Poem in printable PDF format
Ceathrar do bhí
ar uaigh an fhir
[Thomas F.
O’Rahilly: Measgra Dánta II, poem 79; compare Fill
th’aghaidh uainn a Éire]
1 Ceathrar do bhí
ar uaigh an fhir,
feart Alexandair
uaibhrigh;
ro chansad
briathra gan bhréig
ós cionn na
flatha a finnGhréig.
2 Adubhairt an
céidfhear díbh:
“Do bhádar iné
’man rígh
fir an talmhan,
truagh an dál!
gé tá iniu ’na
aonarán.”
3 “Do bhí iné rí
an domhain duinn
’na mharcach ar
talmhain truim,
ciodh é an talamh
a-tá i-niugh
’na mharcach ar a
mhuin-siumh.”
4 “Do bhí,” arsan
treas ughdar glic,
“an bith iné ag
mac Philip:
iniugh aige
nochan fhuil
acht seacht
dtroighthe do thalmhain.”
5 “Alaxandar
muirneach mór
do bhronnadh
airgead is ór,
iniu,” arsasn
ceathramhadh fear,
“ag so an t-ór,
is ní fhuil-sean.”
6 Comhrádh na
n-ughdar do b’fhíor
i dtimcheall
uaighe an airdríogh;
níor bh’ionann is
baothghlór ban
ar chansadar an
ceathrar.