Poem in printable PDF format
Caoin tú féin, a
dhuine bhoicht!
[Thomas F.
O’Rahilly: Measgra Dánta II, poem 65]
1 Caoin tú féin,
a dhuine bhoicht!
do chaoineadh
chách coisg do shúil;
ná caoin inghean,
ná caoin mac,
dár cuireadh fá
bhrat i n-úir.
2 Caoin ar tús do
pheacadh féin,
ré ndul i gcré
dod chorp;
caoin, ós éigean
duit a híoc,
an pháis fuair
Críost ar do shon.
3 Caoin ar
fhulaing ar do sgáth
Críost, do
cheannaigh cách i gcrann;
caoin a dhá láimh
’s a dhá chois,
’s an croidhe do
sgoilt an Dall.
4 Dá bhfaictheá a
ndeachaidh uait,
is mar táid na
sluaigh-se fúinn,
tar a cuireadh
riamh i gcré
do chaoinfeá thú
féin ar dtúis.
5 Teachtaire Dé
ós é an bás,
dá raibh ortsa
’na chás chruaidh,
do-ghéana tú
h’aimhleas féin
is aimhleas an té
do chuaidh.
6 Ar chruthaigh
lámh dheas an tSaoir,
idir mhac is
mhnaoi agus fhior,
ní bhfuil againn
truagh ná tréan
nách rachaidh
uainn d’éag mar sin.
7 Ar shliabh
Síóin, lá na Sluagh,
badh duibhe ná
gual do ghné,
anois giodh
álainn do chruth,
muna gcaoine
a-bhus tú féin.
8 Truagh sin, a
bhochtáin gan chéil,
dá dtuigtheá féin
mar taoi,
do léigfeá do
chaoineadh chách,
’s do bheitheá go
bráth ag caoi.