firstLine"; ?>

425. Cia an riocht i rachainn go hAodh $
Length: middling 20qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. petition mp ?
Manuscripts:
  1. NLI G167 Semus Mag Uidhir 1727
Motifs:
  1. education of poets
  2. poet-patron relationship
  3. caithreim
  4. prophecies of kingship
  5. Highkingship of Ireland
  6. brughaidh
  7. imirce
Poet Christian Names:
  1. Eoghan Ruadh mac Fearghail mhic Domhnaill
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird (NLI G 167)
Patron Christian Names:
  1. Aodh mac Maghnosa
Patron Surnames:
  1. O Domhnaill (d. 1600)
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Cia an riocht i rachainn go hAodh?

[NLI G167, 177]

(see ‘A Poem Book of the O’Donnells’, Tomás Ó Cléirigh, Éigse 1 (1939) 51-61, 130-42; poem 50)

Eogan Ruadh mac Ferghail meic Domhnaill Ruaidh Meic an Bháird do chum so don Aodh chenna.

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Cia an riocht i rachainn go hAodh

do fhechus é in gach entaobh

mithidh é do lomadh liom

mé go hollamh ni aithnionn.

2 Do chaithfinn claochlodh reachta

om rígh d’faghail mh’aithenta

sgél annamh é dom aithghin

mé i-nallan am nemhaithnidh.

3 An dioghrais budh dual d’ollamh

tuigthe dho go ndernamar

gor bheite bádh an ríogh ruinn

a dhíol do dhán d’Ó Dhomhnaill.

4 Do-rinne mé a mesg scoile

duan far derbhadh sgoluidhe

ga mionlochta on tí do thogh

a rí as ionmholta d’ollamh.

5 Cur mh’eoil fa airdrigh Oiligh

rug or[a]m lém athoighidh

ar iúl mearaighthe ag dol dhamh

nemhaithne om chor a ccleachtadh.

6 Muna bhuil eolus orainn

ag rígh freimhe saorChonuill

lucht ar n-aithne da rádh rinn

ar mbraith-ne as dán go ndlighfinn.

7 As mar so as úaisle mh’aithne

ma a-taoi ar tí mo bhrethnaighthi

ceilfed leith m’aighthe oraibh

go breith aithne ar mh’ealadhain.

8 Biodh mar gach n-aithne oile

da leige ua ar nAodhoi-ne

teach an Trír uadh gan aithne

don tír thúaidh nir thabhairthe.

9 Re cathaibh Cuinn meic U(a)na [178]

ri Finne as férr iomthnu(a)dha

leanfaidh Aodh d’fírriaghail Cuinn

caor rimhianaidh o Fhrémhuinn.

10 Mar ghrís teallaigh da ttéid smál

trén o cConaill ar cclaochladh

fuair a-rís orradh oirches

grís as ollamh adhoinfes.

11 Ro treisi i ttairrngire d’Aodh

téid an fháisdine d’éntaobh

ar ngairm ríogh daighbhertaigh de

gníomh tairrngertaigh a treisi.

12 Gabhail críche clann Rosa

tosach neirt meic Maghnosa

cion da chora ar chró nUladh

nar mhó a comha ag Conchubhar.

13 Sluagh Murbhaigh ar mhéd a ccen

ag éirghe o fhiadhnaibh sinnser

cáin fhalámhaigh dháibh ag dol

o bhranánaibh chlair Cruachon.

14 Fios bó bóroimhe Túathail

nár nach bfuil ’ga fiorbhúachail

cairt daighbhreath na fola o bfuil

fa chomha Laighnech leguir.

15 Le hUltaibh fa fheis Temhra

d’eis chuarta choig ttigherna

ionadh coinne i ccathair Chuinn

ag nathair cloinne Conuill.

16 I bpurt aonaigh aicme Cuinn

do riaghladh reacht I Dhomhnuill

fuair tráth da thecht go Tailltin

an reacht re cách comhailltir.

17 Rí Bérnais beraidh a-mach

fleadh na coinne i ccúirt Temhrach

is lámh óir dhi ’na dáileamh

ní cóir rí gan fhriotháilemh.

18 Annamh rí riamh ’na ionadh

dual d’filidh a fhoillsiughadh

damadh faghail é ar mh’aithne

mé ag furáil ar bfíadhaighthe.

19 Biodh a aire ar aithne ttruim

breithemh deghsgoile O Domhnaill

lucht aithne annr ni hiomdha

dob annamhr aithne oidiomhla.s

20 Fuigfe[idh] Aodh re n-eirghe a-mach

do chur brugadh ar Bh[r]eghmhach

clár Luighdeach a thuaidh tilti

cuimhnech a n-uair imirci. Cia...