Poem in printable PDF format
Ceannas na féile
ag fuil Fheidhlim
[Ó Donnchadha, T.
Leabhar Cloinne Aodha Buidhe, Dublin, 1931, poem 29]
Niall Óg Mac
Muireadhaigh .cc.
1 Ceannus na
féile ag fuil Fheidhlim;
urruim an chlú
cosnaidh síad;
coimhmeas cáigh
rú ma do roighneadh,
san chlú as cáir
do hoirneadh íad.
2 Go mac Seaáin
na slegh gcorcra
i gcrúas teannta
ní thiad slóigh,
dá bhfaghthur leo
é ’na aonur
’sé san ghleo ná
taobhadh tóir.
3 Leaptha sróill
da seachna as oircheann;
uisge a chuirm go
gcuirenn glíaidh;
tug ar
fhírshreibh, re feadh bhfaghla,
seal do
ríghfhleidh Banbha Briain.
4 Eura faoi ní
faghthar d’aoidhidh,
dha fhéile i
gcách cuiridh sé;
ní bhí nert gan
díol do dheoraidh,
do reacht [ríogh]
ó nEoghain hé.
5 Ní dhiúltfa
triath truime a chomhadh,
i gcert Gaoidhiol
do gheibh díol,
cáin í Éanna fa
fhonn nEarca;
trom an seula
reachta ríogh.
6 Rioth teangadh
mur thabhach n-osaidh
ar ua mBriain ní
beg do chrích;
an feadh do
gheall anmhoin d’adhnadh
nírbh fherr
d’fhaghlaidh snadhmadh síth.
7 A rogha fleidhe
feadh sluaghaidh
gach sreabh fhuar
i n-aimsir the;
ní iarrfa ar
foghail fíon d’aoinfher
dá bhfoghair díol
draoidheadh dhe.
8 Da lucht iomtha
dob fherr locadh
i laibh gleo nó
gabháil sgiath;
techt dó ’na
aghaidh gan arma
cabhair as mó
tarla ag triath.
9 I dtáighe ní
théid a mhaoine
mac Róisi go
riarann dáimh;
ní ferr drud ris
an tráigh thoraidh,
rug ’na láimh ar
chomhaidh cháigh.
10 Meinic teguid
i dtír námhad
naoi mílidh as mó
do leth,
ní fhuil tír in
nach bí a mbiodhbha,
na trí trír ní
thiobhra astech.
11 An stéd sidhe
ag soighin Énrí
go háth na glíadh
greasfaidh sé;
dámadh é mian
eich go héigin
srían ar gach
leith léigidh lé.
12 Síol gCuinn
riamh ós ríoghraidh Gaoidheal;
gnáth a bhláth
mur bhíos an fiodh;
ní racha i gcló
fréimhe Féilim
dá ró an fhéile ó
Éirinn d’fhior.
13 An Lia Fáil, ó
fríoth ag labhairt,
ní léigfe dhaoibh
dol i ngliaidh;
bíodh ar leic
Lughaidh a labhra:
an cubhaidh dheit
Banbha Briain.
14 Ní thig neach
ó neimh a ngona
na gaoí throma
theilgfe i gcéin;
táth i ndiaidh
áluidh bhur n-omnadh
do sháruigh
líaigh foghladh féin.
15 Neach ghud
lenmhuin i lár troda
techt ar gcúl as
cóir do iarr;
fada le fer gan
ibh d’fhilleadh
do len sibh i
ngrinneal gliadh.
16 Ní bhia duine
gan díol éiges;
amhlaidh bhíd mur
bhíos do chuing;
éigin an dúais
iarfa d’fhilidh
do ghúais
chliachdha chinidh Cuinn.
17 Tarraidh súil
le silleadh aindre
ortha ghráidh dá
ngabha socht;
bean ar do thaobh
don tigh tarla
do bheir claon na
habhra ort.
18 Beag dot onóir
d’éigsibh Banbha,
a mbia it thigh
ar a dtoil bhíos;
uachtar tighe fan
chléir chuire,
fine Néill ag
suidhe síos.
19 Roinn teasca
ní thabhra d’aoinfhear,
t’fhéile ríamh ní
raibhe ar dáil;
ní fhuighfe tú,
an tan fá roinne,
acht bladh don
chlú i gcoinne cáigh.
20 Céile deabhtha
i ndiaidh do ghona
gerr go sníthe
snáithe a ré;
búain ret
fhalaidh i mbeirnn bhaoghail
feidhm i
n-aghaidh aonaigh é.
