dhiamhair dhĂ­d.


26 Adhlaicthear thĂș tearc do fhidir

i n-uaigh chumhaing cleas nar dhĂș

dĂĄ chrann is an uaigh it fhochair

fuair an tann far thochail thĂș.


27 Do rĂĄidh Eiliona nĂ­ haithnim

ar n-osgladh don iomdhaidh cloch

acht muna sheola Dia dhamh-sa

cia don teora crannsa an chroch.


28 Tig a meanma ar Mac na hĂłighe

d’iarraidh an cháis do chur dhí

fios na dtrĂ­ gcrainnsin dar gcobhhair

gur fhaillsigh RĂ­ an domhain dĂ­.


29 Foillsighthear dhĂ­ dul dĂĄ dtĂłgbhĂĄil

trĂ­ cuirp do cuireadh i n-uaigh

do bhoing-se an triĂșr as an talmhain

iĂșl do chroinn-se is amhlaidh fhuair.


30 Fear don triĂșrsa tug ret aighidh

d’aithne an dá gcroch do chuir dís

an chalann do chuaidh id ghoire

fuair an t-anam roimhe a-rĂ­s.


31 Ag so an fáth as a bhfríoth t’aithne

m’anam ar th’iocht ro b’áil liom

mar do fhĂłir tĂș a chroch an cĂĄssa

uch a-tĂș red ghrĂĄs-sa i ngioll.


32 A chroch Íosa anaic meise

mé mar bhråighid bhíos i låimh

ní an an chruinne ’ghá chuibhreach

a mar uirre d’fhuighleach áir.