firstLine"; ?>

407. Ceathrar as fheile fuar Flann $
Length: long 39 qq
Certainty: 1
Period:
  1. 13th mid
  2. 13th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. NLI G3 O Cianain MS 14th-15th c.
  2. Rawl. B 514 Poems to O’Donnells 16 c.
Prints:
  1. transl. Williams Poems GBM no. ix
Motifs:
  1. poetic miracle (feart feile, feart filidh)
  2. Material rewards for poetry
  3. Function of poetry
  4. patron’s liberality to poets
  5. Inauguration
  6. Hostages
Poet Christian Names:
  1. Giolla Brighde (Rawl B. 514)
Poet Surnames:
  1. MacConmidhe
Patron Christian Names:
  1. Domhnall Og
Patron Surnames:
  1. O Domhnaill d. 1281
Apologue Subclasses:
  1. Flann mac Lonain paid Viking gold by Eignea
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Ceathrar is fhéile fuair Flann


[Williams, N. J. A.: The poems of Giolla Brighde Mac Con Midhe (Irish Texts Society 51, 1980), poem 9]


1 Ceathrar is fhéile fuair Flann

ón ló do chreac a chéadrann,

ar dtolladh Éireann uile

d’ollamh mhéirsheang Maonmhuighe:


2 Maol Doraidh, Éigneachán ard,

Aonghus, Flaithbheartach fialgharg,

saorchrobhaing do dhíol gach duain

do Shíol chaomhChonaill Chonnluain.


3 Tug Flann mac Lonáin laoidh ngloin

d’Éigneachán oighre Dáloigh,

ar moladh gach méine is fhearr,

ar bhfromhadh fhéile Éireann.


4 Tug Éigneachán Easa Ruaidh

d’ollumh Éireann in éanuair

- tearc dá mbearar na breatha -

do threabhadh seacht seisreacha.


5 Cúig cuirn rug ó rígh Teamhrach,

cúig failghe d’ór ildealbhach,

cúig eich déag - ní cruaidh an cradh -

céad do bhuaibh arna mbleaghan.


6 Do-rinneadh fearta féile

d’Éigneachán gan aimhréidhe:

fuacht gach léana fhuair do fhiuch,

sméara fhuair isan Fhaoidhliuch.


7 Cáisg ráinig céad do chliaraibh

mac Dálaigh i ndoibhliadhain;

ceann na foirne óir in airc

do fhóir an Coimdhe ód-chonnairc.


8 Do-fuair Éigneachán na n-each

ar an leirg ós Loch Bheitheach

tréad ’na loighe ar leith an chnuic,

oire eich in gach éanmhuic.


9 Deich bhfichid muc do marbhadh

- fa feis laomsgar lánadhbhal-

ag mac Dálaigh Bhragha Breagh

do dhámhaibh glana Gaoidheal.


10 Gach leaba, gach dabhach donn,

gach tunna leabhar lántrom

ar cionn na dtromdhámh is-toigh

lomlán do lionn ’s do luachoir.


11 Coineasgar do-chuaidh a-mach;

tarla é ar an each riabhach;

cuairt ar sonacht na soichle

ní toracht gan turchoirthe.


12 Líonaid Gleann maighreach Maghair

fa Éigneachán allmharaigh;

gabhais an ghéag toirse dtroim

le méad na loingse ó Lochloinn.


13 Líonais omhan a oireacht

re leithe is re líonmhoireacht;

do-ní Fearghas seang iar sain

cleamhnas tar ceann an chobhlaigh.


14 Do rug leis dá thoigh re treall

inghean mhic Dálaigh Duibhleann;

do-achair céad uinge d’ór;

uirre nír fhéad a fhastódh.


15 Ionnsaighis le hór an Ghoill

Cathalán mac Maoil Fhábhoill;

an Gall fhuairse nírbh é a grádh;

uaisle lé a clann re Cathlán.


16 Do ráidh re hÉigneachán ard

an Lochlannach go lángharg,

nach géabhadh ó shlógh fear bhFáil

gan a bhean ’s a ór d’fhagháil.


