Poem in printable PDF format
A chroch Dé,
déana mo leigheas
[Mac Cionnaith,
L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 2]
1 A chroch Dé
déana mo leigheas,
lus na sláinte
siridh dhamh;
do mhaothbharr fa
caomh a chéaddath,
a naomhchrann
saor géagach glan.
2 Congain liom ag
leigheas m’anma;
madh áil leat
fóir mo chorp;
ar ndul i gclí
san teagh triallaim;
neamh re ngach ní
iarraim ort.
3 Dom throsgadh
thánag-sa chugad,
a chroch Íosa
fhóireas mé;
dod rodhalta ní
dú a dhímheas,
tú banaltra
dhíleas Dé.
4 Tú d’altrom
éinmhic ar seathar
sluagh an bheatha
bheanfas locht;
fir ’s mná na
cruinne fad chíos-sa
a-tá bruinne Íosa
it ucht.
5 Duit as
mharcach mac na hóighe,
a eo corcrach na
gcaor ndearg,
bhias san bhráth
ar mhuin do mharcaigh;
tráth sguir ba
fortail bhar bhfearg.
6 A abhall na
n-ubhall gcumhra,
a chrann
torthaidh na dtrí mbláth,
do fóireadh leat
lán na talmhan,
a chlár breac ler
cabhradh cách.
7 Créad an chúis
fa gcantar abhall
ret fhiodhbhaidh
chorcra, a chroch naomh?
congain liom go
leanar th’fhoras,
a mhionn leabhar
solas saor.
8 A ghráinne
áluinn d’fhiodh Parrthais,
peacadh talmhan
[tú do] shás;
ba geall a chlann
ris an gcánaidh
crann tar ceann
n-Ádhaimh do fhás.
9 Is é an
crann-soin, a chroch Íosa,
t’adhbhar-sa -
más fhíor don sdair;
fa dearg an crann
do chrú a ochta,
is tú an call
corcra fa chnaibh.
10 Abhall oile ón
ubhall Éabha
do orduigh
Críosd, a chroch naomh;
anmanna cáich
uile th’ubhla,
a mhuine bhláith
chumhra chaomh.
11 Is ionnat do
dhoirt an Dúileamh
deireadh Carghais
- cródha an mhúith -
fuil a chridhe ar
cuaird dar gcosnamh,
a bhile suairc
dosghlan dlúith.
12 Muir ghorm
do-ghéanta don talamh,
talamh don mhuir
magh don tráigh,
’s do-ghéanta
féine, a chroch chéasda,
roth gréine is
éasga madh áil.
13 Lá áluinn don
oidhche gheimhridh
do-ghéanta
cheana, a chroch Dé;
do-ghéanta trá
[eadh dot aghaidh]
lá geal gémadh
adhaigh é.
14 Ó chéadlá
chruithighthe an bheatha
dá mbeinn dod
luadh go ló an bhráith
gémadh mír do
ghníomh ní [gheallfam]
do ríomh, a mhín
[bheannchrann] bhláith.
15 A chroch
dhearg i ndeachaidh Íosa
d’fhagháil báis
nachar bhás dó
don mhac shaor do
bhí ar do bhruinne
do fhaomh rí na
cruinne a chró.