Poem in printable PDF format
Cia as mó comaoin
ar chloinn Néill?
[Ó Donnchadha, T.
Leabhar Cloinne Aodha Buidhe, Dublin, 1931, poem 36]
1 Cia as mó
comaoin ar chloinn Néill?
fagham a fhreagra
ón ríghfhréimh;
madh áil a
fhiafroighidh soin
do thriathruiribh
cláir Cobhthoigh
2 Síol Néill
aicme ós gach fhoirinn,
an tríd so asé
fhiafroighim
tarla gach
aisgidh orthaibh,
tarbha an
ghaisgidh ghníomharthuigh?
3 Nó an é gníomh
a n-each fhoghnus
náid cuilg leonta
a leabharbhas
do thréd chraoi
bhernfhoghloigh Bregh
nó a ngaoi i
bhferdhornuibh féinnedh?
4 Nó an comaoin
mhaith re maoidhimh
briathra a
bhfionnbhan bhforbhfaoilidh?
nó an tríd
gháires geoin na bhfer
áines a gceoil nó
a gcluicheadh?
5 Saoilmídne gur
sinn féin
chuires ann
d’aicme Shaoirnéill,
ursoin toighe na
dtrí nArt,
’s nach ní oile
da n-eubart.
6 Ar nduana, dha
dhearbhadh sin,
uaislighes aicme
Gaoidhil,
léiges ris
fhreumha a n-aithreadh
sgeula a bhfis go
bhfiafraighther.
7 Gnáth
d’fhileadhaibh fhóid Éireann
cuimhniughadh a
gcaithréimeann,
croinn
chnuaisbhlechta bhruighne Bregh,
’s cuimhne
uaisleachta a n-aithreadh.
8 Eolus sleachta
Gaoidhil Glais
ní bhí i mBérla
nó i mBrethnais;
’s ní fhuil i
leabhraibh Laidne
a leanmhoin mur
leanmaidne.
9 Uaislighther
trá inar dteangaoidh
plannda gach póir
Éirennoigh;
ga gcur síos, ní
sámh an cheard,
bhíos gach glár
acht an Ghaoidhealg.
10 Gibé dan
buidheach file
foillsighther
Aodh Oirnidhe
Niall Glúndubh
ime, agus Art,
gille dar múnadh
mórdhacht.
11 Innister fós
Conn cadhail;
áirmhidh
Fiachaidh Fionnoluigh
uime, agus
Iúghoine leis,
stiúroidhe luinge
an fhlaithis.
12 Ó athair
Iúghoine mhóir
áirimhther uime
d’onóir
gach slat do
bhéineashlógh Bregh
go hÉiriomhón mac
Míleadh.
13 Labhrum do
shliocht Briain Ballaigh,
clann sin dona
saorchlannaibh,
gasradh Droma
cuirmthinn Caoin;
orra do chuirfinn
cumaoin.
14 Ionmhaoidhimh
ar Art Ó Néill
go mbiamna
buidheach dheiséin;
dom aisdibh más
éidir linn
aisgidh éigin ’na
oirchill.
15 Gach taom
dhlighes do dheunamh
um tualaingsi a
thaisbénadh;
gach glún da
aithribh go hArt
aithnidh dhúnn,
mur adubhart.
16 Amhluidh
moltar mic flatha:
ar bheith abaidh
ionchatha;
ar rogha gcrotha
is cédfadh
fotha a dtogha
taisbeuntar.
17 Ar bheith
d’fhuil dhearsgaighthe dháibh,
ar sgaoileadh
duille an domhnáin -
iomdha neith
nochtair orra -
ar bheith fortuil
bhfoghloma.
18 Léigiomna
seachoinn mur soin
cuid meic Seaáin
da sochraibh,
’siad air dob
fhionnta d’eolchaibh;
da raibh ionnta
aithneochthair.
19 Croidhe
tiodhlaightheach treabhar
ní bhiam air dha
fhoillsioghadh,
nó an chiall do
shealbh orruim d’fhior,
nó an dealbh
chonnuil ód chíthior.
20 I gcoimhmes,
le ceardoibh laoich,
ris gach fer
feadhma neamhmaoith
d’ógbhuidh
lannghairthe lis Bregh,
samhlaighthe ris
go roifeadh.
21 Uaislioghadh
éigne Tuama
madh áil
d’fhuighlibh fionnfhuara
eol damh mur
logruim laoidhe
dá dtogruinn car
comaoine.
22 Dá ndealbhuinn
dréchta millsi,
atá ar comus
creidimsi
d’eo Tonndaoile
ar a son soin
cor comaoine ar
mo chosmhoil.
23 Deilbh ar
n-oige d’eó Meana,
aisgidh so ar son
aisgeadha,
mac Áine, do
fhidir mé,
nach sgáile idir
d’éigse.
24 Sochar na
laoidhe do fhlaith
dealbhthar i
n-oige an ánraith,
’s a bhfoighe
uirthe dha éis
re roile as
cuirthe i gcoibhéis.
25 Dlighidsin an
díoghruis dúnn,
an anóir is í ar
bhfortún;
d’uaislibh
shenoigh Gaoidhil Glais
’nar laoidhibh
dleghair díoghrais.
26 Gan dol as a
dhíoghrais damh
le hArt Óg is é
ar gconnradh,
abhra doirche
eidir fhath aoil,
’s ní rach
choidhche ar mo chomaoin. Cia
27 Iomdha
adeuradh gur dhual di
ó nach fréimh dha
bhfuil impi
gach deghsdair da
ndingneadh so,
’s meastair
inghen Í Eadhro.
28 Dersgnughadh
do mhnáibh ar mhodh
saoire is
inghenacht athor,
ar a dtáille do
thoill soin,
roinn do Ghráinne
d’ar ngréusoibh.
29 Biaidh agus
tairfidh tuilleadh
dhíomsa gé cuin
comhuillior?
an méidsi ar an
mhongshaoir mhoill
do chomaoin éigsi
agoinn.