Poem in printable PDF format
Ceolchair sin, a
chruit an ríogh
[Walsh, Paul:
Gleanings from Irish Manuscripts, sec. ed., Dublin, 1933,
111-13]
Domhnall mac
Dáire Mac Bruaidíogha
1 Ceolchair sin a
chruit an ríogh
ro-m-chuir i
sníomh sian do théad
suaill nachar
saobhadh mo chruth
ód chuala do
ghuth god ghléas.
2 Annamh leat
d’fhaicsin ar cuaird
a chruit faoidhe
fuair gach geall
a chruit
chodhaigh chlainne Táil
fa mionca cuaird
cháich id cheann.
3 A chruit
cheolchair bhenn-chorr bhreac
tarraise seal gá
dtám dhó
do gabhthaoi leat
laoidhe suadh
ar a dtug ó Duach
eich ’s ór.
4 Do chonnarc thú
a théid-bhinn tsuairc
do shoichdís
sluagh Innse an Laoigh
san teaghais
luchtmhair ós linn
mór neach leis ar
bhinn bhur bhfaoidh.
5 Mór lámh do
leathadh fód chneas
san múr ngeal n-a
bhfaghthá muirnn
iomdha bruinne
séaghain saor
gár léig thú do
thaobh re a thuinn.
6 A chruit
cheolchair chloinne Briain
i dtréan id
dhiaidh níor chóir bríogh
mise im Dhaighre
tar éis Néill
tusa ar eachtra
d’éis do ríogh.
7 Do chuirsead
Saxaibh tar sáil
Iarla ó gCais cá
crádh is mó
ó so a leith ní
chuala cruit
nach beith foghar
guil n-a glór.
8 Truagh nár
aontaigh an fionn fial
ua na mBrian le
mbearthaoi barr
fulang
chlaoin-bhreath cúl re feirg
bheith ar a
chaomhna ar cheilg nGall.
9 Níor fuilngedh
dhó daoire a mbreath
leannán Chaisil
cneas mar thuinn
a thonn
uaibhreach fola ríogh
tárla a deasgaidh
faríor ruinn.
10 Táirnidh Éire
d’eachtra an ríogh
do-chuaidh uile
síos a seól
táirnidh
cnói-mheas chríche Fáil
táirnidh
aoibhneas cháich s a gceól.
11 Bíodh nach
bhfaicim-se mo ghrádh
Iarla Luimnigh
rém lá gceó
do-chiú go meinic
mic ríogh
ag ar bh’annmha
fíon is ceól.
12 Binn a ghille
a gcan do bhéal
binn gotha na
dtéad ód mheór
binne leam í a
los uí Luirc
cidh binn an
chruit ar a ceól.