firstLine"; ?>

400. Ceann na rioghraidhe ri Uladh $
Length: long 44qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult.
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA2 (23/F/16) O’Gara MS 1655-9
  2. BL Egerton 111 F OScannail 1818
Motifs:
  1. imagery to describe patron
  2. patron’s liberality to poets
  3. war with the Foreigners
  4. territory as king’s spouse
  5. Kingly Functions:binding men together etc
  6. tribute (cios, cain)
  7. High-kingship of Ireland
  8. comparison btn homeland and highkgshp
  9. citation of historical precedents
Poet Christian Names:
  1. Seaan Buidhe (RIA 2)
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh
Patron Christian Names:
  1. Toirdhealbhach Luineach
Patron Surnames:
  1. O Neill
Apologue Subclasses:
  1. Cath Muighe Leana
Meter Vars:
  1. seadhna
Poem:

Poem in printable PDF format

Ceann na ríoghraidhe rí Uladh

[RIA 2 (23/F/16), ‘O’Gara’, 208]

Seaan Buidhe Ó Dalaigh cecinit

[Séadna, Dán Díreach]


1 Ceand na rioghruidhe rí Uladh

Ulltaigh ós cách do chuir sé

tearc ar chlú a ccumaidh a ttreinghníomh

cnú mhullaigh gach einríogh é.

2 Na cuig cuigidh cía dá bfhreagruid

fiarfaigh d’eolchaib[h] fhóid Dha Thí

a theisd da madh áil a haighneas

nír ceisd fár chóir aidhneas í.

3 Suil fúair Toirrdhealbach tús righe

righe ris ní rainicc síad

do thuill a rádh os gnáoi Ghaoidheal

nír lán cráoi don áoinfhear íad.

4 Mur ta an rí-si os rioghradh Connacht

’s ós ceann mhaicne Mhodha Néid

síol Néill na maoidheamh ’na mhasla

aoinfher dhíobh feain tarsa téid.

5 Ceannas Ulltach ní hé mhaoidhim

ar mac Neill fa neartmar sluagh

a seilbh a ccapra ón tra tiachair

táth Banbha is da fhiachaibh uainn.

6 Gebhaidh Ó Néill neart an Cuinn-si

Conn mac Úna ba hard gníomh

nir ghabh sé cúigeadh a ccomaidh

ar chuigear ’na roghain ríogh.

7 Rioghacht cuiccidh on chath Gallda

ni ghebadh Criomhthann nía Náir

’s ní dheanadh riú roinn fán rige

Goill a-niu gidh dínne dháibh.

8 Lugaidh Sriabh Dearg na ndúas rioghdha

gan roinn Éirionn dob fhiu a chlú

a chrann seóil cubaidh dar ccabhra

a ndeoidh Lugaidh tarla tú.

9 Feidhlim Reachtmur fá rí a tTeamraigh

tuilleadh ’na cheann do cuir sé

ar tós acht gur theigh ré Fheilim

nós Í Néill fá Éirinn é.

10 Cread fa roinnfeadh rioghacht Eirionn

Ua Neill Caille re Cloinn Néill

fada a feidhm roghan don ríghi

gabadh le a seilbh fíre féain.

11 Fá chúan Bóinne beiridh sidhe

seabhac Banna na mbrúach tte

budh móide a trén dréim re deabhtaibh

rén Í Neill go ndearbhtar dhe.

12 Gebaid[h] Toirrdhealbhach tréan Laigean

lá in tionoil suil tí tar ais

budh mór [a]gá ndíol um daighfleidh

go cor riogh ar Laignibh lais.

13 Gearr go lingfi laochradh cCaisil

coimmeas Tórna tiocfa riú

lé raignibh curadh chlair Fhodla

cáin Mhuman go ttogbha tú.

14 A ráith Cruachan cuirfi[dh] seision

Síol bFheargna acht go bféacha sé

rí ós Chrúachain do Chloinn bFheargna

ag roinn núachair Teamra Té.

15 Fuicfidhear leis lá na togha

an tra lingfeas ón leith túaidh

a rogha ríogh don fhréimh Ulltaigh

dó Síoll Néill a hUlltaibh uaidh.

16 Do-ghéna [fós] feis na Teamhra

ar Theamhraigh Chuinn cuirfidh séilbh

ar lórg anma na ríogh reimhe

díon Banbha gur bheile on bheirn.

17 Fúaras ó [leg. ar?] Conn na ccath meinic

ní misti an sgéal sgáoilfeas mé

ma tá nach sgéal núidhe a-nallan

duinne bá [sgéal] and(h)amh é.

18 Ceithre cuigidh do chrích Éireann

a n-agh[aidh] Chuinn do-chúaidh síad

mó na cothrom dhóibh do dháoinibh

rothrom an tóir áoinfhir íad.

19 Nír ghabh le Conn cuingidh Fód(h)la

acht fían Chrúachna ’sa cceann slóigh

’s na fir ’ga mbíodh teann na Teamhrach

geall a ngníomh ar dheaghrath dhóibh.