21 Do shíol Néill
do níd a bhfiacha,
feadh gach tíre
tarla an chuing;
beirid cách na
comha id choinne
i dtráth togha
chloinne Cuinn.
22 Tig ar
h’uilinn re hól fíona
fer ré ngliaidh
do gheubhadh sgáth;
do ghúais a mbí
d’éigin uirre
léigidh rí dot
uille ar áth.
23 Th’eachra ag
dáimh i nduasoibh laoidheadh,
léige ara mbreith
bruta sróil;
acht ní nár
fhoghain don fhilidh
ní bhí oroibh
d’idhibh óir.
24 Faghthur dhuit
ó dhúthaigh biodhbhadh
do bheith féin,
nó faghthar troid;
íochtar le triath
ar bhrúach bearna
luach na bhfíach
nach dtarla dhoid.
25 Dá n-aindís
gan adhaint Banbha
ní bhí iath nach
amhlaidh dháibh,
an gcoisgfe sin
t’fhéin don fhoghoil
a dtoil féin do
chomhaibh cháigh?
26 Dámadh í an
bhreth bheire ar úairibh,
umhal cách at
chánaigh dtruim,
ga rogha d’Íbh
Néill do níthe,
géill nó comha
críche Cuinn.
27 Gan snaidhm
giall i ngeubhtha an chumha,
gan chur
n-iorghaile a ua Bríain;
suil cuirther
sréin óir ret eachra
do chóir féin do
gheabhtha i nglíaidh.
28 Ní tú as
cuibhdhe i gcomhlann aoinfhir,
t’fhoghlaidhe i
gcléith chuire thort;
nírbh fhiú libh
aghaidh ar éinfher
ag sin cabhair
fhéineadh ort.
29 Do leanmhoin
ní lamhaid gasraidh,
gráin a dtreas re
talmhoin rú;
usa le cách cur
réd chomha
dul ar áth dá
dtogha tú.
30 Ní bhia cách i
gcoimes th’oinigh,
a ua Bríain le
mbronntur cion;
fáth do chur
bloidhe nó béime
dul i ngoire
t’fhéile d’fhior.
31 Foghluim do
chleas do chúaidh d’aoinfher,
uathadh i ngleo
gheubhus rú;
cuirthe mur
iongnadh é ar fhéinnidh,
dá ndiongmhadh sé
i dtreíghibh thú.
32 Ó chnúas
trágha tíre Banbha,
ar bhúain arbha
ní fhuil neart,
tairthe fuinn do
folchadh uaidhe,
torchar ó Thuinn
Tuaidhe ag techt.
33 Coinnmheadh
aoidheadh an úair dhíoltar
dáile ar
th’óghbhaidh t’fhuighioll cís;
mur fuair féin ó
chách nó comha
gnáth le cléir a
rogha arís.
34 I n-áit
chubhaidh gur chuir ollamh
gan ól fíona
fuilngidh sein;
ar pheall sróil
go suidhe an file
ní fhuighe fóir
Line fhleidh.
35 Ua na Niall ma
do ní cionta
críoch Fheidhlim
ní fhuil ’na ndiaidh;
ní loc suirghe ar
a fer faghla,
cuimhne a shen ag
Banbha Briain.
36 D’omhan Énrí
ar fher gcliachdha
chuige i ngliaidh
ní gheubha sé;
gúais le cách a
ndíth do dhénamh,
fríth ar áth ’na
énar hé.
37 An sgol nua
suil do ní suidhe
seóid bhuadha do
bherar dhóibh;
síol gCuinn, mur
do fhégh ar fhilidh,
ag buing mhér a
hidhibh óir.
38 Fáth aoibhnis
amharc a cumhdaigh
cúirt
Dhubhchairrge nach dubh gné;
d’fhéile í Éanna
san dún daoineach
múr gan eura ar
aoinneach hé. Ceannus
39 Móide maoine
Marta Stathbhard,
sduaigh
uichtgheal gan eura um ní;
san áit i mbiadh
ní fhúair aoinfher
úain ar ríar na
ndraoidheadh dhí.
40 Teist oinigh
inghine Framsaoí
fada ó chéile do
chuaidh soin;
téid tar bhéine
bhan na Banbha;
do char féile
tarla a toil.
41 Failghe órtha
ar a hocht méraibh,
mór maoine budh
mesta dhóibh;
aghaidh nár gan
éimhdheadh d’fhilidh;
lámh mhéirgheal
go n-idhibh n-óir.
42 Do fhoghluim
Martha ós mnáibh Gaoidhiol;
tar gnaoí ríoghan
rachaidh sí;
ar mhéd raith is
togha tréidheadh
maith an rogha
d’éinfher hí.