firstLine"; ?>

423. Cia ainiceas inn ar leathtrom $
Length: long 34qq (30+4)
Certainty: 1
Period:
  1. 17th mid
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA 744(A/v/2) Dillon Duanaire late 17 c
Motifs:
  1. Envoi to spouse
  2. imagery for patron
  3. qualities of character
  4. nobility of ancestry
  5. patron’s feasts
  6. kingship imagery (aodhaire)(highkgshp)
  7. protection, submission (umhla)
  8. almsgiving
  9. music
  10. druids
Poet Christian Names:
  1. Muiris mac Briain Oig (RIA 744)
Poet Surnames:
  1. [O Maolchonaire]
Patron Christian Names:
  1. Lucas
Patron Surnames:
  1. Dillon d. 1655
Meter Vars:
  1. seadhna
Poem:

Poem in printable PDF format

Cia ainéacas inn ar leathtrom?

[RIA 744 (A/v/2), ‘Dillon Duanaire’, 25b]

Muiris mhac Bríain Óig [Ó Maolchonaire] cecinit

[Séadna, Dán Díreach]


1 Cia ainecas inn ar leathtrom

lór mo loige gé dál doirbh

ni tig linn ar gceart do chaomhna

do fhill neart nach aobhdha oirn.

2 Cía lé ndinghéntar mo dhídean

Día do bheannaidh an bhioth cé

[an?] urra as fearr mar dhóigh dhamh-sa

dar leam ní tóir fhallsa e.

3 Fáoi Dhía do-dhenaa mo dhídean

ar ndos diona is dion do chleir

Lúcas Diolmhain an chraobh chumhra

d’fhiodhbhuidh nár fhaomh umhla d’fhéin.

4 Gébhaidh misi go mac Teabóid [26a]

tuir dhiona [nac?] denann brég

[...] ós da ghníomhraibh umhla

fiodhbhaidh chumhra gh [......].

5 Ardughadh cáigh as ceim dhosan

dreagan euctach nar ob glia[idh]

mor rer gceird-ne ina teagh tárla

fear as feirde Banbha Bríain.

6 Óir nach diúltann le dreich n-áoinfhir

áirseóir Midhe na múr nglan

ní ghebh mé go háoinfhear úaidhe

ré Ghaoidheal is búaine bladh.

7 Fuil bharúin is íarla(dh) a n-áoinfheacht

fa ua Tomas as glan gne

bíoth úaim-si a gcomhair a chéimeann

d’folaibh úaisle Eireann é.

8 Fuil Ghearaltach gnath ’na grúaidhibh

gríobh bheodha beithir gan locht

seabhac Midhe na múr n-áolta

cridhe úr gan áonta ar olc.

9 Gnáth a ttimcheal tighe Lúcáis

láoich nach ttuill ’na thigh um ól

’s dámh dá riar ar ródaibh crúaidhe

nár óbair tríall úaidhe ar or.

10 Iomdha fós a mbrugh na mbeannacht

buidhean aoidheadh ag ól corm

is sgol gan ríomh ar a roimhéd

’s fíon ag dol tar choimhéd corn.

11 Meinic fós i Longphort Lucás

lucht seanma lé ceathaibh ceóil

dúnta a shean do ghnáth dá ngabháil

seal ag cach le hanáir eoil.

12 Dá fhad uatha(dh) longphort Lúcáis

lucht siubhail is deibhlen Dé

crann toraidh Gall 7 Gáoidheal

ní conair cham áoidheadh é.

13 Do-gheibhid fáilte ag flaith Airtigh

gach áit oile seachnaidh síad(h)

boict gan bhréig uaidhe dá n-altrom

ár ghéig Mhúaidhe as antrom iad.

14 Médaightheoir maithiosa Banbha

branán Gall nach gabhann bríb

ceart da fhréimh congbhaidh gan chláonadh

foghlaidh féin dá tháobhadh thríd.

15 Ionann chosnas códhnach Airtigh

a adhbhoidh féin gá fearr toil

Sligeach Búill is Beárnán Eile

neamhnáir dúin a thréine thoir.

16 Leomhan euchtach mhoighe Meadhbha

maighre linne Locha Raoibh

éigne geal on eithne amhlaidh

fer feithmhe dá ghabhlaibh gáoil.

17 Lúbhghort toraidh d’éigsibh Éireann

úa Tomais toga na sgol

rám tar shlighe gliadh ni ghabhann

cridhe fial nach gcarann crodh.

18 Dá áos gradha congbhaidh comhthrom

ceann na slógh lé mberar búaidh

fear nár fhaomh an chóir do chlaonadh

an chraobh óir len baoghal buain.

19 Draoithe um fhleidh ag Lucas Diolmhain

mar gach nduine riamh da freimh

’s fíon d’ór a bhrogha ag banntract

lór d’alltacht a chora a gceill.

20 Coimhlíontar le codhnach Gaille

a ngealltar leis a n-am oil

ní dhein breg a nglor na a ngealladh

geg do phor na n-earradh n-oir.

21 Énsgiath dhídin mhoighe Meadhbha

mac Teabóid as gloine gné

ar n-áonduine da ttraigh tuile

aodhuire chaigh uile e.

22 [.......................] Bhanbha [26b]

[..........................] sé

[........................]libh

eite luith gach einfhir e.

23 [..........................]

[................] aca as é mo leas

[...] all caigh don adhbaidh ar cheile

[...] laidh dhaibh ar thréine a ttreas.

24 Mar theithim go g[rian]Loc Glinne

do-ghebhim ro[m] sa teagh thall

[............................] feinneadh

[...] damh [...] óinfear ann.

25 As g [...] eóil na hEireann

d’iomad dáoineadh isan dún

teaghlach an tighe mur sháoilim

sine meanmnach aoibhinn úr.

26 Gíod[h] líonta longphort láoich Airtigh

d’úaislibh Éireann ag ól fleadh

ní bhfoighbhe ferr onóir fhile

a ttighr chomhoil bhile Bhreagh.

27 An cheist do chuireas ó chíanaibh

cía do fhoirfeadh orm gach úair

Lúcás féin as cóir dhá dhénamh

ar fhéin mhóir do bhéradh búaidh.

28 [R?]ith [n?]eimhe do dhidean dúinne

deaghmhac Teabóid triath ós cách

ós é mo fhlaith a léim buidhe

maith don chléir mo ghuidhe ghnáth.

29 Ós é fhoirfeas orm óm éigean

Íosa Críost an úrshlat fhíal

ó Dhía ní theasda mo thromghrádh

ní bhía feasda ar gcomhrádh cían. Cia...

30 Anfaid[h] sinne ag Siobhá(i)n mudhar

mór fhóghnus ann dá gach sgoil

craobh fhíal don fhiodhbaidh is amhra

ni biodhbaidh clíar tarla as-toigh.

31 Ag so an cheird rér cuireadh Siobhán

ár sén úaire dá grúaidh ghloin

réiteach clíar 7 clódh cogaidh

do stór ríamh níor thogair toil.

32 Do foidhreadh tré fholaibh uaisle

inghean Mháire móide a bladh

as samhuil dá fuil a féile

muir thoraidh an bhéinne bhan.

33 Créd dob áil da n-áireamh uimpe

gach áirdrí(gh) gach íarla ór fhas

brandaidh sí a hór gan fhuighealls

a ní mhór ní chuireann cás. Cía...