firstLine"; ?>

406. Ceardcha na feile fuil Bhroin $
Length: middling 22qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult.
Areas:
  1. Leinster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. NLI G 348 O Fearghail 1895
  2. Harvard O’Byrne MS c, 1726 < 1622x
  3. TCD 1288 (H.1.14) A. O Dalaigh 1750
Prints:
  1. text LB no . 65
Motifs:
  1. patron’s irresistible attractions for women
  2. patron’s liberality to poets
  3. Patron’s prowess in battle
Poet Christian Names:
  1. Aonghus mac Doighre (Harvard O’Byrne MS)
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh
Patron Christian Names:
  1. Toirdhealbhach mac Fiachadha
Patron Surnames:
  1. O Broin d. 1595
Meter Vars:
  1. RannMhor
Poem:

Poem in printable PDF format

Ceardcha na féile fuil Bhroin


[Mac Airt, Seán, Leabhar Branach, Dublin, 1944, poem 65]


Aonghus mac Doighre Í Dhálaigh .cc.


1 Ceardcha na féile fuil Bhroin;

béim ar an fhuil-sin ní fhuil,

clú an oinigh ’na n-orláimh sin,

fir lén doiligh congmháil cruidh.

2 Fríoth uain na ceardcha lé cléir,

ag deargadh an uair dob áil,

mór gcéim ’na n-aghair an uain,

béim an tsluaigh Bhranuigh gur bháidh.

3 Mac mheic Aodha, énbhrath seol,

craobhshlat do éirigh ós fhiodh,

móide a fhuath do theachta as-teagh

gur bhean luach a eachtra d’fhior.

4 Go fiú a mair dá maoinibh féin

dá scaoileadh tar ceart do-chuaidh;

Toirdhealbach do dhol dá dháil,

crodh cáigh dob oirbhearnach uaidh

5 Guais caithmhe a ghérgha san ghleódh

ar thréinfhior ré tteacht ’na dhál;

gearr go dola a nglas do ghiall

gur iadh bas fá fhogha a n-ágh.

6 A ua Aodha na n-arm nua,

bhur n-ainm gacha taobha a-tá;

cách leibh má do gheall an gleó,

ní gearr leó fá fhleidh an lá.

7 Beag an ní treabhthur a ttír

do shíoth go n-aghaid ré a uaim;

síodh cean go n-oghthair ót fhéin

bean go réidh fá tholchuibh tuair.

8 Dó féin a n-éigion do fhéch,

cóir ar t’fhéin níor éiligh triath;

níor an feadh h’éilighthe ar áth

tráth réidhighthe lé fear bhfiach.

9 Fuath ag rígh do reic do scél,

dá bhrígh sin ní ibh a fhíon;

luadh do dhíorma adhaigh fhuar

do adhuin gruadh ríoghna is ríogh.

10 Táth créchtghon a haithle an áigh

dod dheadhuil ré dénamh suain;

do-bheir blaghadh do bhruit sróil

luit am nóin nách aghar d’uaim.

11 An cioth omna fhearuid t’fhian,

ní fearthuin ó [a] bhfoghair díon;

fearthur do gháibh ród fá raon

gur chaol lé táir in ród ríogh.

12 Súil oruibh ag mnaoi do mhnáibh,

dún dá thaoibh ’na oil a n-úir;

do-bheir bean d’fhéghuin ar t’fhéin

fear go réidh fá dhénaimh dúin.

13 Laoich thréna am cheanuibh dá gcailg,

lérbh eaguil créchta do chuilg;

luas tuinne a n-éigion fát fheirg,

ní héidior seilg buinne bhuirb.

14 In lá as teirce áth dot fhéin,

ní leigid lé cách a gcóir;

fios ar mhnáibh caoinidh do-chuaidh

ar mbuain fá tháir dhaoinigh dhóibh

15 Re buain duille feadha faoi

ót fhaigsin ní fhuirigh sé;

cnuas feadh ar chonair do-chí,

níor bhean rí dot omhain é.

16 Tug baoghal do ghona a ngliaidh

nách codluid lé craobhuibh ceóil;

truime h’oire re headh n-áigh,

ar mhnáibh fear ’na loighe leóin.

17 Tóir nárbh oirbhearnach d’éis slóigh,

lé Toirdhealbhach téid a mbuaidh;

beag acht a ttéid lais a láimh

do léig an táir tar ais uaidh.

18 Rug bean dá bhrégadh go sídh,

an céadgha do chaith a ngliaidh;

sleagh fhoirfe a bhfiadhail nách fuair

tiaghaidh d’uaimh dhoirche ’na diaidh

19 Guais cinidh Raghnuill ar rígh

nach taidhleann a ttighibh suain;

gi-bé mionnbhrugh do oir dh’úir,

ní fhoil súil biodhbhadh ré [a] bhuain

20 Ní beag é mar aidhme ciúil

ó aimsir éirghe go nóin;

scél lais ar camháir do chléir

ar ngabháil géill an ais óir.

21 Mac mheic Sadhbha a ngleó do ghoin,

a mheanma is móide do mhair;

a crú ó ghruadhaibh mná do mhuidh,

in lá do-chluin uamhain air.

22 Laoich coimhdhearbhtha go gclú n-ard

im Thoirdhealbhach ag túr chealg,

beanuid cnuas do chraobhuibh colg,

ord do chaomhuin cruas a gceard.