firstLine"; ?>

404. Ceannphort Eirenn Ard Macha $
Length: very long 47qq
Certainty: 3
Period:
  1. 13th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. praise of church cp
Manuscripts:
  1. NLI G992 Nugent MS c. 1577
  2. RIA 1404 (24/P/41)T. O Neachtain 1723-
  3. TCD1346 (H.4.4) Hugh O Daly 1726-50
  4. Maynooth C 81 O Curry transcr. G 992
Prints:
  1. transl. Williams, Poems GBM no. xvii
Motifs:
  1. territory as king’s spouse
  2. fertility in reign of just prince
  3. tribute (cios, cain)
  4. prophecies of a ruler
  5. list of tributary churches
  6. Historical comparisons
  7. houses and furnishings
Poet Christian Names:
  1. Giolla Brighde (G 992, TCD 1346)
Poet Surnames:
  1. MacConmidhe
Apologue Subclasses:
  1. Successive invasions of Ireland
  2. Padraig: cure of woman who swallowed snake
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Ceannphort Éireann Ard Macha


[Williams, N. J. A.: The poems of Giolla Brighde Mac Con Midhe (Irish Texts Society 51, 1980), poem 17]


1 Ceannphort Éireann Ard Macha,

baile uasal ardfhlatha;

táraill mar ghormCholt ngleannach

longphort álainn aifreannach.


2 Re hArd Macha an mhúir aolta

go bráth ná bioth t’easaonta

go seanChorcaigh na bhfleadh bhfionn

i gceannphortaibh fhear nÉirionn.


3 Taillte is Nás Laighean na learg,

Oileach is Eamhain fhíndearg

- gan teacht tuirseach uatha d’fhior -

Uisneach is Cruacha is Caisiol.


4 Teamhair na ríogh, ráth na ngiall,

iostadh rob áille foirniamh;

Ard Macha ós mhúr na Teamhrach

gér dhún datha deighdhealbhach.


5 Ceannphort gan aois, gan urchra

Ard Macha an mhúir neamhdhorcha;

Pádruig an tealaigh do thogh

ós Eamhain fhádbhuig Uladh.


6 Teampall Aird Mhacha an mhúir chuirr

ni lugha náid trí teampuill;

grian an teampuill bhric bhadhbha

’na lic ceanntruim chathardha.


7 Mionn luchtmhar chloiche cuirre

slinnteach darach díoghuinne;

do téigheadh a taobh sleamhain

le haol ngléigheal ngéiseamhail.


8 Sgáile óir a dealbh ndathach

in Ard Mhacha mhórchathach;

a-tá a haol ar dath an duinn

gach clach i dtaobh an teampuill.


9 Gormthar le gloin na bhfuinneog

sróll uaine san orsuinneod;

ós cionn chroiche Dé na ndúl

gné na cloiche arna gclaochlúdh.


10 Do shróll chorcra chiomhas ngeal

altóir álainn ’gá héideadh;

gach peall i bpurt na Rómha

fearr in ucht na haltóra.


11 Ar chochlaibh áille aifrinn

coiligh óir san iodhainchill;

ionmhain brugh litreach leabhrach

nach silteach dubh doidhealbhach.


12 Ar stuaigh an teampaill taoibhghil

- caora de ’na ndeargaoibhlibh -

seiniobhar do-ghéabhtha glan;

deighionadh léaghtha leabhar.


13 Coimhsheinm chlog is chléireach mbinn

ar lár theampaill an Táilginn;

teanga bhinn cheann-nuaidhe chluig

i gcill phealluaine Phádruig.


14 Fairche Phádruig phuirt Mhacha

Banbha fár bhris mórchatha;

a céile an Breatnach bádhach

Éire ealtach fhuaránach.


15 Gur thriall tar muir mac Alprainn

fir Éireann in anacfainn;

an chlí ainglidhe dob fhearr

do bhí i dtairngire an Táilgeann.


16 SeinFhionntan mór mac Bóchna

tíg in Éirinn armórtha

chugainn do ghnáth dá gabháil

ar sgáth phubaill Pharthaláin.


17 Clann Neimhidh ós gach neartchloinn

in Éirinn ’gá hoireachtroinn;

Éire ag Cloinn neartmhair Neimhidh

beantair don droing dheigheinigh.


18 Do bhí Fódla ag Fearaibh Bolg

tar éis urluidhe a n-órcholg;

a bhfíoch fa Éirinn uile

críoch Fhéilim is Úghuine.


19 Suidhid Tuatha Dé Danann

in Éirinn na n-ógabhall

láimh re seanráith móir Midhe,

fa Bhóinn ngealbhláith ngainmhidhe.


20 Éire ar iasacht ó gach fhior

go mórghabháil mhac Míliodh -

a gléire ar a dtí ag tíonól;

do bhí Éire ag Eiriomhón.


