Poem in printable PDF format
Cia an chúirt-se
’san caisléan mór?
[RIA 744 (A/v/2),
‘Dillon Duanaire’, 9b]
[Deibhidhe, Dán
Díreach]
1 Cía an
chúirt-si ’san caislén mór
ad-chím a chrotha ar ccláochlódh
ní
nár dhúin nach aithním í
an
múr (c)cloichshlim ad-chíthí.
2 Ni hiongnadh
nach aithneand sinn
t[é?]rná égcosc a hinnill
in
chúirt chíordhubh cáit ’nar ghabh
síothbhrugh ’na háit is iongnadh.
3 Deacair d’fhior
a heóluis féin
in
teidhm-si tárla dhi-séin
breachtrain mhúir eangbhláith d’aithne
in
seanraith n-úir n-airmghairthe.
4 Geanchúirt
chríadh in chaisléin mhóir
féch
libh nach lór do tsheanmóir
cúirt
tsháor as úaisle d’obar
a
háol fúair-si a fothroghadh.
5 Coscc fíabhrusa
clódh cumhadh [10a]
a
hinneall a
hordugadh
cúirt
bháinte na ngloinshéd ngeal
coimhéd sláinte na silleadh.
6 Tuir gheala na
ríoghbhrugh réidh
gérb
fada a n-anchruth íad-séin
tug
gloine na ngealbhrugh sin
deallradh goile ’na
ng[.........].
7 Treabh áirsidh
is áille dealbh
cúirt
chaithmhe chloi[nn]e [Goi]sdealbh
ní
múchtur a soillsi
soin
dá
ndúntur doirsi an
dúnaidh.
8 D’éis gach
adhnaidh dá bfúair sé
múr
sean is soillse a nduibhré
tug
seanmhúr na bfód bfoirfi
’na
dheaghdhún óg áonoidhche.
9 Trí chéud
blíadhain ré cois céud
áois
in dúin dearbhtha in coimhéd
gé
i-tá úr ’na hobu[i]r óig
in
dún do thógaibh Teabóid.
10 Tugsad sealbh
in fhóid iobhraidh
clann
ghuaisbertach
Ghoisdelbaigh
in
ghég tsháor dá bfrémhaibh féin
d’énfhuil ar-áon is íad-séin.
11 An
Goisdealbhach tig ar tós
’na
seilbh sin is é imthós
ón
chuid oile d’ógbadh
Gall
go
fódmhagh mhuighe Mánann.
12 Síol in
Díolmhuinigh go dearbh
sul
fúair cairt chloinne Goisdelbh
ní mó
a ccóir ar mhoigh Midhe
gé
thoir dhóibh is dáoinighe.
13 [D]o-chúaidh
úatha dá éis soin
gein
tsochair gur fhás
úathaibh
a
ttrén a ttreise a mbáthadh
frémh
na deise dearbhráthur.
14 Díon a chéile
as dóibh dleaghar
do
bhreith a ngég ngeinioladh
gídh
bé dhíobh dream is treise
ón
fearr díon na deisi-se.
15 Dlighidh
Teabóid íad d’fhaire
cnuic
chorra chláir Chíarraidhe
gídh
bé a-déradh nach dleaghair
féchadh sé na seinlebhair.
16
Clann
Ghoisdealbhaigh na reand réidh
gé
hionann fuil dó is
dóibh-séin
tús
garma is oighreacht an fhóid
d’oirbeart tárrla
do Theabóid.
17 Sior Teabóid
Díolmhain dearc mall
eite
seólta slóigh fhinnGhall
’na
beithir ’na ghríbh ar ghal
feithidh dá thír ’na thimchal.
18 Bí[dh] go
neimnech eacht eile [10b]
’na
dhraig úathmhoir aingidhe
bídh
go ccéill ag cáomhna cáigh
go
háobhdha ’s go méin
mhacáimh.
19 Do mhéin
Mhathghamhna in l[eó?]mhain
bídh
feadh in fhuinn
ilcheólaidh
’s
a-rís a n-aimsir e[ile]
[..........]sigh theinntighe.
20 Bídh go
ceannsa fá
co[rnaibh?]]
[’s
’na o]ide ’sna healadhnaibh
’s
’na fhéinnidh ar
feadh bfeirge
[ré?]
seal [...] amh [leg. déinimh?] díbheirge.
21
Beannacht [uaim l]é
clainnaibh
Cuinn
dá
n-éis ní mór go maruim
[...]
uil [im?] ghlór ag Gallaibh
is
lór dhúin a ndubhramair.
22 Gio[...]
Teaboid trúagh in dáil
m’fear cumainn is
mo chompán
téid
a-nois fa túir ttoirsi
dhúin
a ccois an chomainn-se. Cia...