firstLine"; ?>

4. A Athair nua neamhda sa $
Length: short (15qq)
Certainty: 5
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. RIA 1230(23/P/16) Leabhar Breac 15th c
Prints:
  1. transl. (McKenna, AD, no. 57)
Motifs:
  1. envoi to saints Francis, Doiminic, Patrick
  2. imagery for absolution or forgiveness
  3. the Trinity
  4. God as Creator
  5. role of BVM
  6. Christian virtues
  7. the four elements
Poet Christian Names:
  1. Baothghalach Mor Duna Doighre RIA1230
Poet Surnames:
  1. MacAodhagain
Patron Christian Names:
  1. Trinity
Patron Surnames:
  1. saint
Meter Vars:
  1. Ae freislighe
Poem:

Poem in printable PDF format

A Athair nua neamhdhasa


[McKenna, L.: Aithdioghluim Dána (Irish Texts Society, vols 37, 40, 1939/40), poem 57]


Baothghalach Mac Aodhagáin cct.


1 A Athair nua neamhdhasa

do bhí riamh re n-a dhúilibh,

tar mo bhéasaibh neamhghlana

gabh chugad meise, a Dhúilimh.


2 A mhic ochta óghMhuire

do fhulaing páis dar ngráidhne,

im chroidhese i gcómhnuidhe

cuir féin tinneas do pháise.


3 A Spiorad naomh neamhmarbhtha

[re n]daoinibh glantar tighe,

tigeadh dhíotsa deaghadhbha

do dhéanamh dhuit im chridhe.


4 Féibh thángais ar th’easbalaibh

toirche oram mar lasair;

gach maith riom go neamhsgarthair

na huilc riomsa go sgarthair.


5 A Thríonóid, a thrócaire,

ná léig eadrom is m’fheithiomh;

méadaigh féin ar ndóchaisne

ar ngrádh agus ar gcreideamh.


6 Cumhachta ó n-ar nAthairne

is t’eagnasa, a mhic mhiochair,

do ghrádhsa go gclannaighe,

A Spiorad Naomh, im spioraid.


7 AoinDia uile cumhachtach,

an triúrsa is ní trí dée;

air nír cheisd a gcruthachadh

an talamh ’s an t-a-éur.


8 Níor cheist ort, a Dhúilimhse,

dealbh ai-eoir agus uisge;

do na ceithre dúilibhse

do-róine tusa duine.


9 Míchéal is a archaingil

na heaspail is na hógha

dom dhíon insan bhrathmhainnir

is na mairtíre trógha. A ath.


10 Ním creisineach miodhaoise,

im aoide níorsam geanmnaidh,

do dhiunnach mo bhiothchlaoine

gurbam eatal i seantaidh.


11 Cathughadh frí soinmhighe

aithchim gan dol i ndíomas;

dá n-éatarsa doinmhighe

ar dearchaoineadh ná ríochar.


12 A aoinDia na trócuire,

iongaibh sinn ar an charcair,

a Íosa-mheic óghMhuire,

a Spiorad naomhsa, a Athair. A Athair


13 A Mhuire tret impidhe

an Spiorad Naomh go n-ataid

im chroidhe is im intinnse

uait [an] Mac is a Athair.


14 Go dtí dhíot ar n-aithnighe

gach n-uaire d’éis ar dtuitme,

a tobar na haithrighe

dos ligh d’anairt is d’uisce.


15 San Proinnséis, San Dominic,

Pádraig Macha dom chabhair;

m’anam leo go gcoimbirid

sa bhflaith i bhfuile [a Athair].