firstLine"; ?>

428. Cia ar a bhfuil th’aire a Eire? $
Length: very long 54qq
Certainty: 3
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA 625 O’Curry transcr. of BOCD
  2. Book of O’Conor Don 1631
Motifs:
  1. imagery for patron
  2. qualities of patron’s character
  3. English conquest of Ireland
  4. imagery for kingship (aodhaire)
  5. inauguration (ri do thogha, coroin)
  6. territory as ruler’s spouse
  7. functions of kingship
  8. symptoms of law and order
  9. brughaidh
Poet Christian Names:
  1. Padraig Glas (BOCD)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Patron Christian Names:
  1. Aodh mac Conconnacht
Patron Surnames:
  1. MagUidhir d. 1600
Apologue Subclasses:
  1. Egyptian princess married to save country
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Cia ara bhfuil th’aire, a Éire?

[O’Conor Don, 222a]

Padraic glas Mac an Baird cecinit

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Cía ar a bfhuil th’aire a Éire

d’ógbaidh Banbha beinnréidhe

nocht dhúin an foilches fis-[s]in

rúin as oirches d’innisin.

2 Cía dibh da ttiúbra tusa

sáorchlann an fuinn Únu-sa

do chédseal a cáomhráth Chuinn

a gheg[g]eal aolbhlat[h] aluinn.

3 Leth Modha an mhíonfhuinn sgathaigh

no ríoghleth Chuinn Chédchathaig

cía dhíobh da ttabra do toil

do damhna ríogh do ríoghoibh.

4 A Éire na n-áibhnedh sen

gan t’fhúaran sgeóil do sgaoiledh

aimhlesach dhún 7 duit

a mhaighleasach úr ordruic.

5 Ní chúalamur ríamh roimhe

áoinbhen go ndeilbh ndáonnaidhe

rér congmad a rún remhuibh

a fhonnghlan úr fhoithremhuil.

6 Trí rídronga druim ar druim

rér ghnáth iomchosnamh t’fheruinn

a mhúr síodh na sreabh ttoraidh

ga fer dhíobh le ndernobair.

7 Fuil Ír fa truime tionóil

fuil Eimhir is Éiriomhóin

tri fola dob úaisle ort

’ga robha úaibh-si úmhlocht.

8 Fuil an trír-si deóigh a ndeóigh

a fhúaráin eignigh aineóil

as íad ro ghabhois do greim

do toghais iad tar Éireinn.

9 Inis dhúin a treab Temra

d’íarsma na ttri ttigerna

an togha ’ga mbía bunadh

no cía an rogha rugabhair.

10 Féch an ng(h)abha a ghnúis chorcra [222b]

nach maircc fúair fad h’óghdhachta

a crioch gartha Eimhir finn

aithne gach éinfhir d’Eirinn.

11 Ríoghradh Banbha an toraidh thigh

a-táid ar Áodh Mhág Uidhir

fa tiormthulaigh Té ag toighecht

sé iomchubaidh d’fholaighecht.

12 Oigre dilios Con Connacht

tríath nach ttreig(si) a thórannacht

togha ar a casmhuile cion

rogha gasruidhe Gáoidhiol.

13 Ar chur ndeabhtha ar (n)díbirt locht

ar esumlacht ar umlacht

rí is áodhaire don táobh thall

áonduine as Áodh ní hionann.

14 Nir cumadh cerdcha goile

ní derna duil dhaonnuidhe

úa(th) na ríogh o bhinnlinn Bhregh

gníomh ar nach ionghill eisen.

15 Croidhe nemhoptha nárach

glór síodh a ccenn chompánach

rún rathchalma a caidrem crech

aignedh natharrdha neimhnec.

16 Gan a lán d’ádhbhroibh oile

da mbeithea a bhen Láoghaire

cóir a treighe do thogha

fóir Eire ar[a] háontomha.

17 Fada a-táoi-si trúagh an bruid

tárla dháoibh(si) d’íarsma formuid

a treabh mhóireithrech bfer bFháil

gan fer t’fhoireitnec d’faghail.

18 Nár sháoil tú nach ttiocfadh ribh

d’ingreim cháigh d’urchóid éigin

a críoc gheal bhanamhuil bhog

gan fher n-anacail agad.

19 Bídh an chara mar chenn slúaigh

bí[dh] an esccara a n-énúair

ar cuid mbaintreabhach ag brath

tuig a glaintreabach gríanach.

20 Togh mur do togadh reimhe

ré mnáoi an oiléin dh’áirighe

a treabh mhín gegarsoidh gheal

rígh nárbh égcasmhuil d’óirnedh.

21 Do bhí ríoghan go ró neirt

a ttír darbh ainm an Éigeipt

mar táoi [a] Éire úair eile

nach bfhúair céile a cosmhoile.

22 An fuil ríogh dá raibhe an bhen

mar do bhí uile ar n-oidhedh

fáth fár hoirnedh an treabh-soin

do hoirnedh an ingen-soin.

23 Nírb fada dhi ’na dheghaidh

san tír éignid fhoithremhuil

go ttarla ’na toinn anfaidh [223a]

do druim fhághla ó echtronn(a)chaibh.

25 Ni raibhe óg na arsaidh

do caruid do chomursoin

maircc iath do hainmnighedh dhi

[n]ar triall d’ainndlighedh uirri.

