Poem in printable PDF format
Ceana Aodha an
fhabhra mhoill
[Mac Airt, Seán,
Leabhar Branach, Dublin, 1944, poem 18]
Fear gan Ainm
Mhac Eochadha
1 Ceana Aodha an
fhabhra mhoill,
barr bróin ar
n-éirghe oroinn
ar mbéin fá
chuimhne na gcean;
ní duilghe céim
dá chaoineadh.
2 Don Inbhior
Mór, fá lia a lín,
do bhean is do
Bhaile an Ráithín
ceana troma fár
thúir bladh;
ar n-úidh orra ní
hiongnadh.
3 D’éimdhigh a
ghabháil mar ghiall
mac Philip dárbh
ainm Uilliam;
feidhm faire ní
fhaicim air,
Baile an Aitinn
do fholmhuigh.
4 Baile Í
Mheannáin gan dul dín,
Cuiliontrach,
Caithir Phainín;
lá do-chuaidh fá
Chill Treisgne,
lér ling uainn
dob aithriste.
5 Baile mór
Mhuircheartaigh Léith,
dob é so an
siobhal neimhthréith;
fiú a chion ón
Bhuaile Bhuidhe
gan cion uaidhe
ar aoghaire.
6 Baile Dháibhídh
ar díoth cruidh
a ngleanna ó
uaithne an égnuigh;
fiú a raibhe
d’ardbhlaidh air
im arguin Bhaile
an Bhiolair.
7 Tuar teasda
táinig do ghoin
Niocoláis Fhinn
do Hóraidh;
ní sealg nárbh
adhbhar antnúidh
sealg fhaghladh Í
Fhogharthúin.
8 Deimhin
marbhtha Maithias Bhric
meic Seóin dob
eachtra oirdhric;
a-tá uain in gach
éineing,
lá do bhuail fá
Bheigéirinn.
9 Ros Garlonn [is
cian ro-chlos]
do lomair sé go
Seanros;
a slonnadh a-nois
ní nár,
ré [a] gcois do
lomadh Leacán.
10 Cumhuin linn
an lá do chreach
Baile Í Chíog,
céim áirmheach;
Cill Áine Duibhe
fá dheóidh,
na hÁile as tuile
troimleóin.
11 Ráith Thuirtín
ní dheachaidh de,
Cúirt Óil is
Cúirt na Cuide;
fán mBadhún
Nuaidh le neart slóigh
do-chuaidh lé
teacht a ttionóil.
12 Art Mhac
Gearailt [níor ghníomh réidh]
marbhthur leis,
cuid dá chaithréim;
Cloch Ámuinn
uaidh dob fholamh,
ámhuill fá n-uair
adhmoladh.
13 Baile an
Túrnór [tuar bladha],
ó Aodh dob fhiú a
easbhadha;
cloch fár
chomhdhoirt an fhánaidh,
Cloch ordhoirc an
Ógánuigh.
14 An Bóthar Dubh
luaitear linn,
do hairgeadh leis
is Liaithinn;
go ttarla dhó
láimh an lín
níor dháigh a
gcló ón Chluainín.
15 Cuairt fán
mBaile Tharsna tug,
ní hoirchios dúin
a dhearmad,
a gceann gach
énfhuinn oile
Ceall Émainn ’s
an Urnaidhe.
16 Cill Mo-lapóg
’s Cill an Chnuic,
dlighim cuimhne a
gcreach n-ordhruic,
an sluagh rug fá
Ras Brannuibh,
a ttug as do
íocamair.
17 Siad d’argain
níorbh fhachain sídh,
Cill Tégra agus
an Druimín;
Baile an
Mhuilinn, Ceall Chuma,
teann dá fhuirinn
eattorra.
18 Fá Ráith
Iomgháin [?] ar ndul dáibh
ar mbreith bhuadh
Bhaile Cormáin;
foghlaidh bó
Bhaile Philib,
mó ar m’aire ná a
n-éilighid.
19 Tug Aodh [dob
am dá féghain]
gleó a nGráinsigh
an Bhuiltéraigh;
ón Ráith Mhóir do
chruinnigh cion,
tuillimh ris an
gcóir cuirthior.
20 Trí huaire do
hairgeadh lais
Ráith Bhile tar
druim dóchais;
ní toisc ar
m’aire nach uil
a thoisc go Baile
Bhaltuir.
21 Ar ua Rémuinn
ríomhfuidh sinn.
ciodh roibheag é
dá n-áirmhinn
a gcomhroghain
cáich fá chion,
Ráith
Donnghalaigh cér dhaingion.
