firstLine"; ?>

393. Cathaigh red mheanma a mhic Briain $
Length: very long 50qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. Other mp
Manuscripts:
  1. RIA2 (23/F/16) O’Gara MS 1655-9
  2. RIA 3 (23/L/17) S. O Murch. na R.1744-
  3. BL Egerton 111 F OScannail 1818
Motifs:
  1. Envoi to patron’s spouse
  2. Envoi to another patron
  3. poet incites patron to battle
  4. youth no impediment to kingship
  5. citation of historical precedents
Poet Christian Names:
  1. Eochaidh (RIA 2)
Poet Surnames:
  1. O hEoghusa
Patron Christian Names:
  1. Tadhg mac Briain
Patron Surnames:
  1. O Ruairc (d. 1605)
Apologue Subclasses:
  1. Division of Fearadhach Fachtnach’s kgdm
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Cathaigh réd mheanma, a mhic Bhriain

[RIA 2 (23/F/16), ‘O’Gara’, 8]

An fear céadna (Eochaidh Ó hEoghasa) cecinit

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Cathaigh réd meanma a mic Briain

an mur táoi tréig do mha[o]ithchiaidh

féach th’uabhar eignidh do réimh

uamhan céaidnimh gach coiléin.

2 Tug (neimh) neimhni a nert do meanma(i)n

tuirinn band dod bhaothreabhradh

ísligh a armthair Fhinne

grísnimh anfadh th’intinne.

3 Na léig le luisne t’fheirge

fadogh le fráoch ndibheirge

súaimhnigh a fhionnláoich Eachtga

iomgháoith n-uaibhrigh h’aigeanta.

4 Faiciom úait ionráin misi

créad í an iodhlann fheirgi-si

ad ghnúis tsháoir crithridh corca

’na cáoir f(h)rithir f(h)oghorta.

5 An sgíos glía(i)dh no an gúais chatha [9]

an tnúth no an teann rofhlatha

do-bheir sgís aig(h)eanta ort

a ghrís caigealta Connocht.

6 No más tríd a-tá tusa

ar chuid dod chrích dhúthcasa

taircc a mheic mea[s]ordha mhir

gleic re heasamhla h’aignidh.

7 Leanmhain a báire báoisi

aimhleas d’fhior do chomhaoisi

eigrinn go ndaingnidh a dháil

céidrinn ainmer ógain.s

8 Da measda is móide t’úmhla

t’oirneadh a n-áois mheasordha

gnáth céadairde gach mic mhir

ag reic edaingne a aignidh.

9 Da fromadh a rinn chatha

moide urraim ardfhlatha

da tteagmha ’na thuiridh gliadh

cuiridh eagla re n-aimhríar

10 Na ceis ar ghreim da nglacfa

anbfhann tig tus cumhachta

se dheit ni bá ceadgreim con

a draig o ghéigBheinn Gulbhon.

11 A Tháidhgh mhic Bhríain ní bríogh dháoib

loighéd t’innmhe a n-áois macáoimh

ní dimbrigh dhod dhreich corcra

bhe[i]t[h] fa iomshníomh íasochta.

12 [An] tuisle a ttús a ratha

bann bhisigh mhic riofhlatha

ceidbheatha da cara tol

dala eigneacha d’iomchar.

13 Da measta-sa an mhacacht riogh

ní cóir a chur a ndimbhriogh

ceadrighe le ttibhre as-teagh

imle geigmhíne Gaoidheal.

14 Ní furail duitse a dhreach náir

sealad da heólas d’fhaighail

dorchla gach raith do rochtain

fromhtha flaith le fionnochtain.

15 Ní léir do lucht a gcleachtaidh

fath gráine isna guaisbeartaibh

cleachtadh faghla a mhic Máire

dheit ’na damhna diombaidhe.

16 Ní hiarrata dot chruth corcra

go foill do roinn rioghochta

acht gabhla grúaidhfhliúcha gleann

’s colbha úaimhneacha Éirend

17 Leat(h) ríamh do rioghacht Banbha

a fásoighe a fiadhamhla

a slíabhtholcha sealga a sreabh

’s learga cíabhdorca a coillteadh.

18 Tugadh an roinn-si roimhe

le maithaibh mhúir Láoghaire

ar mhagh n-eigleathan na nArt

deimhneachadh dhamh fa ndubha(i)rt.

19 Túathal Fíacha fada o shoin

da mac Fearadhaigh Fachtnoigh

do ronnadair ríaghladh grinn

gríanmhagh f(i)onnab(h)aidh Fhéilim.

20 Tar éis éga da n-athair

measaid ga mó anacháin

gan tocht d’eantol rer-oile

fa ghort n-eachtmhar nÚghoine.

21 Go hUisneach seach gach ionadh

fir Éirionn ar eainshiobhal

do-shóid le toghairm ttionoil

do comhairn fhóid Eiriomhóin.

22 Le breathamhnaibh Banbha Chuinn

do roinneadh do réir chomhthruim

fíadh Néil fa cheartroinn chabaigh

ag deaghchloinn fhéil Fheradhaigh.

23 Sealbh a hiosda ’sa háras

a flathas a forlámhas

seóid Bhanbha a mínleach a magh

an prímhleath tarla ag Túathal.

