firstLine"; ?>

396. Ceangail do shioth riom a Ruaidhri $
Length: very long 48qq
Certainty: 3
Period:
  1. 14th mid
Areas:
  1. Meath
Classes:
  1. apology mp
Manuscripts:
  1. NLI G 992 Nugent MS 1577
  2. RIA1 (23/D/14) 17th c. Co. Offaly?
Prints:
  1. transl. Studies 37 p. 317
Motifs:
  1. eulogy of patron’s personal appearance
  2. patron’s liberality to poets
  3. poet insulting patron
  4. poet defends kindred from patron’s anger
  5. praise-poem reparation for injury
  6. The dangers of being satirized
  7. poet intercedes to prevent strife
  8. Patron’s prowess in battle
  9. war with the Foreigners
  10. aonach (fair, assembly)
Poet Christian Names:
  1. Aonghus Ruadh G 992
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh
Patron Christian Names:
  1. Ruaidhri mac Aodha
Patron Surnames:
  1. O Maolmhuaidh
Apologue Subclasses:
  1. Fearghus mac Roigh turns anger on Maola
Meter Vars:
  1. seadhna
Poem:

Poem in printable PDF format

Ceangail do shíoth riom, a Ruaidhrí


[Lambert MacKenna, ‘Some Irish Bardic poems’, Studies 37 (1948), 317-22]


Poet seeks reconciliation with his patron


Mac Firbis in his genealogy of Ó Maolmhuaidh has: - Ruaidhrí m. Aodha m. Fearghail m. Fionnghuine, etc. This is probably Ruaidhrí mac Aodha Óig, Lord of Fir Cheall who died in 1383, and probably also the man here eulogised by Aonghus Ruadh Ó Dálaigh (+1350). For another version of the story in stt. 18-24 cf. Man. Cust. ii 321.


Aonghas Ruadh Ó Dálaigh .cc.


1 Ceangail do shíoth riom, a Ruaidhrí,

nach raibh ann cúis fan cóir sgeinm;

maith caingean gan fhíoch gan élang;

síoth dhaingean dénam do dheilbh.


2 Dénam láinshíth, a fhlaith Bóinne,

ar nach bia críoch an ccéin raibh;

dealbhthar an síodh leam nach loitfeam;

bíodh gan cheann gan fhoircheann air.


3 Ná bíodh ort meisi, a mheic Aodha,

d’fhasdódh a ccúigeadh chlann tTáil;

suil thréigi sinn duit ar ndúthaigh

druid rinn is dlúthaigh ar ndáil.


4 An tsíoth bhuan do bhí ghar ccineadh

ceanglam mar nar cheangail dias;

dá mbé mur do bhíodh gach n-uaire

as é síodh as bhuaine bhias.


5 Go Magh Midhe a measg mo chinidh

créad fa ttiocfuinn ’s tú am chionn?

leanfaidh meisi do Mhuigh Mhidhe

dá mbeisi, a thuir Line, liom.


6 Dá rabh móid re muinntir nDálaigh

gud dhreich fhaoiligh nar ob gliaidh

leanfad, a bhile óig Almhan,

tred mhóid d’fhine barrghlan Briain.


7 Tusa ar mh’aicme d’altrom móide,

mé ar tí ghríosaidh do ghruadh ndearg;

fearr sinn ’s ar ccungnamh le chéile;

turnadh, a chinn Éile, t’fhearg.


8 Í Mhaoil-mhuaidh is muinntear Dhálaigh

druim re chéile nír chleacht siad;

ionann méin dá bhfuil ’s dá bhfeolfhuil,

d’fhuil Néill is d’fhuil Eoghain iad.


9 Ionann, gin go hionann sloinneadh,

seanchas damhsa ’s dod dhreich shaoir;

nochan fhuil sriabh ar ar seanchas

go Niall, a thuir ghealchas Ghaoil.


10 Beag mo chion re cúis do mhóide,

mór mo ghaol riot, a fhlaith Liag;

an eadh léigfe dol far ndaoinibh,

nó an ttréigfe ar son aoinfhir iad?