22 Rolónt Iúsdás
lingthior leis,
as mó ná Máistir
Síleis;
siad a-raon ’na
rian madhma
re triall d’Aodh
dá athardha.
23 Baile na
Fuinnseóige faoi,
Baile Riocaird,
tuar tromghnaoi;
caidhe an cion
náchar lámhuigh
mar chion Bhaile
an Bhruthmháluigh?
24 A ló marbhtha
na ttrí tTadhg
Domhnach Mór fá
réim roard;
scél do leathadh
as dual damh,
do creachadh uadh
’s do hadhnadh.
25 Baile Hobag
uair eile,
cion Choisleáin
an Ridire,
Gráinsioch Mheic
Cathais gan chion,
gleic nár rathais
do-rinneadh.
26 Baile Dáibhídh
Fionnóg fuair
a chreachadh ón
chaoir tromshluaigh;
cur ina leith gur
thuill tnúdh
fán gcreich do
bhuing do Bhultún.
27 Baile
Shiomainn re cois cháigh
ar díoth cruidh
is Cill Faoláin,
[is] Bél an Tuair
fár thúir bhlaidh
mur gach cúil
uaidh gan éanbhoin.
28 Baile Átha Dhá
Thí tug
’s an Ráith Dhubh
fá neart námhad;
Ros Breannuibh
gan bhuaibh do-bheir.
buaidh n-eallaidh
ar an Aoidh-sein.
29 Master
Dáibhídh a láimh leis,
Masteir Hairbhidh
ón aoinghreis,
faghail Mhorchadh
dá thaobh tig,
ar Aodh do
chonfadh cuirid.
30 Baile
ríoghCaisléin Rébáin,
an chion níorbh í
a éinédáil;
téid luadh fá
gcoimhshín do chlú
ón Doirín Ruadh
do ríoghcrú.
31 Cill Beara ad
dhiaidh a ndíoth cruidh
’s an Baile Nua a
mbíodh Bulbhaigh;
ní tais téighe ón
dá bhaile,
Glais Éile ’s an
Urnaidhe.
32 Cill Daingin,
Baile Bhaltair,
mór aige dá
n-iomarcaidh;
dearbhthar scéla
dhún ón druing
ar Dhún Énna ’s
ar Eóchuill.
33 An
tSheanroilig dleaghair dhíom
is Ráth Muc,
móide m’imshníomh;
Baile Ghaidhdiún,
[fa] gníomh neirt,
ar ríogh na
n-airdiúl n-oirdheirc.
34 Gráinsioch
Uinsir airgthior libh,
Cill Mhunna as a
cruth cuirthir;
scél dob fháth
iomráidh oruibh,
Ráth Iomgháin do
adhnabhair.
35 Cluain Bolg is
an Bóthar Cuill
do hairgiodh re
hua Rémainn;
ar bhean d’Fhiodh
Cuilinn do chrodh,
cion ní chuirim
’na chomhar.
36 An Loilghioch
Mhór [níor bhó bhliocht]
is Cill Choc
uaidh a n-ainriocht,
tráth dún dá
neimhcheilt a-niugh,
fá Dhún
Feircheirt ag filleadh.
37 Ocht mbaile
dhég mhaoidhfe mé,
do loisc am
Chaisléan Cairbre;
siad dá thaobh ar
díoth daoine,
fríoth le hAodh a
n-iolmhaoine.
38 Mainistir
oirdheirc Fheóruis
do chreach do
dhruim deigheóluis;
fá Chluain
Ioraird mar do fhill
do mhionairg re
huair n-aithghirr.
39 Droichead
Seanghamhnuighe ar seól
níor léig Aodh,
damhna doinndeór;
briseadh
oirdhreic Achaidh Bó,
coinghlic dob
fhachain iarghnó.
40 Gabhthar leis
[lór do phudhoir]
inghean chinn Ó
gConchubhair;
sí lé tóir uadh
ní aghar,
tuar ar mbróin do
bheathughadh.
41 Marbh an
Chalbhuigh Í Mhaoil Mhuaidh
Fir Ceall dá
dhruim fá dhiombuaidh;
ní fhoghaim
mh'aire don toisc,
Baile Cobhainn do
chreachloisg.
42 Maidhm chródha
Cille hEision
tug Aodh mar do
haithrisiodh;
lór dár seóladh
ar dhéir nduinn
an leóghan do
fhréimh Raghnuill.
43 Ré cois bhó an
Bholgáin Riabhuigh
Aodh ’na
fhíorchoin airdfhiadhuigh;
tug an chreich ón
Bhuaile Bhán
ar mbreith
buaidhe ar an mBolgán.