17 “Rachad,” ar mac Dálaigh dhuinn,

“leat a-márach go Máluinn;

mise ar tír is tusa ar muir,

is díbh is usa a harguin.”


18 Gluaisid leis ina longaibh

go lainneach na Lochlonnaigh;

éirghid fan gcródha mór mear

dá shlógh mhóra dá milleadh.


19 Do-chíd buinne donn darach

Éigneachán ’s an t-allmharach;

“Fionnam gá buille is fhearr uainn

isan mbuinne,” ar ceann Connluain.


20 Buille cloidhimh seach an gcrann

tug rí Fánad go fiarcham;

a shreang dá cheilg nochar chuir

gur theilg a cheann dá chliamhuin.


21 Do na seacht bhfichid long lán

ní dheachaidh aoinfhear iomlán;

marbhtar i gCionn mhór Mhaghair

’gon tslógh fhionn na hallmharaigh.


22 A haithle na nGall do ghuin

do-chuaidh in Inis Eoghuin

airdrí slóigh chliaraigh Cnoghbha

d’iarraidh an óir allmhordha.


23 Tug do Chathalán a chor:

Duibhlinn do dheoin a hathor;

slógh gion go dtáinig is-tír,

ráinig an t-ór don airdrígh.


24 Deich n-uinge tug do gach thuaith

mac Dálaigh Fhionnruis eachluaith

- cóir beith a thoighe ós gach toigh -

’s a dheich do Dhoire i ndeachmhoidh.


25 Ar gcomhroinn an chiste óir

idir mhaithibh an mhórshlóigh,

do-chí re a laoidh Flann file;

do shaoil ann a oirbhire.


26 Iompóidh chuige le a chuid óir

Cinéal Conaill i gcéadóir;

ór ’na bhróintibh ón lucht leis

dóirtir in ucht an éigeis.


27 Geall einigh Éireann uile

tug d’Éigneachán fholtbhuidhe

mac mór Lonán ó do líon

a sporán d’ór an airdríogh.


28 Ceathrar dá dtug Flann file

geall einigh gach airdfhine;

’na sgiath ar sgáth Gaoidheal nglan

aoinfhear ós cách don cheathrar.


29 Ceathrar is fhearr fuaras féin

d’aoinchineadh agus d’aoinréim.

do Shíol Dálaigh céadna chais,

d’iobh déadla bághaidh Bhearnais.


30 Domhnall mac Éigneacháin uill

agus a mhac Maol Eachluinn;

dias nár lothraigh forlann fear

Gofraidh, Domhnall fa dheireadh.


31 Minic ón Domhnallsa ar dán

damhsa - is ní mé mac Lonán -

duasa tuillmheacha inar dtoigh:

loilgheacha gona laoghoibh.


32 Tug damh Ó Domhnaill Doire

fiche bó gach Bealtoine;

fiche laogh damh ’na dheaghaidh -

fa caomh an cradh Chéiteamhain.


33 Seacht bhfichid bó - fa breath cheart -

re taobh a dtug a oireacht,

tar Finn a-lle, tar Glionn nGearg

go-se liom ón bhinn bhéildearg.


34 Ge-bé buidheachas do-neinn,

trí fhichid bó ar barr laoighill;

fiche bó nó conghlann con

ní mó ar Domhnall ó Dhobhor.


35 Ó Domhnaill Easa Ruaidh ruinn

nocha céadluitheach cumuinn:

bím ’na thigh comhóil choidhche

fa onóir fhir éanoidhche.


36 Do ríoghamar i Ráth mBoth

Domhnall Éirne san earroch;

an chill do líonadh linne

ag ríoghadh cínn Chreibhlinne.


37 Nochar ghabh.Tír Eoghain uill

- a-deirim ris Ó nDomhnuill;

“Créad gabháil Ó Néill,” ar neach

“ach géill d’fhagháil a hOileach?”


38 Nír dhealuigh an ríghe ruinn

ar a beith ag barr Conuill;

gan sgarthain don réim rinn riamh;

Í Néill is inn ar éinrian.


39 Do dhleisfinn dícheall dána

do mhac Domhnaill dreachmhálla;

don té is fhearr do gach aicme

mé mar budh ceall comairce.