firstLine"; ?>

432. Cia as uaisle do Laighneachuibh $
Length: middling 21 qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th mid
Areas:
  1. Leinster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. NLI G 348 Sean O Fearghail 1895
  2. Harvard O’Byrne MS 1726<1622 ex
  3. RIA 1404 (24/P/41)T. O Neachtain 1723-
  4. TCD1346 (H.4.4) Hugh O Daly 1726-50
  5. TCD 1288 (H.1.14) A. O Dalaigh 1750
Prints:
  1. text LB no 5
Motifs:
  1. nobility of patron’s ancestry
  2. negative comparison, subj. only exception
  3. comparison of patron with own family
  4. patron’s liberality to poets
  5. Patron’s caithreim
  6. Foreign conquest of Ireland
  7. Submission, tuarastal, coimirce
  8. Proverbs
Poet Christian Names:
  1. Doighre (Harvard O’Byrne MS)
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh
Patron Christian Names:
  1. Aodh m. Seaain m. Reamuinn
Patron Surnames:
  1. O Broin
Meter Vars:
  1. Ae freislighe
Poem:

Poem in printable PDF format

Cia as uaisle do Laighneachaibh?


[Mac Airt, Seán, Leabhar Branach, Dublin, 1944, poem 5]


Doighri Ó Dálaigh .cc.


1 Cia as uaisle do Laighneachuibh?

ní ceisd sin ar na heólchuibh

ná cia as mó arar dhaighleathnuigh

do chlú fá iarthar Eórpa?

2 Cia as oirdhiorca aca-san

ré dénamh uaisle is einigh?

cia san chúigeadh chathbhladhach

as mó ar a ndeachaidh deightheisd?

3 Cia as mó cheannchus d’ealadhuin

do shliocht Cathaoir Mhóir mhéirsheing

cia as oirdhiorca ag deaghscoluibh

in gach aonchóigeadh d’Éirinn?

4 Gá dtáim uirre fiafruightheach?

an cheisd-sin ní cúis ainbhfis,

Raghnallaigh an fhialbhuidhion

as uaisle don fhéin Laighnigh.

5 Dream as uaisle d’fholuidheacht,

aicme ar nách aghthar aonlocht,

an uaisle níor cothuigheadh

go sliocht Seaáin mhic Aodha.

6 Gein tshochair an tshleachta-so,

mac Seaáin nár thuill tathaoir,

fear as uaisle eachtradha,

teine bheó chloinne Cathaoir.

7 Sliocht Cathaoir Mhóir mhíleata

mhic Féilim Úrghlais armghlain,

dá mairionn don ríghshliocht-soin

coimeas ré hAodh dob antoisg.

8 Geall gaisgidh is gloinéchta

fuair an mac-soin mhic Rémuinn,

fear sochumainn soibhésach

do chuir a chlú in gach éanaird.

9 An uaisle do thréigiodar

Gaoidhil Fhódla acht a aicme;

a n-aimsir an éigiontuis

gnáth an fíorchara d’aithne.

10 Mac Seaáin as fíorchara

don uaisle a n-am na héigne;

lé do ghabh an ríoghmhac-sa

’s fir Éirionn d’éis a tréigthe.

11 A n-oinioch do thréigiodar

an dá chúigeadh-sa Mumhan;

brígh ní fhuil a n-éinphearsoin;

an uaisle as adhbhar cumhadh.

12 Do thréigiodar Connachtuigh

a n-uaisle mar an gcédna;

an dream cródha cogthach-soin,

ní cluintear uatha scéla.

13 An cóigiodh-soin Conchubhair

dár chomhainm cóigeadh Uladh

ní fhuilim ’na chontabhairt

cúl don uaisle go ttugsad.

14 Rioghraidh Midhe mharcshluaghaigh,

síol Muaidh agus clann Cholmáin,

mar an aicme anuasail

gan chion ar cheól ná ar chongháir.

15 An uaisle níor dhíbiortach

ag sliocht Cathaoir Mhóir Laighnigh,

Danair nó gur dhíbriodar

sliocht roghlan Rosa Failghe.

16 Lé Gallaibh fá dhaorchánaidh

do cuireadh uaisle Gaoidhiol;

Branuigh agus Caomhánuigh

claoitior uile go haoinfhear.

17 Mac Seaáin an t-aoinfhear-soin

nach tug a chlaoi do Ghallaibh;

le huaisle do Ghaoidhioluibh

anois acht Aodh ní faghair.

18 Dul do chuma a chaithréime

dhamh dá leigeadh an eagla,

is iomdha ar an gcaithfhéinnidh

ré n-áiriomh, marbha is creacha.

19 Do bhí an uaisle a n-aontumha

d’éis ar shiobhail sí d’Éirinn

go rochtain an Aodha-so

riaras lucht ré gach éincheird.

20 D’Éirinn d’iarraidh baránta

cia do shiubhail gach énaird,

ní fhuair fear a gabhála

go ráinig mac mhic Rémuinn.

21 An uaisle is bean roiligthe

d’éis a n-uair d’fhearaibh maithe;

dénadh ar mhac Doirinne,

cá fearr áirighthe aice? CIA.