44 Saighir Bheag
’s an Bealach Mór,
téid a ríomh
dhúinn ar dhobhrón;
iomdha ’na gceann
do cheanuibh,
Ceall Fhiodhna do
airgiobhair.
45 Cuid dá
bheartaibh Baile Dubh,
an comharba do
creachadh;
’s Eanaigh Truim
dhóibh gér dhoiligh,
tar thóir an
fhuinn Osraighigh.
46 Cion ó Phailís
I Mhaoil Mhuaidh
táinig lé dírim
deaghshluaigh;
mar aon ’s ón
Bhearna Bhuidhe
do thaobh
fheadhma ar nAodhui-ne.
47 D’Fhearaibh
Ceall ní dheachaidh de
ardBhaile Átha
Buidhe;
ón Chnoc
Leathchaoch ní tearc tug
gur dheaghthraoth
neart a námhad.
48 Mullach
Cruacháin, cuid dá stair,
ar mhac mheic
Rémainn ríomhthair;
maoite ar an
bhfiodh cnuais ór chin
an cion do
ghluais ón Ghráinsigh.
49 Aonlá oile fá
bhfuair troid
fá chion
Cheapuighe an Argoid;
ag sin lá cáigh
do chreachár,
lá do-cháidh fá
Chuilteachán.
50 Go Lios na
bhFiodh tarla a ttriall
ar mbéin fá
Bhaile Uilliam;
Baile Eireóil ’na
n-ucht sin,
lucht an
deigheóil do dhéinimh.
51 Hagastún mar
an gCaill Mhóir,
Baile an Chúisd
[cúis dobróin],
Teagh Calma gan
bhú do-bheir,
fá chlú tarla don
toisc-sein.
52 Innse na
Lathach do ling,
taom in
tShliomháin sgél sgaoilim;
an Aill mar do
fríoth a faill,
do chaill a
dhíoth ré a díoghluim.
53 Baile Aodha ’s
an Eidhnioch
ó Aodh na ruag
roineimhnioch,
tug mh’aire ar
doinndéir ód dhul,
mur Bhaile Í
Choilléin creachthur.
54 A bhladh dá
bhrígh do mhédaigh
cion Cillín an
Phluingcéduigh;
lón do
bhadhbhaibh do-bheir sé;
do mhadhmaigh
sein an suithré.
55 Ráith Bhrighde
is Baile Mhaine
ort níorbh
fhéidir d’ionghaire;
tóir fán gcreich
níor fhill oruibh,
go Cinn Eich níor
anabhair.
56 Dún Luadháin
mur luaitear liom,
ní fhúigfe mé ná
an Muilionn;
sluagh Branach
ónar dháich dul,
fá Ráith Salach
do seóladh.
57 Ealta laoch
cruinnighthe cion
ar mbuain fá
Bhuaile Fraidhion,
don chuairt tug
fán Tor Neanta
a gcrodh rug an
ríghealta.
58 Siad ar-aon a
n-easbhaidh cruidh,
Dún Ard is Baile
an Bhlácaigh;
ar Bhaile Húc do
haithneadh,
an baile fút
fágaibhthear.
59 An Ghráinsioch
Mhór maoidhim air,
Baile Í
Chochláin, céim deacair;
ó Mhagh Nuad
cuiridh a chrodh
lé buidhin na
ruag rathmhar.
60 A ríomh ar-aon
ar mh’aire,
Seanchonnáil ’s
an Seanbhaile;
buain a bhuair
don Bhaile Mhór,
an baile uaidh ar
anshódh.
61 Baile Hanrí
nár thearc tréd
do chreach is
Baile Bhuiréd;
Baile Fuinnsi [ca
mó mairg?]
fá thuirsi ón ló
do lomairg.
62 Baile Nua na
Móna a-mháin,
nó an Mhóin
Fhionn níorbh í h'éadáil;
níor shaor cách
ann ar t’fhoghar,
go Bláth Gall do
ghabhabhar.
63 Níor bheag
libh díoth an dúnaidh,
tú i tTobar an
Tutúnaigh;
Teagh Goiréd gan
comhdha gcruidh,
roimhéd t’fhoghla
do fhágaibh.
64 Baile Trí
gCaislén gan chion
mur Chill tShíle
uaidh airgthior;
rét shlógh níor
dháich a deadhail
an Ráith Mhór gur
mhilleabhair.
65 Baile Émainn
Tiobar tug
ar díoth cruidh
[níor chuairt charad];
Cúirt an Easpuig
gan dol de,
measgaid a gcrodh
tre chéile.