11 Ar aoinfhear uainn mas eadh chuire

na cionta, a Ruaidhrí, rí ar slóigh,

do [bhiadh] tre aoinfhear [don aicme],

dá sgaoileadh [san mhaicne] mhóir.


12 Rioth teangadh a ttighibh óla

d’ulc bhréige fa mbiadh do ghrúg;

dá ttugadh meisge a rádh ribhsi

dál nach meisde sibhsi súd.


13 As é an dán molta, a mheic Aodha,

íoc na haoire ’s ní hé an cradh;

dá ccuire mé an dán fa dhaoirsi

do badh nár é dhaoibhsi is damh.


14 Dámadh áil leam, a fhlaith Bóinne,

breath do dhénamh red dhreich mbuig

- ní dhearnas cion - ciodh fa ttiobhruinn

cion san chion nach diongnuinn duid?


15 Trem theangaidh féin ní fríoth chugam

cúis mhóidi Ruaidhrí rosg gorm;

do bhiadh mealladh d’fhior is eire

im chion teangadh eile orm.


16 Ná tuga meisi móid bhfolaigh

ar aoibh th’urlabhra, a fhir Ché,

ná ar dheallradh ngeal th’aighthe óige,

ós fear aithne móide mé.


17 Faoiltigh oram th’aghaidh mhiochair,

mínigh briathra do bheoil deirg,

éisd red laoidhibh, a fhlaith Eine,

caith re daoinibh eile th’fheirg.


18 Sgél budh cosmhail do chosg th’fheirge

agam duit ní damhna rúin,

sgél na Maol Midhe gan mhearbhall,

a bhile saor dreachmhall Dúin.


19 Fearg Fhearghais [do] fhás re a chineadh

a ccath Gáirighe, a ghéag Mhis,

go bhfríoth cealg [ar an bhflaith] féine;

nír mhaith fearg ná réidhe ris.


20 Cealg Chon cCulainn do chosg Fhearghuis

d’Fhianaibh Uladh, a fhir Liag,

do ba cealg áigh ar ar earmuis

nachar sgáin fearg Fhearghuis iad.


21 Teagasg Fearghais do Choin Chuluinn

do chosg a fheirge, a fhir Chro,

a fhearg do chaithimh re cnochaibh;

braithidh gur chealg dhochair dhó.


22 Na trí cnuic fa comhghar d’Fhearghas,

gér fheidhm teasgadh na ttrí ccnoc,

orra tug na Maola Midhe,

rug craobha Line gan lot.


23 Ag sin an chúis far choisg Fearghas

an bhfeirg móir nach maoldaois rígh;

ag sin adhbhar na Maol Midhe,

a chraobh armghlan Thighe an Trír.


24 Báidh Fhearghais as í fa-deara

gan díoth n-Uladh le a fheirg ruid;

an chúis do shaor iad ar Fhearghas,

a chraobh Liag, do dhearbhas duid.


25 Déna mur sin, saor mo mhaicne,

a Í Mhaol-mhuaidh nar mheath ceird;

coisg do neimh, a mhílidh Muaidhi,

dírigh mur sin uainne t’fheirg.


26 Seol seachuinn go sluaghaibh biodhbhadh

do bhroinigh sgeanmdha sgiath mbreac;

tabhair, a bharr Éile, a n-aigheadh

ar ghléire nGall Laighean leat.


27 Druid siar t’fhaghla ar oirthear Mumhan,

a Í Mhaol-mhuaidh nar mhaol clú;

ná coigil soir breacchlár Banbha

’na cheartlár soin tarla thú.


28 Tabhair lá do léim Teamhra,

tabhuir lá do lingfeadh Colt,

tabhair an lá eile d’Almhain,

gé tá t’eire d’fhaghlaibh ort.


29 Urlár aoibhinn t’fhearainn dúthaigh

dromchladh Éirionn, a fholt cas;

as coimhdheas tarla, a chleath Chodhail,

dhá leath Banbha d’fhoghail as.


