Poem in printable PDF format
Ceist! cia do
cheinneóchadh dán?
[Bergin, Osborn:
Irish Bardic Poetry, Dublin, 1970, poem 37]
Mathghamhain Ó
hIfearnáin .cct.
1 Ceist! cia do
cheinneóchadh dán?
a chiall is
ceirteólas suadh:
an ngéabhadh, nó
an áil le haon,
dán saor
do-bhéaradh go buan?
2 Gé dán sin go
snadhmadh bhfis,
gach margadh ó
chrois go crois
do shiobhail mé
an Mhumhain leis -
ní breis é
a-nuraidh ná a-nois.
3 D’éirneist
gémadh beag an bonn,
níor chuir fear
ná éinbhean ann,
níor luaidh
aoinfhear créad dá chionn,
níor fhéagh liom
Gaoidheal ná Gall.
4 Ceard mar so ni
sochar dhún,
gé dochar a dol
fa lár:
uaisle dul re
déiniomh cíor -
ga bríogh
d’éinfhior dul re dán?
5 Ní mhair Corc
Chaisil ná Cian,
nár chaigil a
gcrodh ná a luagh,
na réidhfhir ag
díol na ndámh -
slán lé síol
Éibhir mon-uar.
6 Geall bronnta
níor beanadh dhíobh,
Cobhthach go
teasda agus Tál:
iomdha drong
diongbhaim dá luadh,
uaim anonn dá
ndiongnainn dán.
7 Mé im luing
cheannaigh ar gcaill laist
d’éis Chlann
nGearailt do thuill teist:
ni chluinim-is
cás rom loisg:
fás an toisg fá
gcuirim ceist.