26 Do trotlaighed a tuirrsi

folmaighther a feruinn-si

téid núachar an taoibhe thoir

a n-uathadh dáoine an tan-soin.

27 Do fagbadh anba an fhoghal

gerr do bhí da báoghlúghadh

tolcha an fhuinn ghlénúaidhe ghloin

’na tuinn ferúaine fhásaigh.

28 Do bháttur beg an t-iongnadh

a hógbadh a hingenro(i)dh

’s an ingen ger dhál docair

lán d’imnedh as d’anshocair.

29 Fáoidhis an bharrghlan búighneac

techta ar cenn a comairleach

ar mbrath rodhoilge a rún cáigh

ag súr comoirle a gcedáir.

30 Tangadar leis na techtaibh

don chathraigh aird iollrechtaigh

sáorslóigh an fhuinn cenn a ccenn

’na n-áonbroinn truim ’na timcheall.

31 Ar suidhe ar slios an brogha

don stúaigh bhéilbhinn bhastana

do-chódair a ccenn chomhráidh

dream nár óbair iomurbháidh.

32 “Do dith ríogh a rún fáoilidh”

ar cách ní cúis ionmháoidhimh

“bheith ad dorus dhénta creach

a réulta sholus shúaimhnech.”

33 “[Is] trúagh ámh ar imthigh ort”

fúighle cháich ré a cruth n-édrocht

“beith gan fher diongmhala duit

a gheal fhionnmhall[a] ordraic.”

34 “Da ngabha [sin] ó so a-mach

ar ccomairle a chúl gégach

tiocfa(idh) do thír uile as

’s gach duine dhíobh ’na dhúthchas.”

35 “Rí do thogha do[d] thír féin

da nderna tú a tháobh soiléir

ní bhía letrom áoinfhir ort

a dercchorr fháoilidh édrocht.”

36 “Bíaidh do thír sa riocht roimhe

foigérthar a fóghloidhe

dingeubaidh dho decra dhíbh [223b]

berta as indénaibh d’airdrigh.”

37 A ndóigh anacail d’faghail

don bhélchorcra briaturnáir

tig an bhé bhonnbhán búighnech

ré comhrád a comairlech.

38 Do toghadh leó ar lorg áoinfhir

airdri(gh) feta forbfháoilidh

b(h)reith bhúaid[h] gach éinfhir aca

san stúaigh cheillidh churata.

39 Cuirid an choróin fa a chenn

íadhaid an tír ’na thimcheall

gurbh uirrim ré duine dhíobh

suidhe ar uillinn an airdríogh.

40 Ní bhíodh la gan léim bfhághladh

do treiged a thionnábhradh

gur lesaighedh re cor ccath

an tesoirer glan gríanach.

41 Níor milledh da múruibh clach

níor trothlaighedh cenn cathrach

beg an díth a (?) bfhúair d’fhoghal

nac bíth úaidh ar aitiughadh.

42 Nior fágbadh cathair gan chenn

na iostadh ard gan inneall

nó fedh troighedh don talamh

don oirer gan áitiughadh.

43 Do bhí síothchanta socair

gan fhoghla gan anshocair

rí [leg. sí?] gan easbaidh neith fa neimh

’sa[n] fer-soin ag breith bhisigh.

44 As í an bhen Temhair Dha Thí

Áodh Mag Uidhir an t-airdrí

fagas dhi céile a cabra

’s as í Eire an atharrdha.

45 San riocht a raibhe an bhen-soin

a-ta trúagh an uireasbaidh

críoch chaithrighin Banbha Bhregh

ádhbha glainchinidh Gáoidheal.

46 A-tá ca truime cumha

ó reimhios Bríain Bhórumha

conair ghlíadh da déinimh dhi

triall ag gach einfhir uirrthi.

47 Mar do toghadh sa tír thoir

rí dar dhoibhenta a dhúthaigh

do tháo[i]bh fhola dob ionchuir

togha ar [n-]Áo[i]dh tar Éirionn(a)chaibh.

48 Bríatra brughadh chláir Connla

fregra an áosa ealadhna

nach bfhúair Banbha ben Criothmhuin

fer a anma d’Éirionnchaibh.

49 Féithle chengail chlann cColla

beithir go n-ádh n-orroma

rí as cára do Thoigh an Trír [224a]

mha do Choin an chleitín.

50 Crechtóir bíodhbadh brúaich Bhanbha

aithentóir na healadhna

miste an té ré a ttegaibh soin

’s ní hegail é acht da fhoghlaidh.

51 Urra chogadh chláir na bFhionn

cáor cerdcha ag cur drithlionn

urra siothchána bhenn mBregh

dan fíorchára geall Gháoidheal.

52 Nar thoirmisce ní fá nimh

ó tá triall mic Meg Uidhir

d’iodhanraith Cormaic í Cuinn

iobharbhláith ordraic áluinn.

53 Cuirfidh sé ó so a-machs

triath oirbertach F[h]er Manach

dó ai[n]mnigher f[h]íad na bFhionn

srían re hainndhlighedh Éirionn.

54 Ní bhéid fáolchoin a bfedhuibh

ní bhía Gall ar Gháoidhealaibh

’ga mbía tenn far n-íath Airt-ne

’s ní bhía ceall gan comairce. Cia...