Poem in printable PDF format
Cia a-nois
fheithmheas d’iath Laighean?
[Mac Airt, Seán,
Leabhar Branach, Dublin, 1944, poem 44]
Donnchadh mac
Domhnuill Mhic Eochadha .cc.
1 Cia anois
fheithmhios d’iath Laighion
d’éis an fhir nár
sáruigheadh?
lámh fhial dob
éinneirt oirbheart
riamh ar eimeirt
uasailbheart.
2 Iath Laighean,
d’fhínné gach fhir,
go lá a fhaghála
a n-aisgidh
do budh teann
Fiacha ar gach fear
fá cheann an
iatha d’fheitheamh.
3 Ar smacht, ar
iomchar aoigheadh,
scél as cóir do
chommaoidheamh,
beith mar do
bhiadh dá maireadh
gan a bhreith
d’fhiadh fhionnLaighion.
4 Ar chuimhne ó
do-chualaidh mé
cách ag coimhreic
an sceóil-si,
scél doiligh oile
ní fhuil
am chroidhe acht
oidhidh Fhiachaidh.
5 Ó
Raghnallchaibh na ruag mear
do bhí uaim ar
iath Laighean;
do scaoil uaim an
iatha ó shin
Fiacha ar an uair
fár imthigh.
6 Uatha ó
do-chuaidh a gceann sídh,
fian Laighion lán
do neimbrígh;
’na dheóidh is
dearbh nach deachaidh
sealbh an leóin ó
Laighneachaibh.
7 Do budh mór a
luadh ré a linn,
mac Aodha dob ard
intinn;
truagh gan acht
táir ó thorchair
do luadh ráidh ar
Raghnallchaibh.
8 Fear iomchair a
theaghlaigh thruim
nó gur thuit gan
chur gcomhluinn;
scol níor
sháruigh ’s níor chailg cill,
is mairg
thárraidh a thuitim.
9 Truagh an
lá-soin luaitear linn
’nar dheónaigh
Dia do thuitim;
go hécht
Domhnuigh do rádh ribh
do chládh
d’fhoghlaidh níorbh fhéidir.
10 Ní mhairionn
duine ar domhan
[acht Dia dhuit
dá dheónoghadh]
do shaoil gan
eadráin oraibh
teagmháil daoibh
re Danoraibh.
11 D’fhearoibh
Laighion na learg réidh
ó fuaras
t’oidhidh d’oilbhéim,
guth an bhróin a
mbeól gach fir,
gan óidh ar cheól
dá gcluintir.
12 Sgaoiltioch
orra ó ar-oile a-nois
ó taoi, a
Fhiacha, ’na n-égmois,
fád bhrataigh ag
gníomh a ngreagh
a mbíodh do
mhacaibh Míleadh.
13 A gcrích Midhe
na múr ngeal
lór sáirfheadhna
cúig gcóigeadh,
a dhóigh shéd
shíl na bhfileadh,
a mhéd tríbh do
tuirsigheadh.
14 Bás mheic
Aodha an aignidh ghloin,
guais go mbia an
uair-si an fhiodhbhaidh
a bhfad a bhfás
gan eatha
ón bhás do lag
Laighneacha.
15 Tré bhás
Fhiachaidh mheic Aodha
[dóibh dob fhearr
a iomthaobha]
dlighid mílidhe
Craoi Chuinn
caoi mar
ríghfhine Raghnuill.
16 Truagh nách
tarla sul torchair,
bu díon
d’ógbhuidh armghlonnaigh,
fál ordhairc a
n-eagar ghliadh
am dhreagan
gormghuirt Ghailian.
17 Ón lá do
thuit, truagh an cor,
do-chím lé cách
go rugadh,
a mbeach eóil ós
dá iomluadh,
breath leóin ar
an Laighionshluagh.
18 Fás na
bhfionshlat fútha sin
is tuirsi an
laochshluaigh Laighnigh,
is tuirsi scol
Iatha Airt
Fiacha do dhol
gan díoghoilt.
19 Bíodh mo shlán
bheith rém beathaidh,
’s as sé sin do
Laighneachuibh,
tú fúinn ar
ttocht mar thuile
gan m’úidh ort,
[a] eólchuire.
20 Tar gach
aoinfhear dá aos gráidh
dá ghualainn
[anba an anáir]
go hoidhidh cinn
na gcuradh
fa doiligh inn
d’athrughadh.
21 Baile na Corra
do-chím,
ní beag é
d’adhbhar imshnímh,
do león gur líon
an baile
a mbíodh ceól a
gcomhnaidhe.
22 Ceann an
oighre-sin Aodha
riamh nár
mheabhruigh míothaoma,
ceann gan toil
d’fhionghoil ná d’fheall
tar mhoir ó
fhionnmhoigh Éireann.
23 An ceann do
cuireadh tar muir
misde sibh, a
chlann Criomhthuin;
lé feall uaibh-si
níorbh ionchuir,
ceann dob uaisle
d’Éirionnchuibh.
24 Ceann budh
cosmhuil ris in gceann
níor cuireadh ó
iath Éireann;
ceann do scoil
badh teann ttabhaigh,
ón Ghleann soir
go Sagsonoibh.