Poem in printable PDF format
Ceard
aithreamhail eineach Gaoidheal
[Ó Donnchadha, T.
Leabhar Cloinne Aodha Buidhe, Dublin, 1931, poem 35]
Lughaidh Óg Ó
hEachaidhén .cc.
1 Ceard
aithreamhail eineach Gaoidheal
gúais da
n-oighribh isé a suim,
bláth na fréimhe
ar chor na coille,
cor le féile
chloinne Cuinn.
2 Dol ón
oighreacht dh’éis a chéile
cia dhíobh ar
nach biadh ’na bhéim?
deacoir righe do
réir chlechtaidh
re fine réidh
nertmhuir Néill.
3 Álgus aoidheadh
an uair choisgid,
budh cobhair
dóibh dáil a mbúair,
tiocfa dhíobh gan
daoire an deoraidh
na maoine ó shíol
Eoghain fhúair.
4 Sliocht Briain
Bhallaigh do bheir athnamh
d’éigsibh Banbha
ag bronnadh creach,
dá ndeach file i
gcóir ar cheanaibh
le fóir Line
berair breath.
5 Ionnmhus nach
uair Art mac Seaáin
saoilid filidh go
bhfúair sé;
cia do bheuradh
díol do dheoraidh
dá n-euradh síol
Eoghain é?
6 Ní thiocfa ris
um réir ndeoradh
déunamh aithris
ar fhuil Néill;
ní beag do dhíon
ar bhuing béime
do shíol Cuinn a
bhféile féin.
7 Cunntus
dáileamhon díol éigios
ní iarrfa ar
chách comha as mó;
ní théid i síodh
d’oighre Áine
nach doilghe díol
dáimhe dhó.
8 An Lia Fáil is
futhaibh labhrus
laoich ó gCuinn
mad cian ón líg;
atáid, do chóir
tighe Teamhra,
fóir Line sa
bherna i mbíd.
9 Do gheubha sé
ar son a chóra
ceadh cogaidh re
ceannaibh sluaigh;
ag sin díol í
Chuinn san chomhaidh;
síodh da druim ní
oghoir uaidh.
10 Cosnaid
tóronna Trian Conghoil
cur le hArt másé
do níad,
do shíol Néill ar
ndol i ndaoínibh
budh réidh ar
thol aoinfhir iad.
11 Le síol Néill
dá nadhmadh Banbha
breath dhíreach a
dul fa a gcuing,
dob fhiú tarbha
Airt don fhilidh
dá labhra ar
chairt chinidh Cuinn.
12 Mac mic
Briain, gibé nár dherloig,
dáilfidh bú agus
berta sróil
ní théid aoidhe
tar fhiadh Line
nár iarr maoine
acht idhe óir.
13 Troid um
cheannus críche Macha
meinic nach
bhfúair fine Néill;
comhthaigh gliadh
oile ní oghar,
fian Doire aga
fromhadh féin.
14 Do dháilfeadh
sí a séda buadha
barr teineadh
suil téid ór ráith;
a bheith gan díol
rug do roghoin;
ní thug síodh ar
chomhaidh cháich.
19 Fogus daoibh
an dream dán córa
clár Banbha do
bheith ’na gcairt;
dob adhbhur rúin
é dot fhaghlaidh
dá mbé a shúil le
hadhbhaidh Airt.
20 Led líon
feadhma ag foghail biodhbhadh
béarair cluiche
fa chlár Té;
a dtéid toraibh
go Trian Conghoil
omhoin d’fhiadh
an fhoghlaigh é.
21 Fighe réidh ar
reighlén bhfoghal
nírbh fherr libh
i gcúirtibh chailc;
do bheith i
n-earradh fhir fhaghla
ceangal libh ar
adhbha Airt.
22 Taibhghidh tú
ar an té nach díolfadh
duasa d’éigsibh
Innsi Fáil;
Ní chuirfe [ní]
ar fhéin don fholaidh
nach bí ag cléir
do chomhaibh cháigh.
23 Do sireadh da
sédaibh búadha
bruighion talmhan
gur thegh nocht;
bentur a síodh le
fuil bhFiachaidh
díol ina bhfuil
d’fhiachaibh ort.