20 Do fógradh Conn ó chrích Uisnigh

go hucht cCruachna nír chéim tais

ní thucc biodhbha ar ar bladh báire

’s nírb iomdha ag car láimhe lais.

21 Leanais Modh Núadhad náoi ccatha

Conn is annr-. (?) Mhuighi hÁoi

fada ar Mhumain é ’ná fhaghlaidh

re thuraidh (?) or ghabhlaigh gnáoi.

22 Na náoi ccatha-soin chrích nÉirionn

a n-aghaidh Chuinn nár cleacht tlás

suighidh a hucht tholtair [leg. thobair?] Tlachta

lucht chogaidh ’sa bfalta ar bfás.

23 Conn ar theaguscc Chonaill Chrúachna

cuiris teainnti bá túar áidh

’s na náoi slúaigh gan bhoing da mboghaibh

a ccóill rúaidh ar chomhair cháigh.

24 Fillid tar ais san iúl céadna

ó Chonn áirsidh Átha Líag

nár dhóibh eladh acht ar eaigin

dob eanfhál slóigh eididh íad.

25 Leanais a-níar na náoi ccatha

Conn Céadchathach cneas mur thuinn

ar na náoi ccath no gur cuireadh

do bháoi a rath ag cuireadh Cuinn.

26 Tuitis le Conn ceile Teamhrach

triath Easbáinne anba an gníomh

’s fithe céad san ádh a n-áoinfheacht

tread gar cládh a ndraoig[e]acht díobh.

27 Rioghacht Eirionn d’éis an chosccair

Conn Céadcathach nar char geis

cairt na Teamhra ó shoin fá shela

a sealbha a Moigh Léna leis.

28 O Néill Caille as Conn mac Úna

ionann duthchas dhligheas síad

croinn os chóill re cabhur Ghaoidheal

croinn taraidh ós aoinfhiodh íad.

29 Bíodh ag Ó Neill neart na Fod(h)la

murair Conn nó céaim is mó

a ccan mé as (doilligh) doiligh a dhimheas

ós é as oighir díleas dó.

30 Ní bhíadh roinn ar riogacht Éirionn

acc úa na nArt anfaidh

a mían féain ar Bhanbha beiridh

tarla ceile deimhin dí.

31 Sealbh bhar n-aithreadh ar iath cCobhtaigh

ós ceann Gáoideal(h) gébaidh sibh

ní théid cáoilfhiodh a ccló bhile

ní ró áoinfhear righi ribh.

32 Sé rígh dhéag dó fhás ó Eogan

ós iath mBanbha do bhí an tréad

ar a cclú nír cleachtadh teimeal(h)

as tú an seasmadh [leg. seacht-] deighfhear déag.

33 Ná beanadh dhíod Dún Dá Leathghlas

an lia Fáil os fada a sgís

no an Bheann Bhorb tar a feart (?) féile

teacht ar lorg do fhréimhe a-rís.

34 Ar Dhún na Long no ar Loch Feabail

fiadh Tailltean na tréigi[o]dh sé

da madh sgur d’Ó Neill ni neamhghuth

gan dul do léim Teamhrach Té.

35 Ar Dhún Sobhairc nó ar Dhún Droma

ar Dhún Libsi na learcc tte

d’Ó Neill as eidir gan anadh

na léiccidh leaim Danar dhe.

36 Ar Mhagh Líne no ar Loch nEachach

ar iath Macha ná múr réidh

fían Eamhna ní trath da tturbadh

ráth Teamhra na fu(i)lngadh féain.

37 Do thabhach comthadh chrích mBanbha

biodhgfaidh Ó Neill le neart slúaigh

fearcc [...] roibhinne fán ríghi

én soininne an tíre túaidh.

38 G[é]ar leó tarrsa da ttrian einigh

úaisle Gaoidheal guirt Dha Thí

an geall tug Néidhe don Níallfhuil

ní rucc Éire is iarraidh hí.

39 Mar tá fós a mbélaibh seanchadh

sealbh Fhód(h)la ní furáil lais

gan fhuil(l) ríogh ag dréim re a dhaoinibh

Ó Neill ós shíol Gaoidhil Ghlais.

40 Fada a-táid re teisd nar filleadh

fuil Eoghuin lé n-éirghid slóigh

ar ceann cleire ’na mbuaiph bleachta

féile an úair budh deacra dhóibh.

41 A mbladh os cách cuirid sinnsir

Síol Eogain an einigh láin

acc so ar mbreath don té nach ttainaicc

a mheath dá mbé a ccáruid cháigh.

42 Tonn feile as oirrdearca tairthi

tírthi biodhbadh bhíos dá híoc

tonn nach bfhogaim clú na cáruid

dó chrú Conaill tainic tríot.

43 Nír imir beart acht beart oirrdearc [210]

ó áois leinibh lór dó gnáoi

ré lán nárbh éidir gan fhógra

gur léigeadh clár Fód(h)la fáoi.

44 Ré shoininne shleachta ríNéill

rí le ttéighfi Teamhair Breagh

do ráth Lugaidh as é as oighre

ré thuraidh re coimhge ceann. Ceann...