firstLine"; ?>

418. Cia a-deir gur imthigh Eamonn $
Length: long 37qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. elegy mp
Manuscripts:
  1. RIA2 (23/F/16) O’Gara MS 1655-9
  2. RIA 3 (23/L/17) S. O Murch. na R.1744-
  3. BL Egerton 111 F OScannail 1818
Motifs:
  1. nobility of ancestry
  2. prowess in war
  3. mercenary soldiers
  4. inauguration (slat tighearnais)
  5. king’s officer: constabla
  6. grave site
  7. Historical Comparison
  8. reference to Fiannaiocht
  9. childhood, fosterage
Poet Christian Names:
  1. Fearghal Og (RIA 2)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Patron Christian Names:
  1. Eamonn mc Maolmhuire m. Dhonnchaidh
Patron Surnames:
  1. MacSuibhne (na dTuath branch - d. 1580
Apologue Subclasses:
  1. Fionn’s death in Munster
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Cia a-deir gur imthigh Éamonn?

[RIA 2 (23/F/16), ‘O’Gara’, 199]

An fear ceanna (.i. Fearghal Óg Mac an Bhaird) cecinit

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Cía a-deir gur imthigh Eamonn

leaca ghartha gnúis gneadhonn

geag abhla do thabhoigh tnúdh

maroigh gé thárla ar tteasdúgh.

2 Mairoigh clú mic Mháoil Mhuire

um Bhóin[n] ’s um Chuan Corcuidhe

biothmharoigh an clú do choir

fa bhrú iothchaloigh Fhorbhoir.

3 Mar sin nar imthigh ua Chuinn

airgne 7 eachta Éamuinn

luagh ortha um Cruachuin na ccath

’s um bhruachuibh Tholcha Teamrach.

4 Teas a dháonnacht ag dáil chroidh

a úaisle ar thír ’s ar thonnmhuir

’s a dháil tonna a moigh Mhumhan

ní bfhoil orra acht urrdhubadh.

5 Do mheaduigh le cosnamh cath [200]

is lé himirt bheart mbaoglach

fine Suibhne chráoi Cobhthoigh

cáoi dá chuimhne a cConallchoibh.

6 Ionnsamhuil Fhinn mhic Cubhmhaill

fear bhrisde bhearnadh ndofhulaings

nar ghabh gúaisneimh a ccrú chrann

a chlú do uaisleidh Éamann.

7 Do chosnamh cadhuis na sean

olc fúaradar mic Mhíleadh

gan a thogha a nAlmhuin Fhinn

os damhruigh fhola Fheidhlim.

8 ’Na ursoin reisan táoibh thoir

nír chubhuigh é acht a nAlmhoin

gidh bé dar cháir oigreacht Fhinn

ar láimh ar oirbheart inghill.

9 Do budh baramhuil e d’Fhionn

dá mbéidis do bhreith sgribhionn

na hEireannuigh fá umhla

dá céimeannuibh cathardha.

10 Maith do thoill mac Mháoil Mhuire

do bhreith sgol fhóid Iughuine

bheith san mbuannacht do bhí ag Fionn

ar núaghort Dha Thí timchioll.

11 Mac Mhaoil Muire Mhic Suibhne

cloch chúil chatha Modhuirne

tuir cháich athbhuanna mur Fhionn

cathghuala ré ráith Ráoilionn.

12 Dá mbeith mur dó bhí a[n] Niallfhuil

úa neartmhar Néill Náoighialluigh

ní ’na bhúanna do bhiadh sin

acht ag tríall uama Uisnigh.

13 Roimhe go Niall na Náoi nGlas

sé rígh dhéag dearbhthe an seanchas

saighthe uama fhola Neill

nír bhuanna duine dhibh-séin.

14 Buannacht ó gach nduine dhíobh

do-gheibhedh Fionn na bfaidghníomh

d’úaim na sriobhfhonn um Bhóinn Bhredh

dóibh dámadh iononn aignedh.

15 Dlighid Síol Suíbhne mur sin

Clann Bháoisgne do bheith fúithib[h]

Fionn féin feólfhuil Fhinns

ré préimh Eoghuin nírbh ingill.

