firstLine"; ?>

391. Cara mna an tighe ag an teinid $
Length: very long 51qq
Certainty: 5
Period:
  1. 15th ult
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. RIA1235 (C/ii/2) 15th - 16th cents
  2. TCD 1340 (H.3.19) 16th c. , 17thc. add
Prints:
  1. transl. McKenna, Pilib Bocht, no. 4
Motifs:
  1. Envoi to saint Francis & Archang. Michael
  2. imagery for saint
  3. role of BVM
  4. Christ as kinsman, BVM as kinswoman
Patron Christian Names:
  1. BVM
Patron Surnames:
  1. saint
Meter Vars:
  1. Dechnadh Mor
Poem:

Poem in printable PDF format

Cara mná an tighe ag an teinidh


[McKenna, Lambert: Philip Bocht Ó hUiginn, Dublin, 1931, poem 4]


1 Cara mná an tighe ag an teinidh

a mhná is eire ar fhearaibh

fríoth le ar siair sochar a cinidh

dochar ’n-a diaidh dhleaghair.


2 Biaidh an bhean leam tar mo lochtaibh

ar n-eang madh eadh glantair

gach breath dá n-iarr lé go leigthir

is é as ciall dá gcantair.


3 Cíoch na mná nar fhaomh é d’éara

a-tá ar laogh nDé dána

do ibh Íosa as adhbhar síodha

d’adhnadh gríosa an ghrádha.


4 Bheith san ghlóir i ngar na teineadh

damh is dóigh go bhfuigheadh

’n-a bruinne ó do bhí ’n-a leanabh

rí na cruinne ar cuireadh.


5 Clú na mnásain do fhás uadha

grás dá grásaibh móra

go bhfuil ’n-a raon d’fhine Éabha

slighe chaol na córa.


6 A beith lat is é do orduigh

an té as mhac don mhaighdin

an rí ar chunnradh nochar chumhguigh

is í ag cungnamh le a cairdibh.


7 Gach neach lén hál don mhéid mharas

grádh ar nach téid tomhas

bíd a chréachta lé gá leigheas

réalta na sé solas.


8 Do budh díol grás bean a béasa

nír fhás meadh na mnása

bhar ngaol don taobh oile a Íosa

goire a gaol dod ghrása.


9 Cia dá cloinn nach í do ionghuir

’n-a broinn do bhí i dtalmhain

an agh do b’fhírfhearr dár n-ealbhaidh

damh díleann dár ndamhraidh.


10 Neamh agus talamh dá togra

bean le bhfaghar freagra

go mbeireadh buaidh le tlás tagra

do ghrás fhuair is d’eagna.


11 Nír thuill ó aingeal Dé diomdha

daingean é as an umhla

leisin gcogar ór mhó a meanma

mogal na gcnó gcumhra.


12 Tug an saor do dhealbh an domhan

feadhbh do thaom nar tubhadh

don fhionnshlait as tighe toradh

cridhe ionnraic umhal.


13 Iongnadh rí na ndúl do dhéachain

dúnn fan ní do níthir

gé tá mo dhíon uirre d’fhiachaibh

buime ríogh an ríchidh


14 Nocha bhia a hannsa acht dom aindeoin

damhsa dia do dhiombáigh

ar máthair nDé is caol mo chomaoin

ní saor é [gun fhionnóigh].


15 Ní bhím dé agus an ógh d’éantol

mé ag clódh risin gcéidchion

ní briseadh osaidh dhí ar ndiultadh

is í ar tosaigh tréigthior.


16 [’N-a clí] do ba mian le Muire

do riar a rí nimhe

i n-íoc a saothair uair eile

maothaigh cruaidh mo chridhe.


17 [Do] ig dé d’fhortacht ar n-ainiuil

sé i mbochtacht gun bhanóigh

do thuill a gníomh uaisle d’fhagháil

gidh tríom fhuairse an anáir.


18 . . . í na tagra tiachar

dá n-agra sí a saothar

turnfaidh th’fhíoch ar Mhuire mháthar

críoch gach tuile traothadh.


19 Do ug a huan síoth dá seinshliocht

lé fríoth uadh ar n-oidhreacht

do bhí glas uirre ag an umhlacht

bas fa truime toirbheart.


20 Do bhuime a rí is truagh nach tuilleam

ná budh fhuar í uman

[is] go dtobhaighthir do thamall

ar chomhaighthibh cumann.


21 Is é budh mhian dí dá deoinse

cian ón ní do nímse

gan neach d’fhionnachtain a huaisle

lé hiomarcaidh ísle.


22 Nír ghabh raon acht an raon aithghearr

caor ag car a drithleann

cia an mhaighdean do budh meadh comhthrom

bean lér hairgeadh Ifreann.


23 Fríoth lér máthair is lér móirshiair

’gá bráthair bíoth tréandóigh

mar théid cumhra tar chrann fiadháin

barr umhla ó gach éanóigh.