66 Caislén Nua
Liamhain is lith,
Caislén Bharruin
[beart shuaithnidh],
beag dá bhfoil
d’agra oruibh
ó Thoigh Thagra a
ttugabhair.
67 Crodh Rátha
Cúil is Cille,
a mheic
dhuasbhulg Duirinne,
níor dheadhail ré
dol a ttrén,
bearair crodh an
dá chaislén.
68 A bhreith as
breith gan árach,
buar Bhaile na
gColmánach;
mór liom a n-uil
ar mh’aire
a gcionn cruidh
an Chorrbhaile.
69 Dul ót sheilg
fá doiligh dháibh
Croimlinn is Cill
an Ardáin;
táinig dot fheirg
d’adhaint ort,
seilg do
thabhairt ó Thamhlacht.
70 Beirthior leis
a ló oile
ba Bhuaile na
Scornuighe;
Ráith Crédáin do
bhí gan bhoin
cémadh édáigh í
d’argoin.
71 Fada dá bhrígh
go brónach
do bhí an Bhuaile
Mheadhónach;
Cill na nInghion
níor dhíon dí
ón líon do
hinnleadh uirri.
72 Baile Scallart
[scél gan cheilt]
’s an Chraobhach
fa céim oirdheirc;
Cill Mo
Chíodhghóg níor chluain chruidh
uaidh don
ríoghród dá rochtain.
73 Fá mhaidhm
Bhaile Formont fríoth
clú lé hAodh ar
fhud coigcríoch;
breith bó Baile
na Coille
a gcló [a] raibhe
romhainne.
74 Sluagh síth
do-chuaidh fá Chonach,
Reabóg uaidh dob
easbhadhach;
an sluagh ré
Seinchill do dhruid,
fá shluagh
neimhthim ré a námhuid.
75 Feirg na
foirne do dhúisigh
buar Bhaile Mhic
Cuarúisigh;
Muilionn an
Stealláin ’na stair,
fuirionn na
tteannáil ttachair.
76 Tig riú,
measaide a móide,
Corcach is Cill
Beagóige,
’s Cill
Tighiornáin don taobh thoir,
Aodh dob
iniomráidh uathuibh.
77 Le
Raghnallchuibh na ruag mear
Baile an Locháin
do loisgeadh;
reic a ngníomh a
nGleann Chuilinn
bíodh a gceann a
gcuartuighim.
78 An Fásach
Ruadh, Ráith an Dúin,
siad d’argain dob
fháth iomthnúidh;
fir ré cradh
cáich do theagar,
fá Ráith Gar do
ghluaisiodar.
79 Mar Chill
Eisidh [níor thaom tais]
Baile an Chinn
Léith do chreachais;
ar dóigh seilge
leantur libh
go Teampal
Deilgne ar ndéinimh.
80 Baile Higín am
cheann gcruidh
mar Chill
Mhantáin libh lomthair;
Baile na Cairrge,
Ceall Diagh,
geall na hairgne
lét aimhriar.
81 Sgéala ar a
bhfuilid fiadhain
mar bhú Bhaile an
Choiniamaigh;
cion Buaileadh na
Coille cruinn
ag sluaigheadh
chloinne Criomhthainn.
82 A mBaile na
bhFuinnseóg fuair
cion trom fár
thriall ar daghuair;
lá fá Chúil
Gréine do ghabh,
níor chúil
spréidhe gan spíonadh.
83 Guirtín an
Phearsúin [céim cruaidh]
do hairgeadh lé
caoir cathshluaigh;
fa chrodh ca
héinbheann nár airg?
go dol fá
réidhGhleann Riocaird.
84 Baile na
Coille ar n-a chur
’s na Tuatha
uaidh a n-amhghur;
Baile Meic
Cairbre gan chion,
na hairgne dheit
do dúisgiodh.
85 Baile Í
Chuicle siorthar soin
’s an Uaidhneach
uaibh gan énbhoin;
lá a millte ó
chogar do chuir
’s a pobal impe
dh’arguin.
86 Maidhm an
Bhearnchladha as céim cáis
maidhm an
Mhóintigh ’s an Bhriotáis,
trí madhmanna ar
ar cóir cion,
cóir a n-anmanna
d’áiriomh.
87 Maidhm
do-chuaidh ar deightheisd dó
maidhm oirdheirc
Átha Seanbhó;
fada do-chóidh
ainm ón fhior
dár chóir an
mhaidhm do mhaoidhiomh
88 Dod chaithréim
cuimhneócha sinn
Tadhg Óg mhac
Taidhg do thuitim;
an t-écht ar gcur
do chlú a bhfad,
a-nú gan dul ar
dearmad.