30 Leath Coinn, leath Mogha, a mheic Aodha,

madh áil leatsa léim a bport

beag ttarbha leath do na leithibh,

a chleath Bhanbha, d’fheithimh ort.


31 Na Goill a-tá ar tí do dhúithche

díoghail t’fholaidh orra súd;

lugha as mheath foghla ná ar bhfógra

is forbha chreach bhFódla fúd.


32 An sin an chúis fan cóir dhamhsa

dán do chuma dod chéibh fhinn;

as í, a bharr craobhchas ar cceirdne,

shaorfas a n-am t’fheirge inn.


33 D’iarraidh do shíth shirid Gaoidhil

ní guth dhamhsa dol am ruaig;

ní chluinim flaith, a ghríobh Ghabhráin,

leis nach maith síodh d’fhagháil uaid.


34 Niall mhac Eachach ór fhás tusa,

ní tearc rí don fhréimh dá bhfuil;

léir ar do rian tar na ríoghaibh

Niall féin as dá fhíorfhuil t’fhuil.


35 A-tá meanma mhaicne airdríogh

ionnad, a Ruaidhrí, a rosg glas;

méin Néill Naoighiallaigh ad nuabhois,

saoirghiallaidh Néill fhuaruis as.


36 Cá mac ríogh do ríoghaibh Éireann

badh inghill riot - ní réim mion -

ar dháil mbuar nó each nó éideadh

nó ar bhuain chreach ar éigean d’fhior.


37 Nó ar léim laoch a laithibh deabhtha,

nó ar dhíoth ccuradh do cholg bhriocht,

ar mhéad meanman nó ar mhéad ngníomhradh,

far dearbhadh éd ríoghradh riot.


38 Tú as ullmha d’fhios an tachair,

’s as treisi a ngleo, a ghruaidh mar rós,

’s as doilghe tubha a n-uair ágha

’s as lugha ó bhfuair námha nós.


39 Éra ar dháimh im dhuasaibh móra

ní meinic leat - laomhdha an cleas;

ní meince, a shlat Eanaigh, éra

lat ar fearaibh tréana im threas.


40 Ó riar damh, ó léim do laochradh,

ó luach t’each, a earla lag,

le méad do chaithmhe ar crodh Banbha,

caithfe cor na faghla a bhfad.


41 Mian led mhuinntir, a mheic Aodha,

iomghuin díochra, deargadh reann,

deabhaidh dian re fearaibh faghla,

mian le Fearaibh calma Ceall.


42 T’fhian, a Ruaidhrí na ruag saidhbhir,

seachna an áigh ní headh do-niad;

do sheachna Fhear cCeall a ccliathaigh

dream as eadh ro fhiafraigh iad.


43 Do dhruim Uisnigh is eadh bhearuid

buaidh an aonuigh, ni holc leam;

bídh ód dheabhaidh san uair óla

buaidh ag Fearaibh cródha Ceall.


44 A-táid ortsa, a fhéinnidh Teamhra,

na trí buadha as-bert an draoi;

fuarus a n-uair fheadhma d’fhaicsin

buaidh ndealbha is ghaisgidh is ghnaoi.


45 Do bhí, a Ruaidhrí na ruag ccródha,

cuid ’na dhénamh dhuitsi féin

nó no as cara an saor ler snoigheadh

do thaobh tana roigheal réidh.


46 Do rosg gorm do ghrádhaigh inne,

t’aigheadh dearg is do dhéad gheal,

an grádh ní hiongnadh ’na anbhuain

do chrádh fhionnbhan bhanshluaigh Bhreagh.


47 Geall na deirge ag dath do ghruaidhi,

geall na gile ag gné do thaoibh;

fa thoil meanman do mhná táidhe

a-tá dealramh t’áille is t’aoibh.


48 A Ruaidhrí Í Mhaoil-mhuaidh mheanmnaigh,

mé ar iocht ’s ar ionchaibh Fhear cCeall;

do mhóid ná caith í gan fholaidh

ná bí, a fhlaith Codhuil, im cheann.