firstLine"; ?>

40. A chroinn ar ar thoirling Dia $
Length: very long (50qq)
Certainty: 3
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Elsewhere (Louvain)
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. Book of O’Conor Don 1631
Prints:
  1. transl. (DnamBr. no. 31)
Motifs:
  1. Fasting
  2. Friar
  3. use of legal terms
  4. Biblical allusions
Poet Christian Names:
  1. Aodh BOCD
Poet Surnames:
  1. MacAingil
Apologue Subclasses:
  1. St Francis: receives his Rule from Christ
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

A chroinn, ar ar thoirling Dia


[Mhág Craith, Cuthbert: Dán na mBráthar Mionúr I, Dublin, 1967, poem 31]


Aodh Mac Aingil .cct. [1625]


1 A chroinn, ar ar thoirling Dia

’s dá dtug riaghail do Fhróinsias,

ataoi foirfe gé taoi úr,

aithris seanchus na Mionúr.


2 Dearbh leam gurab mór bhur n-iúl

ó thánuig ort Rí na ndúl;

ar Mhuire! tug eolas damh,

a chathaoir eagna an Athar.


Crann:

3 Trí bliadhna fichead ’s dá chéd

ar mhíle - ni chanabh bréig -

ó thánuig I gcoluinn Dia

nó go dtánuig sonn Froinsias.


4 Iar dtrosgadh dhá fhichead lá

mar Mhaoisi oile ar sliabh Síná,

fuair ó naoimhChríost, ceard na ndúl,

léx is riaghail na Mionúr.


File:

5 Abair rinn, a chroinn chroidhe

- bídh ar Chríosd ní is cainntighe -

cionnas tarla ’s créd an modh -

toirbhirt naoimhriaghla ar n-athor.


6 San gcuas-soin ’na bhfuile thíos,

do bhíodh ar Dhia ag gul do shíor

’s na throsgadh ar Mhac Muire

go rug buaidh na trócaire.


7 I gcionn dá fhichead lá lán,

tré dhéraibh dtroisge an bhochtáin,

tig Críosd riaras gach guidhe

ormsa i bhfioghair cholnuidhe.


8 Deachdais dó riaghail na mbocht

do ghlac Froinsias tre umhlocht;

ní bhfuil innti acht briathra a bheoil,

riaghiul do smior an tsoisgeóil.


9 Riaghail nach fríoth ó dhuine

fuair Froinsias tré mhíorbhuilibh,

ó naoimhChríosd claoitear le caoi,

naoimhléx, misi dar chathaoir.


10 Mar tharla do Mhaoisi fós,

ad-chlos sunna toirneach mhór:

Elias is a dhrong dá éis

i n-aghaidh riaghla Fróinséis.


11 “Duit féin,” raidhis ris an naomh,

“’s ní dúinne do riaghuil chaol;

beir do roghain: sgaradh rinn

nó tug dúinn riaghuil fhairsing.”


12 Éighis Froinsias suas ar Dhia:

“nach dubhart, a Mheic Mairía,

fa’n gcaoilléx, nach gcreidfeadh dhamh

ainmian fairsing na mbráthar.”


13 Ad-chlos annso naomhghuth mór

ó neamh ag rádh san aieór:

“a Phroinséis bhig, nochan fhuil

éinní uaitsi san riaghail.


14 “A bhfuil innte, is uaimsi atá,

gá bhfuil fios cruais gacha cás;

gach a bhféad, is aithnidh dhamh,

an nádúir chlaon do dhénamh.


15 “Uaithe féin ’s le congnamh ngrás

do-bhér-sa dhise in gach cás;

ní fhoghnann achd riaghail chaol

chum uilc, ó támuid rochlaon.


16 “Dá bhrí so, adeirim fa thrí:

coimhédtar gan saoibhchéill í

do réir an téax ó chridhe,

gan cheilg, i gcéill shimplidhe.


17 “An gcualabhair naomhghuth Dé,”

ar Proinsias, “dhúinn mar fhíné;

feasda ná bídh ag cor rinn,

ná hiarruidh riaghail fhairsing.


18 “An riaghail naomhtha tug Dia dúinn,

crann na beathadh isí súd

dóthchas slánuighthe tig dhi,

is sí airnéis na glóire.


19 “Naoimhsmior an tSoisgéil is í,

slighe chroiche Meic Dé Bhí,

eochair pharrthais, caoilléx Chríosd,

fíorchairt oighreachta an airdRíogh.


20 Iar gcluinsin an chomhráidh chóir

’s ar bhfaicsin an mhíorbhuil mhóir,

glacuidh Elias agus cách

an riaghail, leó gér chruadhchás.


21 Gluaistear leis an naomh don Róimh;

guidhidh an Pápa ba cóir

séala agas daingion do chur

ar an léx fuair ó Íosa.


22 Dá bhráthair dhég is é féin,

lorguire dílios Mheic Dé -

ba hí a bhuidhion ag dul dó,

d’fhios an Phápa, don tseanRóimh.


23 Diúltar gach ar iarr an naomh;

dar leosan - ba breath neamhchlaon -

fan riaghuil ’nar chuir a dhúil -

do bheith antrom don nádúir.