16 Ger lór uaisle Síol Suibhne

sul táinig tuir Modhuirne

ar shíol mhuighe chnuaisghil Choinn

do úaislidh uile a n-urroim.

17 Biodh nach budh úasal a bfhuil

nír bheag dho bhreith gach ughduir

dá ccur a n-úaisle a cclar Choinn

lám is úaisle Éamoinn.s

18 Nír bheag d’úaisliughadh chrú Chuinn

do bheith a n-aimsir Éamuinn

fearthuinn oinigh fhear nUladh

ar feadh oirir íarMhumhan.

19 Do thuill a n-iarthar Eireann

lámh uaislighthe a n-airdchéim[e]ann

urroim Gaoidheal do chrú Choinn

d’áonfheadh gach cnú don chrobhoinn [leg. -oing].

20 Do líon a chlú Ceann Choradh

’s gleannta diamhra deasMhumhan

’s na máoithghleannta don táoibh thall

nír cháor áoinceardcha Éamann.

21 Na tuatha ó ttáinig a fhuil

do meaduighedh sa Mumhuin

7 Doire 7 Dún na nGall

go [l]oighe fa úr d’Eamand.

22 Tuir na ttuath an trá(i)th do mhair

a-moigh idir chloinn Charthoigh

do thoill céim d’Ultuibh uile

Ultuigh san réim(h) ríoghruidhe.

23 Tír Chonuill na ccupadh sean

ní heineire do fhuilngeadh

is úaisle ríogh fréimhe cCuirc

do-níodh le chéile a ccosuint.

24 Lé cathuibh le coimhríar sgol

mar thír Chonuill do chosnodh

Mumha bhinnte an bhruaigh leabhair

mur fuair innte a oileamhain.

25 Ní díth óir ní heasbhuigh foinn

tug dhó seachna clann cConoill

acht gradh na hoileamhna air

lámh réar doighdeaghla deóraidh.

26 Mac Suibhne dá madh loinn lais

do thaircc Ó Domhnuill Durlais

do ghairm ó dhuthrochttoil De

pailm ó úrportuibh Eirne.

27 Eamonn easgchara an ionnmuis

nír ghabh sé an slait ttighiornois

ó láimh Í Dhomhnoill Doire

do bháidh chormfhoinn Chorcoighe.

28 Gradh Mumhan na máoileann tte

’s gur gealladh do éag innte

dob fháth anamhna ón tír thúaigh

don ghribh n-adhamhra n-armrúaigh.

29 Aidir chloinn Charthoigh Chúan Dor

a-tá a fheart a moigh Mhumhan

acht gerbh athardha an tír thall

do ghríbh chathardha Chualann.

30 As ger dhúthchus dhó an tír thoir

fuair oighidh ar an eacht-soin

mac Cumhaill a muigh Mhumhan

tuir fhulaing na n-ollumhan.

31 Lór dhamh-sa dhá dhearbadh sin [201]

gur bearna cairt do chinidh

flaith fá gleóbhurba os cionn chreach

Fiond leoghantha fa Laigneach.

32 Acht ger Laighneach Fiond na bFhian

tuitim a Mumhuin Mhaicniadh

dho do bháoi a ndán fá dheiredh

fá dráoi an fáidh lear foillsigedh.

33 Ag léim tar an mbric mbladhuigh

fa dheoigh do thuit tíaramhuin

mur nar shaoil idir shíol cCuirc

dob fhíor don draoigh a ndubhairt.

34 Tuitim acht nar thuit lé léim

do bhí gear Ultach eiséin

a ndán don aithFhiond oile

a clár claichfhionn Corcoidhe.

35 Fionn oile chriche Coghuil

dar duthchas clar Concobhuir

misde ar cceart ar clár nDoire

a fheart a cclar Corcoidhe.

36 Bithneal dáonachta ar a droim

an gáoth téid tar úaigh Eamoinn

móide ar súil ré madh Mumhan

a chur a n-uir iarMhumhan.

37 Mac Mhaoilmhuire mhic Donnchaid

fa connsal do Chonallchuibh

faosamh cean ar ccrú Airt-ne

do gheabh an clú a chumairce. Cia a-deir...