Poem in printable PDF format
Ceannas
Ghaoidheal do chlann Cholla
[A. Macbain and
Rev. J. Kennedy (eds), Reliquiae Celticae II (Inverness,
1894), pp. 208-10]
O hEnna do rinne
so d’Eoin a hÍle
1 Cennus
Ghaoidheal do chlann Cholla,
coir a fhógra
síad a-rís ’na
gcathibh cétna,
flatha Fodla.
2 Cennus Eirenn 7
Albu(i)n
an fhuinn
ghríanaigh
a-ta ag an dréim
fhulidh fhaobhraigh
cuiridh
cliaruidh.
3 Fuair cennus na
haicme uile,
Eoin a hÍle
fuair Alasdair
flath na feile,
rath na
ríghe.
4 Domnall Eoin 7
da Aongus
’man fhial
fháoilidh
cethrar do bhen
riar do righibh,
’sdar ghiall
Gaoidhil.
5 Domnall is
Ragnall don ríoghradh
riamh nar
tughadh
Somuirle nar
mheall a moladh
cenn na
ccuradh.
6 Cethrar ó
Shomairle shúl ghorm,
suas go
Suibhne
ceathrar sin nach
foill n-inbhe,
coir a
gcumhne.
7 Seisior o
Suimne riomh rathmar,
go rígh Colla
fion aca fa
bhruach Banna,
a cuachuibh
corra.
8 Da n-airfinn an
ttainig uime,
d’úaslibh
Ghaoidheal
beim ar enghluin
úadh go hAdhaimh
ni fuair
aoinfher.
9 Ag so tres do
ginealach Gháoidheal
mar do
ghellus
an drem-sa ris
nar chóir coimes,
’sdar choir
cennus.