24 Uain deabhtha
ní dó do bheire
gibé adeir nach
díolfa an chóir;
bheith dhaoibh
fan gcána do cheangal
nír chaoil brágha
i n-earradh óir.
25 Do bhronnadh
gibé nach sirfeadh
i séd nár bhraith
do bhí a chuid;
do bhreath féin
do iarr an t-aoidhe
nach biadh réir
badh daoire dhuid.
26 Do lucht
diomdha as dóigh da locadh
lenmhoin
t’fholadh masé a rún,
do bheir tríath
do láimh mur Lugha
i ndáigh fhiach
do chura ar gcúl.
27 Lá do
fheuchois d’fhoirm na leabhar,
lá oile do
adhnuis crích,
puirt ríogh it
fhalaidh da n-adhnadh,
díol ’na aghaidh
snadhmadh síth.
28 Ionnmhus a
ghaoil, do ghuais t’fhoghla,
do adaimh neach,
ní nár dhligh;
braitior le tóir
comha a chéile
i ndóigh fhola i
réidhe ribh.
29 Comhtha séd
isíad do láthair
locaidh tú go
techt ar áth;
ní háil libh an
rogha ar réidhe,
sibh ag dola ó
chéile is cách.
30 Fer red
diomdha ré ndíol gcána
caithfidh dol ó
thír go tír;
aga shuain i
n-adhbhaidh oile
ní fhuair
faghlaidh Toighe an Trír.
31 Siol Eoghain
ní hosadh ghealloid,
ní ghébhdís duit
díol i láimh;
má fríth let
fhéin í gan fholaidh
ní bhí réidh ar
chomhaidh cáigh.
32 Laoigh fad
reighléin go rún dtrialla
ní astigh bhíd ag
barradh crú;
foghnaidh sé ar
feadh na faghla
gibé teagh ’na
dtarla tú.
33 Ní iomchroid
cách cnuas an fheadha,
obair mhór gach
magh do bhúain
nach dtig díth
cháigh as a gcomhthaibh
fríth do thráigh
le tolchaibh tuair.
34 Neach do
chreachadh chríche Line
laithe a tréigthe
tiucfa ris;
deacoir cor
sealga ’na suidhe
do thol lerga
muighe Mis.
35 Sidhe ar ais
ag éignibh Tuama
le teas gréine ón
ghuais i mbíd;
gonaidh an ghoil
maighre Meana
nach daingne goin
treadha thríd.
36 Dob fhiú ar
fhill don fhiodhbhaidh lúbtha
léim buinne nach
bíodh ’na gheis,
tug fiodh ar
leith do lighe
sriobh do chleith
fan Line leis.
37 Tíortha i
gcuirionn cuarta mionca
ar mhaoin Airt ní
hiad as tóir,
breith ar chléir
do dhíol as deimhin,
le síol Néill ní
dheighil dóibh.
38 Acht a beith
ag an té as treisi
ar thír
fhoghlaidh ní iarr cairt;
ní fhuil neach do
chóidh dha chabhair
dá mbeath cóir i
n-aghaidh Airt.
39 Gasradh Tuama
go techt maidne
ní mhúinfe dhóibh
dénamh súain;
créd bhus díol do
chách ’na gcomhthoibh
síodh an tráth
nach oghthoir uaidh?
40 D’Art mac
Seaáin fa seilbh dúthchois
dá ndeachadh seal
do threibh Té;
má tá i ndán do
chineadh Cormaic,
rádh na bhfileadh
n-ordhruic é. Ceard
41 Dá ndeach an
t-eineach i n-oidhreacht
d’inghin Chathoil
nár char ní,
do bheir díol do
dháimh fa a ndoilghe;
ar mhnáibh ríogh
as oighre í.
42 Do ní Gráinne
ar bhriathroibh beaga
brosdadh oinigh
úa na mBrian,
tús sgoile ’na
dhiaidh ag díorghadh,
biaidh fa oire
ríoghbhan riamh.
43 Méin a haicme
i n-intinn Ghráinne
gnáth do chraoibh
fás mur a fréimh
ní bhí ag
meathroinn clú na coille
cnú do
ghealchoill cloinne Céin.
44 Ní beg liom
d’inghin a hathar
aithris air má
éidir lé,
fuair umhlacht ar
mhéd a mheanma,
gég do lubhghort
Eadhra é. Ceard