24 Do mholsad don mac eile

a fáisgleanta a fásoighe

iasg a fíarshroth sroithgeal seang

fiadhach a foirthri bhfairseang.

25 A-dubhradar na dronga

di gur ceart[roinn] cudroma

brúaich ghúais[e]amhla Banbha Breagh

gabhla cnúaisiomdha a ccoillteadh.

26 “Ní bhiú aimhreidh gan fatha”

ar mac óg an ardfhlatha

“o fúairsiom fios ar gcoda

do lios cnúaisliom Cearmoda.”

27 An mac óg do fhuiridh ris

ranig sé seálbh an fhlaithis

eang na ccleath bhfeigbfhillte bfhíonn

a leath n-eiginnte nÉirionn.

28 A Thaidhg(h) da ttuige tusa

an roinnair an Fiacha-sa

d’fhonn tréadfhaghlach na ttrí bfhear

ni héttarbhach í acht aimser.

29 Diomháoin ar ttús a tárbha

cuid ronna gach rioghdhamhna

a ródhocra is geall le glóir

somholltha earr a hanshoigh.

30 Do chuid tíre a Thaidhg(h) Uí Rúairc

farsíng dáit í le hiomchuairt

seinchighe a droibhel ’sa dionn

leithrighe oilen Eirionn.

31 As an leath-soin úair eigin

do bhean Brían mac Cinnédidh

tar miocabhair aicme an fhir

rioghthalaimh mhaicne Mílidh.

32 Sealad da thearmo tosaidh

gur chaith sa cuid ronna-sain

an teachtachadh do thogh Conn

ni gabh creachtfathadh canonn.

33 Sreang o gcantar cuig-. (?) sreing [10]

eisde fúair a bh[f]uair d’uirreim

a guaillibh fionnlearcc (leg. foinn-?) feadh nglas

do geabh an Croibhdhearcc ceannas.

34 Annamh fúair ni fios mearbfaill

neach da uaisle d’Eirionnchaibh

ceannas gasraidhe bfhear bFháil

gan seal n-amhsaine d’fagail.

35 Geall le righe dod rosg corr

a mhic Bríain a bhrat sáordhonn

roid(h) fhoghla sheanchúain Sionna

leathbhruaich folmha úa nOliolla.

36 Slighthe báoghail bhrúaich Lúighne

cíomhsa Múaighe mallghairme

bruaich dhorcha ghlainShleibhe Gam

dorcla aimhreidhe úa nAnmchadh.

37 Duit-si a Thaidhg rob túar righe

ar chuid d’áoibhneas eantíre

ní reacfa fíanghleanta o bFhloinn

slíabhlearga Eachtga is Umhaill.

38 A n-aisge ni fuighther úaibh

bóird fhoithreadh Átha seanLúain

ní mochthreigfe gabhla a ngleann

sroithsleibhthe gárbha Gaileang.

39 Aóibhinn t’innme a úa Riocaird

don éing éignidh oirdhearcaidh

ochta slíabh gáoithmeide gleann

ní triall aonchéime th’inn[e]all.

40 Gnáth iomat a éarla lag

iolach catha íar cclódh námhad

troid im rochranngal r[e]and corr

le mochlabhradh mbeann mbuabholl.

41 Stuic ghlíadh acc greasacht anroth

fir ghonta acc ól fúaránshrot[h]

ruiscc chorra ag gruaidhnigh[e] gon

colla a suainlighe ag siobhal.

42 Ógbadh ag cuimhne a gcleas ngnáth

sgeith óir ag iadhadh mbelsgáth

cáor ármshlógh fa fhéighe sgoth

bréide fandshroill ’ga bfholach.

43 Láoich ag ionnsma a n-árm sénta

seinm greagh gairrthe bhaidhbelta

gáoth reodhchuisne ag gleic réd gháoibh

dheit is ceólchuisle ar camáoir.

44 An é ceannas chláir Bréifne

do-geabtha a gnúis shoileirthe

mar lúadh san obair-sa ort

o shlúagh codarsna Condocht.

45 Mun budh réidh a rún cogtaidh

cuirfither cruth iongantach

léd ghrúaidh mbreicmín nduinn ndathaigh

do séintír Cuind Céadc[h]athaigh.x

46 D’inghin Áodha óras mionn

a measg ollamhan Eirionn

teacht go mbéim n-oinigh uirthe

doiligh in cheim chathaigthe.

47 Ag Máire do mheas aoidheadh

geall ógbhan fhóid fionnGháoidheal

an bhánchrobhaing gan béim sgol

do fhreimh glanChonuill Ghulbon.

48 Siol riograidh [fh]réimhe Conuill

gnúis mháordha is máll n-urogha[i]ll

earla dealbhghlan solus sáor

foras meanman na macáo(i)mh.

49 Aoibhioll adhanta an oinidh

grían thiobruide ar tathoighidh

ságh muighe feronnghlan Fáil

beanfhoghluidh duille an domhnáin.

50 Ag díon Fod(h)la an fhochuin tigh

do cleachtadh Aodh Magh Uidhir

cnis do chiorrbadh cladh catha

lámh do dhiongbad[h] deacracha. Cathaigh...