21 Ainnséin d’aimsir na gcuradh

roinn Éireann ’gá hordughadh

gan ní im thuinn ngléibhinn ngealmhoill

d’Éirinn Chuinn gan chúigeadhroinn.


22 Táinig Pádraig puirt Bhreatan

i mBanbha na mbáineatal

- fios i dtairngire, fios Finn -

dár sgrios ainbhfine a hÉirinn.


23 Do bheannaigh sé sluagh Banbha

Pádraig na bpeann n-allmhardha;

naomhadh Mhuighe féarghlain Fáil

guidhe an éarlaimh a hEaspáin.


24 Coiseargais Éirinn uile

ar fhud Innse Laoghuire;

Éire shráidshliom na dTrí dTonn

do bhí an Táilgionn ’na tiomcholl.


25 Ag so ar Pádraig puirt oinigh

uarán uirsgeoil mhíorbhoiligh:

ón Bhreatnach ar neamh néallach

peacdhach budh fear fíréanach.


26 Bean do ibh nathair nimhe

le huisge ngorm ngainmhidhe

in Albain tonnuaine thoir

fhonn-nuaidhe ardaigh fhéaroigh.


27 Rug an nathair ’na broinn bhuig

toircheas dá dtarla treaghuid;

ní fhuair sí ag fáidh ná ag fisidh

ní do thráigh an toirchissin.


28 Ar líonadh mheadhóin na mná

don taobh eile níor iompá;

alacht mór nathrach nimhe

’na smól tachrach theintidhe.


29 Seandall i mórDhún Monaidh

rob é an t-eolach éagsomhail

gur theagaisg sé an mnaoi málla;

nírbh é an draoi nár dhiongmhála.


30 “Gluais ród go Pádraig na bpeann

do bheannaigh inis Éireann;

beag nár sgrios neimh na nathrach

a-deir ar bhfios freagarthach.”


31 Mar do bhean bord a loinge

re cuan nÉireann ucht-toinne

- mór an rath ráinig a leas -

a-mach táinig an toircheas.


32 Bean a hAlbain do fhóir sin

aspal a hÉirinn aingligh;

an Táilgionn gan tocht tairis

an port báidshliom beannaighis.


33 Canfad re haspal nÉireann:

- oirdhearc nós a naoimhchéimeann -

deamhain tar tuinn do theilgis,

Teamhair Chuinn do choiseirgis.


34 Tréan an Tighearna neamhdha;

treise thú as an Tighearna;

fear gan ghuidhe naomh nimhe

budh saor uile ót impidhe.


35 Iomdha uait in Ard Mhacha

leabhair bhreaca bhallacha;

díon na gceall agus díon duid

ar sgríobh do pheann, a Phádruig.


36 Tú íocshláinte gach anma,

tú an cumhachtach cathardha

do dhíon bhaoghail an bheatha -

síodh re naomhaibh neimhneacha.


37 A hucht Dé do dhealbh an muir

saor inne ar olc an tsaoghuil;

ar n-uilc fágmaid ar foláir,

a Phádraig phuirt Phartholáin.


38 Tugas liom mar luach loghaidh

ó chill uasail éarlomhaigh

cíos Phádraig ó phurt Rómha;

fágmaid in ucht altóra.


39 Do chur chatha ar chath ndiabhail,

d’argain ifrinn ilphíanaigh

- fearchonta ód tréidhibh an troid -

cléirigh pheallchorcra Phádroig.


40 Is í t’eanroilig uile

Éire, Inis Laoghuire;

gan chúis cuirp do chora i gcill

ar ndola an uilc a hÉirinn.


41 Neamhnár mar a-tá a toradh

críoch Bhanbha arna beannoghadh;

toirthe i muigh tre mhac Arplainn;

slat ní fhuil in anacfainn.


42 Ní beag ar Pádraig na bpeann

snáithe d’éadach na hÉireann

do chosg uilc an tíre thoir

tar mhíne gach phuirt phiastoigh.


43 I dtráth chaismirte an chluig bhinn

líontar teampall an Táilginn;

tre orthaibh léighinn gan locht

d’Éirinn Chobhthaigh is ceannphort.


44 D’uaislibh na gceall tiar is toir

Ceall Chonna mhóir mhic Fhionntoin;

dronga fa a theanncar ag tocht

teampall Conna na gceannphort.


45 Ceannphort Connacht an chuain bhuig

Oil Finn ag pubal Pádruig;

a fhearg tre dhíoth chruidh na gceall

is críoch ar nach fuil foirceann.


46 Caisiol na ríogh ráth Pádruig

san Mhumhain mhóir mhiodhfhádbhuig;

gi-bé fear do-chuaidh ’na cheann

neamh ar n-uair nochan fhaiceann.


47 Cruach Pádraig na bpuball ndearg

ceannphort Banbha na mbraoinlearg;

’na ród ghnáth le huair n-airce

do-chuaidh cách ar cumairce. Ceannphort.