firstLine"; ?>

410. Ceidtreabh Erend Inis Saimher $
Length: long 31qq
Certainty: 1
Period:
  1. 13th mid
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. House mp
Manuscripts:
  1. Rawl. 514 16th c. Poems on O’Donnells
  2. NLI G167 Semus MagUidhir 1727
Prints:
  1. transl. Williams Poems of GBM no. v
Motifs:
  1. nobility of patron’s ancestry
  2. patron’s irresistible attractions for women
  3. Patron’s capacity for wine-drinking
  4. patron’s liberality to poets
  5. Patron’s prowess in battle
  6. Patron’s caithreim
  7. destruction of foreigners prophesied
  8. historical or mythical allusions
  9. description of landscape
  10. Duelling
Poet Christian Names:
  1. Giolla Brighde (Rawl B. 514)
Poet Surnames:
  1. MacConmidhe
Patron Christian Names:
  1. Gofraidh mac Domhnaill Moir
Patron Surnames:
  1. O Domhnaill d. 1258
Apologue Subclasses:
  1. First jealousy: Partholon wife & dog Saimer
Meter Vars:
  1. seadhna
Poem:

Poem in printable PDF format

Céidtreabh Éireann Inis Saimhéar


[Williams, N. J. A.: The poems of Giolla Brighde Mac Con Midhe (Irish Texts Society 51, 1980), poem 5]


1 Céidtreabh Éireann Inis Saimhéar

ar seilbh díleann - dia do rús;

an dámh ochtair do-fhuair Banbha

ar rochtain thuaidh tarla ar tús.


2 Trí chéad bliadhan dob é a héinfhear

tar éis díleann Fionntan fáidh;

innte do fhéagh treibh ar tosaigh;

ag sein sgéal fa chosaibh cháigh.


3 Gur ghabh Parthalán port innte

in éagmhais Fhionntain a-mháin,

nír shaltair bonn duine ó dhílinn

ar fonn Mhuighe finfhinn Fáil.


4 Measán beag do bhí ag an óglach,

uadha ar dtosach a-tá an ghairm;

ní shaimhéal re coin sa chruinne

Saimhéar ó bhfoil uirre an t-ainm.


5 Iomdha im imlibh Innse Saimhéar

slata geala ag gabháil breac

’s cubhar bán ’na bholgaibh corra

lámh re bordaibh loma leac.


6 Sál na mara i measg na hÉirne

fa Inis Saimhéar ’s é a dhearbh:

uisge glan na hinnse áille,

do ghabh millse an sáile searbh.


7 Eas Ruaidh asa ruagthaoi Diarmaid,

doirbh do bhradán beith ’gá dhréim;

colbha ard na seinleac sleamhan

dá dtard geilbhreac leabhar léim.


8 Atá ag sileadh sreabh ard ainmhín

in Eas Ruaidh an ruathair ghairbh;

Aodh Ruadh rugadh leis an mbuinne,

is uadh tugadh uirre an t-ainm.


9 Fairge a-tá timchioll a sléibhte,

sléibhte a-tá i dtimchioll a feadh;

fiodhbhaidh lonach fhionncholl fhíthe

tiomcholl tholach síthe sean.


10 Inis Saimhéar is dó is dúthaigh,

dún Í Dhomhnaill Droma Riasg;

an port ríogh do ghabh ó Ghuaire;

gar dó fíon is uaine is iasg.


11 Dá dhoras ar dhún na hinnse

ag amharc each agus shluaigh,

agus an treas dorus dámhach

ar Eas solus rámhach Ruaidh.


12 Aoibhinn do thriath Tíre hAodha

ag ól fhíona ó phurt do phurt;

Eas Ruaidh ’na bhuinne ar a bhéalaibh;

uille an chuain éanaigh ’na ucht.


13 Eas Ruaidh is radharc d’Ó Dhomhnaill,

dá dhreich mbaolaigh mar bhláth cnó;

a bhuinne sneachtaidhe solus

ar ealtmhaire is dorus dó.


14 I líon tarraing tig a lomlán;

gach líon breac is beag nár mhuidh;

in Eas Ruaidh gabhair ag Gofraidh

cabhair shluaigh i gcochlaibh cuir.


15 Ní cruaidh acht gidh cruaidh an aimsear

aigneadh mic Dhomhnaill na nduas;

cruaidh im ní - measa sa measa -

gach rí uaidh is neasa a-nuas.


16 Tánag a-dtuaidh timcheall Éireann

eidir ainbhfial agus fial;

is e ceann fódmhuighe Fánad

ógdhuine is fhearr ránag riamh.


17 An tóir bheag nach biadh acht uiread

aca féin, ní feirrde a rath;

is do shean ríogh fhréimhe Colaim

Éire ag Síol Conaill sa chath.


18 Do badh deirge i ndiaidh a láimhe

láthair an chatha i gcúl ghliadh

ná dath an chluidh agar cuireadh

an cath ar Mhuigh Tuireadh tiar.


19 Dar a éis ní fhan Ó Domhnaill

ag dáil each is éadaigh dhuinn,

nó go ndúin an guaire ag Gofraidh

’mun súil n-uaine gcochlaigh gcuirr.


20 Is deirge ná dath na gríse

gruaidh mhic Dhomhnaill Doire Núis;

fallsa an fíon nach geabha Gofraidh -

bríogh meadha gonfaidh a ghnúis.


21 Do bhí i ndán re deireadh domhain

dáirghe ós cionn na gcall míon,

barr na gcall bhfionn agá bhfalach,

call ós cionn darach ’gá díon.


22 Is iad na dáirghe na Danair;

doiligh dhóibh a ndearna siad;

is iad Clann Chuinn data dhonnchas

na slata cuill fholchas iad.


23 Domhnall Mór i ngar do Ghofraidh

Goill muna gabhdaois a réir;

ag súd a gcradh re slios Sligigh;

gá fios dhamh? an bhfidir féin?


24 Gabhaidh bhar riar ó rígh Conaill,

a Chlann Eoghain an airm dheis;

Ó Domhnaill is fhearr san éigean,

ceann an chomhlainn léigear leis.


25 Gofraidh Éirne an uair do chosain

a chríoch dhúthaigh mar is dual,

fuilngidh an rí uaidh in aisgidh:

gach ni fuair ’s a fhaigsin uadh.


26 A dhul ar sliabh siar nír saoileadh

ar shluagh Oirghiall an uair rug;

ar chéidrígh lán cródha Colla

dhá ár mhóra throma tug.


27 Mar dob ainmheadh d’Fhearaibh Manach

ar Mhaigh Eine na n-each seang,

re taobh an Mhóintigh i-mucha

dóirtir craobh Cnucha ’na gceann.


28 Rí Fhear Manach, mór an torchar,

torchair le rígh Rátha Both;

ag sin sgéal ar ágh a athar -

fa snámh éan lachan ar loch.


29 Budh biseach gráinne guirt earraigh -

ar ágh marcach Maighe Sainbh

ni chuir bréig fa fhear is óige -

ar ghéig Bhreagh ní móide a maidhm.


30 Nír ghabh ’na aois athair Gofraidh

greim dá dtarradh - trom an rath;

nír chosain tiar Duibh ná Drobhaois,

nír chuir riamh ’na chomhaois cath.


31 Gofraidh mac Domhnaill Í Dhomhnaill

dreach leathan dá leanann dé;

ná samhail fear ris an bhfionnshlait;

caraidh gach bean ionnraic é.