Poem in printable PDF format
Cia an saoi le
seinntear an chruit?
[Eoin
Cathmhaolach Mac Giolla Eáin, Dánta Amhráin is Caointe Seathrúin
Céitinn, 29-31]
1 Cia an saoi le
seinntear an chruit,
le n-íocthar
neimh go nuadh-luit
tré ghoradh
guith-bhinn a cláir
mar sruth bhinn
fhoghar n-orgáin?
2 Múchadh maoithe
giall i nglas
lúth luaimneach a
mhéar mear-bhreas
gan éislinn, mar
is leór linn
gan cheol
séis-bhinn dá sheinim.
3 Síodhaidhe
préamh-ghlan portach,
dar leat, is é
Adhbhortach
nó Aonghus
leasach ón linn,
Daolghus no
Greasach guith-bhinn.
4 Manannán tar
modh mire
nó Craiftine an
cruitire
nó Aonghus mac an
Dághdha,
slat aobhdha na
healadhna.
5 Gan aon neach,
dár áirmheas ann,
do Thuaith
dhoilbhthe Dé Danann
nó d’fhóir ón
am-sain i le
Ad-amsaigh cóir
na cruite.
6 Tadhg Ó
Cobhthaigh, cruth corcra,
Branán bréagtha
bantrachta,
uaithne iuil
fhrithir gach fuinn,
crithir an chiuil
’s an choigill.
7 Do-gheibh gach
saoi a shásamh dhe,
mar sheinneas ar
cheol chuibhdhe
siansa
scaith-mhear dtirim dte
d’fhir-rinn
daith-gheal a dhóide.
8 Dá mhodh, dá
mhein, dá mhaise,
tugas annsacht
éagmhaise,
rogha leannán
chríche Cuinn,
an beangán síthe
séaghuinn.
9 Uair do ló,
má’s saoghlach sinn,
is dearbhuighthe
rem intinn,
gan é ní
chaithfeam choidhche,
ná ré aithghearr
aon-oidhche.
10 Mo chnú is mo
chiste-se, an siollaire geanamhail grinn!
is siubhlach
slightheach glan sheinneas go bleacht dlúith-bhinn
go lúthmhar
crithir-mhear frithir-cheart frais-chiuin fuinn,
go cumhra cliste
gan mhilleadh gan mhearughadh puinc. CIA AN SAOI.