Poem in printable PDF format
A chros thall ar
an dtulaigh
[Mac Cionnaith,
L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 65]
1 A chros thall
ar an dtulaigh
as damhna dam
dhéarchumhaidh,
tú urlamh gidh bé
len báidh,
is é ar dturnamh
do thógbháil.
2 Is tú, a chros
an mheic mhuirnigh,
thug mé a-nocht
go neamhshuilbhir;
a dhlúthchros fa
dtú ag tuirrse,
tú mhúchfas mo
mheadhair-se.
3 Tú
chuimhnigheas dúin-ne a dhol
dá ndeachadh
mh’aire dh’Eoghan;
mo bheith mar tú,
a chros-sa, is cáir;
do b’usa thú gan
tógbháil.
4 Truagh bhar
gcuimhnioghadh cumhadh
gidh cruthach do
chórughadh;
tú ós ar
gcinn-ne, a chros Eoghain,
m’inmhe ar a los
laighdeobhaidh.
5 Ag dul seochad
san slighidh
déara go lár
léigfidhir;
’gat aithne, a
chros, badh corcra
aighthe bas an
bhantrochta.
6 Gidh cúis
athtuirse anba,
maith an mhaise
shaoghalda
do cheathra
druimne donna
leathna cuibhdhe
codroma.
7 A mheic dar
cumadh an chros
’n-a lóchrann
sheasmhach sholas,
fuarais chrois
bharrghloin bhláthmhair;
marbhnaidh re
cois commámhthair.
8 Is cros fhir do
b’fhearr daghdhuas
an chros ad-chiu
eadarbhuas;
loise na ceirde
do cheil
an mheirge croise
ad-chíthir.
9 Ní
fiadhnaighthe i bhfogus di
an chros-sa ná i
gcéin uaithe;
gidh bláith an
mionn í is urchra
sí ar cionn cáich
’n-a comhartha.
10 A chros ós
chionn na leirge,
tuar leoin dar
lucht aoincheirde,
biaidh fros le
bonnfhabhraibh dhe
a chros
d’ollamhnaibh d’aithne.
11 Cúis a
tógbhála ós talamh
cros adhbhair an
ollamhan
an crann-sa dá
ghruadh ghairthe
budh tuar almsa
is urnuighthe.
12 Beannacht ar
anmain an fhir
isa chros do-chiu
ar mh’aighidh;
fearr iná tuile
tuirse
guidhe ar an
seang séaghainn-se
13 A-tá an chros
ler cráidheadh mé
ar deilbh do
chroise, a Choimdhe;
ar a los go dtí
dod thigh
an tí dan cros an
chrois-sin.
14 Bheith ar chúl
chroise Eoghain
dom athtuirse
oisgeolaidh;
díon ar shlógh é
agus gidh eadh
ar brón, a Dhé,
ní dídean.
15 Tuilleadh
cádhais don chill naoimh
cros
mhinghréasach an mhacaoimh:
slógh fa chádhas
don chrois-se
budh lór d’árus
eaglaise.
16 Adhbhar
ollaimh fhear Mumhan
gion go bhfuair
ainm ollamhan
gan phearsain mar
é d’ollamh.
a Dhé,
d’easbhaidh fhuaramar.
17 Ní dhearna ar
ndol a oidhre
fulang mar ar
bhfulaing-ne
fear dar
chomhainm Cathbhaidh Draoi
ón Mhodhairn
lachnaigh lionntaoi.
18 Ní hiongnadh
an fáth ’ma bhfuil
ar gcomhráithne
re Cathbhaidh;
truagh bás an
druadh a-dirim
truagh an cás ’ma
gcuimhnighim.
19 Gidh bé damhna
fo-deara
sinn d’éagcaoine
a oigheadha
ní ar son an
druadh bu-dhéine
truagh fa a dhol
ar ndeirbhéile.