24 Dá-bhíth rí agus na rígh roimhe

gidh rí dhíbh gach duine

deoch dá fholaibh uaisle d’ibhe

uaisle ó modhaibh Muire.


25 Croidhe glan nar ghiall do bhiodhbhaidh

grian i ngar dá hadbhaidh

gnúis shoidheargtha ag an óigh aingligh

nóin shoineannta shamhraidh.


26 A mac ní riom chaithfe cuimhge

slat fhionn aighthe deirge

a grás nocha ghabhann cairde

ramhall fás a feirge.


27 Bean sin gurab saor a síothcháin

do bhir dá gaol gnáthghlóir

ní fhaghtha béim uirre i n-éinchéim

réim luinge fa lánchóir.


28 Sí gár ndín ar doirr a dalta

gur bhuing dínn ar ndeacra

gruaidh ghairthe gan mhian a molta

grian a haithle a heachtra.


29 Le bhfuil do ghuais m’anmann oram

tabhram cluais dá gcanam

síol glan ní hionchuir im fhearann

gabh ar th’ionchuibh m’anam.


30 Ar shúgh do chíoch d’ól nír fholáir

síoth dhúnn a ógh d’fhagháil

gin gurb eol damh tar mo dhoimhéin

an t-eol glan do ghabháil.


31 Is í m’aithne gidh olc meise

ort gá haithne as usa

go gcuirfe leam an lá as neasa

im cheann má tá tusa.


32 Do bearar libh lán an cumann

grádh ribh gin go roinneam

a chisde óir na dtrí dtallann

glóir don tí nach tuilleann.


33 Tú loghas do chách a gcionta

a bhláth solas sneachta

a ré lán re linn a gonta

nar fhill dál dá dheacra.


34 Is tuar maithmhe dhamh ’n-a dheaghaidh

car aighthe uam oraibh

ní coir dhúinn ar dol it aghaidh

súil do chor do chobhair


35 Cia gá bhfuil buain ruibh a ríoghan

dá bhfuil uainn go hÁdhamh

gan bheith teann duid as a dhéanamh

gá bhfearr cuid dod chrábhadh.


36 A bhfuarais d’anáir ót oidhir

’s a fagháil far bhfalaidh

crann snais do char ar mo cheanaibh

gabh ret ais ’n-a aghaidh.


37 Ar gach ní dár thréig i dtalamh

téid don tí do toghadh

gach duais as áil lat ót leanabh

- ní bhac tráigh a toradh.


38 Fagh mo ghairm ó fhuighlibh uadha

cuibhrigh ar snaidhm síodha

dod dhalta ní budh eol th’éara

a dheor glanta ar ngníomha.


39 Fuair [tú] síoth do na sé clannaibh

is é a chríoch go cumair

nochan fhuighthe [ret] fhear iomaidh

bean budh chuirthe id chumaidh.


40 An chóir mar do chuir ót fhine

an ghlóir fhuil ar m’aire

go ndearnais dúinn do Dhia duine

ar súil ria ní raibhe.


41 Is tú an tsiur dá dtug a thiomna

rug iul ar an umhla

ar nar ghoill fulang a feadhma

a ubhall croinn chumhra.


42 Sin ó do chí an mac a Mhuire

’s nar bhac an rí a righe

lá an bháis go gcaoineimne ó chridhe

páis naoimheidhre nimhe.


43 Bí ’s do mhac d’éantail gom eadráin

ná déantair lat lagbháidh

faghaibh ód laogh lógh do dhobróin

mo ghaol a ógh d’admháil.


44 I ndiaidh gach cheasta dár chuiris

ní measta gur mhairis

tú ag labhradh red mhac go milis

is brat talmhan thairis.


45 Do mhnaoi th’oileamhna nír bh’iongnadh

doimheanma go ndingneadh

bheith ar láthair na dtrí dtairngeadh

do mháthair í is t’inghean.


46 Re taobh th’uaidhe is í gut fhaire

gan truaighe dhí ag duine

cóir damhsa a choimhéad im chroidhe

roimhéad masla Mhuire.


47 Do bhí i gcuma báis don bhanóigh

truma a cháis ón choróin

meisde lé nar fhéad a fhagháil

éag do budh é a hanáir.


48 Cuimhnigh ar dtocht re taobh th’uaidhe

a corp gur chraobh fheoighe

do chosg t’feirge a uain na hóighe

smuain ar deirge a deoire.


49 Lér.... do thuinn na dtrí n-uisge

fan luing do bhí brisde

do chuir do phian Moire ar meisge

pian gach chroidhe a cisde.


50 ’N-a íoc sin is eadh do bheirim

bean dár chin a colainn

nach tug taobh ris an eol inill

gur sheol san raon romhainn.


51 Is dóigh nach grása do gheabha

dóibh dá bhfása a fala

ó eidhre Dé i dtráth na togha

sé do chách ní cara. Cara


52 Aingeal nimhe agus naombráthair

gá mbí troigh re taca

gé bheath fam anmain cóir chuca

dóigh a hanmhain aca. Cara.