24 Gluaisidh Íosa cridhe Eóin,

cairdionál go millseachd mbeóil;

an t-aduocaidh fuair ó Dhia

do-ní aighneas do Phroinsias.


25 “Ní fhuil,” ar seision, “go fíor

san riaghoil-si acht briathra Chríosd

’s an léighionn do mhúin a bhél,

mar tá sgríobhtha san tsoisgél.


26 “Gan each, gan airgiod, gan ór,

gan léinidh, gan mhaoin, gan bhróig

go raibhi Críosd - follas soin;

’s go rabhsad fós na habsdoil.


27 “Is ar lean iadsan ar tús

san slighe chaoil tugsad dúinn;

cúl don tsaoghal, crádh an chuirp -

bá hiad príomhchuing a gcrábhuidh.


28 “Do tréigeadh an tslighe chaol,

ré fada, is lorg na seannaomh;

leis an saoghal ’s leis an gcorp

rugadh buaidh ar an spiorad.

29 “Do-bheir naomhord gaisgidh Dia

anos dúinn, dán ceann Fróinsias:

sucar atá d’fheidhm i bhfad

óirn, do chaloi na dtrí námhad.


30 “Éisdtear eision dá bhrígh soin

’s cuirtear séala ar an riaghoil

nó abruidh ós aird gur bhrég

Críosd, a absdail, ’s a shoisgél.”


31 Ag coinntinn mar so do chách,

tug an té fhuasglas gach cás

aisling naomhtha, anuas do neamh

don Phápa, an cruas lér sgaoileadh.


32 Ad-chí ag tuitiom, síos go lár,

eaglais naoimhEóin Laithearán;

fíordhuine bocht - iongnadh sin -

’gá chongmháil ar a ghuailibh;


33 Pailm isir a chosaibh d’fhás

ag cor a ghég suas ó lár

gus na sbéiribh - do thuig iad

iar dteachd chuige do Phroinsias.


34 “Ag so an bochd,” ar an Pápa

“gabhal droma diongmhála

dár naoimheaglais, Dia na nGrás

tug ó thuitiom da comgmháil


35 “Ag so an phailm dhíreach ghlan,

crann nach gcromann go talamh,

crann ó a bhfuighiom - deimhin linn -

toradh naomhthachda is léighinn.


36 “Mo bhreath, a bhoicht, dá bhrígh so:

an riaghuil tug duit Íoso,

bíodh daingean; glacuidh cridhe,

seanmóir dúinn an aithridhe.”


37 Ó sin suas, nochar sguir riamh

céidcheann na n-ord mbocht, Froinsias,

gan a láimh agus a bhél

ag síorsheanmóir an tsoisgéil.


38 Congmhais féin ’s ar lean a lorg

an eaglas suas léna n-ord,

is gach aird - is follas soin -

thoir, thiar, seachnóin an domhain.


39 Pailm thoirtheach ag cor a gég

as gach áit go neamh na néll;

lugha ina síol - mór re a rádh -

na huird oile go hiomlán.


40 Dá phriviléid tug dhó Dia:

mórghrádh ar a ord go mbiadh;

’s gach leathtrom do-ghéntaoi air,

lámh Dhé go luath dá dhíoghail.


41 Onóir oile fuair an fear,

nach tugadh fós riamh d’éinneach

acht dósan, créuchda Dé dhil

do láimh Chríosd, ’na chúig croidhibh.


42 Mo chean don chorpán ’na bhfuil

armas fuasgluidh shíl Ádhaimh

- naomhlámh Chríosd féin agá chor -

céir croidhe Críosd dar sheoladh.


43 Labhairt ar so damh ní dú;

gluais, a bhráithrín bhoichd ó Dhún,

go hAlvérn, ’na bhfuair ó Dhia

na séla naomhtha, Proinsias.


44 Abradh gach aon a chuid féin;

ní leamsa acht tsach Proinséis;

mór dá mhíorbhuilibh ’s dá chéim

do-géubha ar airdshliabh Alvérn.


45 Madh áil fuilleadh, gluais arís

as sin go cathraigh Asís,

a-bhaile a bhfuil - diongna an cor -

an naomh mur bheo ’na sheasamh.


46 I bhfioghair chroisi a chorp úr

’sa aghaidh ar Dhia na ndúl,

a naoimhchneadha dearg a-niodh,

fuil riú, dar leat, ag siliodh.


47 ’S iomad naomhchorp ar gach dtaobh;

iomlán cheithre gcéd acht aon

do bhliadhnoibh dhósan gan chur,

’na lár, uaidh féin ’na sheasamh.


48 Do ghéabhae i n-áitibh oile

go fairsing a mhíorbhuile;

ní thabhraim-si achd airdiúl daoibh

ar mhórdháil ndiadha an ardnaoimh.


File:

49 Mo chean duit, a sheanchroinn úir;

mór an t-eolas tugais dúinn;

tre mhéd th’fheasa, creidthe dhamh

gur thurn ort eagna an Athar.


50 Guidhim Dia do thoirling ort

’s do dheachd dhíot riaghail na mbocht

go gcoimhlear go hég a choing;

do bheannachd liom a naomhchroinn! A chroind