20 A-tú ’ma a
bhreith don bhás rug
ris an bhfilidh
ag formad;
truagh mh’éad re
hoighidh an fhir
éag fa a oidhir
don fhilidh.
21 Do-chuaidh do
chumhaidh a mhaic;
do b’é an mac fa
mór éaraic
Geanann
Gruadhsholas fhuair eol
nach cualadhas
uaidh d’aithcheodh.
22 Truagh leam-sa
loighe Chathbhaidh
ar fheart
Gheanainn ghníomharthaigh
dar ghéis ar
loighe ar a leic
a chroidhe d’éis
a éinmheic.
23 Téid
Cathbhaidh fa ceann forais
tar éis Gheanainn
Ghruadhsholais
i dtalmhain tre
Gheanann nglan;
ní leanam
amhlaidh Eoghan.
24 Cosmhail, a
Dhé, damhna ar gcaoi
mei-se agus
Cathbhaidh caomhdhraoi;
gidh eadh ní
comhthrom gcumhadh
an conchlann
fhear n-ealadhan.
25 Dámadh
comhthrom ar gcumha
’mar saormhacaibh
súlchara
- teasda
Cathbhaidh - créad do-bhir
Gafraidh gan éag
fa a oidhir?
26 Cathbhaidh mar
do-chuaidh reamhainn
d’éag do
chumhaidh chaoimhGheanainn,
mó a fhachain gá
dás gan dol
an t-athair ór
fhás Eoghan?
27 Truagh gan
fhóirithin aga
mar do bhí ag bás
Chearmada
ar n-a ghuin do
láimh Logha
do mhuin áigh a
iomghona.
28 Comhrag
do-chuala idir Lugh
is Cearmaid na
gcleas lúthmhar;
Cearmaid milbhéal
ba marbh dhe
d’arm rinnghéar
mar an rinncne.
29 Rún an Daghdha
i ndiaidh a mheic
sgaradh le
hÉirinn n-oirrdhreic;
triall tar muir
do labhradh leis
go bhfaghbhadh
luibh a leighis.
30 Téid do
thaisdeal an domhain,
fágbhais Éirinn
n-iorgholaigh
gur chuir an
Daghdha dá dhíon
ar a mhuin damhna
an deighríogh.
31 Cearmaid le
athair n-éachtach
táinig sleamhain
sláinchréachtach
mar bhláth na
slat dá ghruaidh ghil
dar lat ní fhuair
a oighidh.
32 Ciodh ná ba
déanta dhamh-sa,
gémadh aisdreach
oram-sa,
réim an Daghda, a
Dhé, ar n-a dhol
dámadh tarbha é
d’Eoghan.
33 Mo mhac-sa ó
nach mé an Daghdha
súil le éirghe is
éadtarbha;
ní faghair dar
mbuain a broid
an bhuaidh do
chabhair Cearmoid.
34 Muireadhach
mhac Eoghain aird,
Cearmaid - gidh
cia do theasairg -
do-chuala ar ndol
don dís ghloin
a-rís a gcor i
gcorpaibh.
35 Truagh nach
tabhair d’fhurtocht oirn
an lus fhuair
inghean Loghairn
nó aiceacht an
Daghdha dhamh
d’aithteacht a
anma i nEoghan.
36 Mac i n-ionadh
an athar
do b’oircheas é
d’ordachadh;
a athair ’n-a
oidhre dhó,
a Choimdhe, as
fhachain iarghnó.
37 Ní fhuilnginn
an uair do mhar
do mhéad ar
n-annsa d’Eoghan
choidhche gé
do-near a-nois
an fear dá
oidhche im éagmhais.
38 Mar tú dá bhás
ní bhiadh mé
dámadh neach eile
a oide;
cúis as ar
fhoide, a Dhé, a dhol
is mé do b’oide
dh’Eoghan.
39 An t-Eoghan-sa
is éigin dún
déanamh seach an
bhfionn bhfoltúr;
tairnig a sheal
gá dám dhó
gidh eadh gá dál
as deacra. A chros.