firstLine"; ?>

421. Cia a-nois da gcreidid Clann Eachach $
Length: middling 29qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult.
Areas:
  1. Leinster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. NLI G348 Sean O Fearghail 1895
  2. Harvard O?Byrne MS 1726 <1622 ex
  3. TCD 1288 (H.1.14) A. O Dalaigh 1750
Prints:
  1. text LB no . 34
Motifs:
  1. Envoi to patron’s spouse
  2. druidic attributes of poets (cliatha fis etc)
  3. patron’s liberality to poets
  4. listing plunder (cows, horses, etc.)
  5. Patron’s prowess in battle
  6. spartan life of warriors
  7. fertility in reign of just prince
  8. Hostages
  9. prophecies of a ruler
  10. the importation of wine in ships
Poet Christian Names:
  1. Fearghal Og (Harvard O’Byrne MS)
Poet Surnames:
  1. MacEochadha
Patron Christian Names:
  1. Fiachaidh mac Aodha
Patron Surnames:
  1. O Broin d. 1597
Meter Vars:
  1. seadhna
Poem:

Poem in printable PDF format

Cia a-nois dá gcreidid clann Eachach?


[Mac Airt, Seán, Leabhar Branach, Dublin, 1944, poem 34]


Fearghal Óg Mhac Eochadha .cc.


1 Cia anois dá gcreidid clann Eachach,

aicme ar nach beirthior buaidh ngleó?

ríoghruidh toghtha dán cáir creidiomh,

comhtha cáigh do leigeadh leó.

2 Líon ágha darbh éigion creidiomh,

cur ’na n-aghaidh ní fhéd tóir;

tig do thruma triath ó nEachaidh

urra ar iath nách deachaidh dóibh

3 Ar mbeith do chrodh ar chionn bhfileadh,

fada ónar ghabh guais budh mó;

mar gach ní dá n-uair an t-ollamh,

do bhí an gruaidh ag donnadh dó.

4 Fáth a mbéime is beag nách ionann

más í an fhiodhbhaidh a n-áit suain;

créd as a bhfoil béim ar bhiodhbhaidh

ag fréimh Bhroin fá iomdhaidh fhuair?

5 Gairid mhairfeas do mhac Aodha

d’iomad na nduas dáilios ghó;

ní beite ag cur ghéill a ngeimhiol,

dul ré cléir as deireadh dó.

6 Mar sin riamh fá riar na bhfileadh

fuil Raghnuill na gcéimionn gcruaidh;

gi-bé do shir aoighe ar Fhiachaidh,

daoire iná sin d’fhiachaibh fhuair.

7 Ionann chleachtaid is crú Labhruidh

luighe suain a n-ochtaibh all;

ní teirce fleadh a mbrugh biodhbhadh,

sreabh dá cur a n-iongnadh ann.

8 Ráinig leis do luach a aisdir

airm ríoghdhamhna, rogha coirn;

do fhéch leith iathair na huamha

Fiachaidh ar mbreith buadha ar bhoidhbh.

9 Fine Raghnuill na ruag ttásgmhar,

teirce a séd as omhan d’iath;

do chuir an fion d’fhiachuibh orruibh

síol bhFiachaidh nach orruidh fhiach.

10 Dóibh ar-aon ní hionann meanma

dá measdaoi a méin ’s a dá dtaobh,

bean an ríogh is rí an iatha

do ghníomh ar tí Fhiacha ar-aon.

11 Guais ar chách fá a gcuartaibh mionca,

macraidh shiobhlach na sleagh sídh;

ní saor do-chóidh don chloinn Bhroin-sin

gan bhoing dhóibh do thoirsigh tír.

12 Fiú a ndáilionn do dhuasaibh mionca

mac Aodha na n-abhradh mall;

dóibh ar gcor timchil gach triatha,

fillfidh scol ar Fhiacha ann.

13 Réd bhróin míleadh, a mheic Aodha,

iomdha cás a gcuirthear é;

guais ar do bhiodhbhaidh do bhreathnuigh,

an fhiodhbhaidh cnuais seachnuidh sé.

14 Roinn na cléire ar do chrodh cleachtar

ós cionn cháich go ttigthear thort;

más í féin don dáimh as dáiliomh,

níor cháir a réir d’áiriomh ort.

15 Ní chugaibh budh cóir a dhénamh,

deithbhir aoigheadh d’éis a bhfuair;

gach fear deiridh riamh as righean,

ní deimhin triall fhileadh uaibh.

16 A ndiaidh h’iorghoile, a ua Seaáin,

saobh an fáth fá bhfuil an triall;

do díorghadh libh fiar na bhfoghadh,

a chiall sin dob omhan d’fhiadh.

17 Annamh iath budh cóir do choimeas

ré crích Laighean na learg nglas;

iongna nách béim ar crann chumhra

a chlann do bhéin umhla as.

18 Tarla an tsíon ag reic ríghe

mar rug an choill céim tar ais;

iongna an braon nách omhan d’fhearthoin

toradh craobh gur leathnuigh lais.

19 D’iomadh éigios inse Banbha

a mbreith féin ag dul don dáimh,

iongnadh a bhfríoth ó fhuil Eachaidh

a ndíoth cruidh nách deachaidh dáibh.

20 A ngabhann leis do chrú Criomhthuin,

cé an tír ar nách beirid buaidh?

d’éis a chean d’ormhaisne ar Fhiacha,

donnluisne ar feadh iatha uaidh.

21 Sleagh le mbeirthior buaidh gach aoinghleó,

cá harm ríogh ar nách rug barr?

dob fhearr reimhe a cur ’na colbha,

teine ag dul ón omna ann.

22 A gceann cogaidh, a gceann síodha,

síol mBroin ar nách beirthior buaidh

fada an díoth ag anmhuin aga,

críoch faghlaidh ’s nárbh fhada uaidh.

23 Níor ghabh scáth ré scélalbh fáidheadh,

féghain nél as ní nár chleacht;

draoithe ó chách ar chliathaibh feasa

d’Fhiachaidh go háth treasa ag teacht

24 Seóid bhuadha ní buan mhairid,

mó sa chách cleachtaid a ndáil;

fearr sgéala an chruidh ag na cáintibh

lé fuil Énna ó [a] ndáiltir dáibh.

25 Críoch biodhbhadh do bhí fá [a] n-aoinbhreith

d’fhine Broin gur bheite réidh;

giall ríogh nó a gcomha ré [a] gcliathaibh,

bíodh a rogha ag Fiachaidh féin.

26 Lé hantoil ghleó Gaibhle Raghnuill,

ní raibhe díol nár dhiúlt sí;

doilghe iná soin d’fhiadh a n-aithbhreath

a ttoil gliadh madh aithreach í.

27 Tarla Róis do réir a cinidh,

a clú choidhche ar lár ní léig;

cé tá a gclú in gach iadh uathaibh,

ní cian ó chrú Tuathail téid.

28 Tréidhe Róise as roighlic briathra,

beag thagrus acht ’na tráth féin;

beiridh geall méine agus modha,

tréidhe as fhearr lé a gcora a gcéill.

29 Rogha fola Gall is Gaoidhiol

’na gruaidh ghil mar ghabhas sí;

ní fríoth lé cléir cló dhá toirbheart,

céim nó dó asarbh oirdhearc í.