firstLine"; ?>

433. Cia as urra d’ainm an iarthair $
Length: long 32qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th mid
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. inauguration mp (c. 1640)
Manuscripts:
  1. RIA15-24(23/M/25-34)E.O Caoimh1684-
  2. RIA303 (23/L/37) John Stack 1706-9
  3. RIA 249 (23/N/13)M mcP UiLongain 18c
  4. RIA487 (23/N/11)M mcP UiLongain 18c
  5. RIA 612(24/M/30) M. Og OLongain1796-
Prints:
  1. transl. Black, Scot. Gael.Stud. xiii pt 1(1978)46
Motifs:
  1. envoi to wife (dau. Ruaidhri O Seachnasaigh
  2. imagery for patron (oirchiste, dreagan)
  3. praise of personal appearance
  4. nobility of patron’s ancestry
  5. comparison with own kin
  6. Function of poetry
  7. patron’s liberality to poets
  8. inauguration (an anma d’foillseaghadh)
  9. reim rioghraidh
  10. legal terminology (sealbh duthchais)
Poet Christian Names:
  1. Maoldomhnaigh (RIA 19, 303)
Poet Surnames:
  1. O Muirgheasain
Patron Christian Names:
  1. Domhnall mc Domhnaill mc Dhomhnaill mc T
Patron Surnames:
  1. O Donnabhain (1584-1660)
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Cia as urra d’ainm an iarthair?


[Ronald Black: ‘Poems by Maol Domhnaigh Ó Muirgheasáin (II)’, Scottish Gaelic Studies 13, 46-55]


[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Cia as urra d’ainm an iarthair,

do ríogradh síl seinFhiachaidh?

ó do thagras riú dá réir,

a-niú do admhas eiséin.


2 Ós do phréimh Luighdheach, dar leam,

is sealbh chirt iarthair Éireann,

cia díobh as urra don ainm

’s an rulla ríogh dá roghairm?


3 Acht mé dá ccur fá ccomhair,

ríogradh an fhuinn iartharaigh,

dom mac samhla a-seadh dleaghar

fear an anma d’fhoillseaghadh.


4 Gá dtáim ris, foillseóchad féin,

ón ghairm shíorruidhe shoiléir,

neach dán dú a lorg do leanmhuin,

ord na clú do chéidmheabhruigh.


5 Mac Domhnaill, dreagan Chliodhna,

urra an anma shinnsiordha;

ní mhaithfe a cheart d’aon aile -

do aomh reacht a ríoghraidhe.


6 Gairm shochair na nglún ór ghin

coiseónaidh d’ais nó d’éigin;

ní thibhre uadh a n-anáir -

innmhe is dual d’Ó Dhonnabháin.


7 A seilbh na sinnsear reimhe

do bhí a h-urlámh d’áireighe;

do chrú Fhiachaidh-si as anáir

clú an iarthairsi d’ionghabháil.


8 Síol Luíghdheach, lucht an cheannaigh,

teist an iarthair Éireannaigh -

fir gan duilghe um dháil a séad,

ós dáibh as cuibhdhe a ccoiméad.


9 Cuid d’oirbheart aicme Ghaoidhil

fagháil anma ar iolmhaoinibh;

cur riú dob uaill an obair -

buaidh na clú do cheannchadair.


10 Giodh mór re a maoidheamh a bhfad,

teist mhaicne Mhogha Nuadhad

ag teist Chairbreach do-chiam geall

an gach airdleath d’fhiadh Éireann.


11 Ar neartmhaire ar nós a mbreath,

ar chruas lámh a measg Muimhneach -

mór do niad d’airgnibh iomaidh -

tiad Cairbrigh a gcéimeannaibh.


12 Ar chródhacht, a ccearrdaibh gliadh,

ag cosnamh Mumhan Maicniadh,

ar mhéinn fhíorghlaine ar fheardhacht,

ar líonmhaire, ar fhlaitheamhlacht.


13 Uaisle oirbheart is oineach,

riar carad is coimhightheach

dá ccor a ccéimibh tar chách -

toil le n-éirig a n-iomráth.


14 Do ghlac ó a réim dá róbháidh

sealbh dhúthchais Í Dhonnabháin

ilionnmhas dá ttárla a thoil

tighearnas anma an iarthoir.


15 Gabhadh mur oighreacht re a ais

ceart a dheaghanma dualgais

ar tí coimhdhe na cairte -

gá ní d’oighre as orrdhairce?


16 Nós a laoichfhréimhe do leath

triath oirrdrheirc iarthair Cairbreach;

ní h-éadtarbha a fheidhm ’na ndeóigh

a seilbh chéadanma a chineóil.


17 Coigil eachra nó ionnmhais

ní dá thréighthibh tighearnais

fear ceannaigh sealbhchlú na sean

(?)dealuigh ré mearchrú Míleadh.


18 Tug le múnadh a mhaicne

toil dá n-airghibh orrdhairce

go mbí a-nú ar nós na saoirfhear

tós ’gá chlú dá chraobhsgaoileadh.


19 Comaoin ó gach ord aoidheadh

teist Dhomhnaill do dheaghmhaoidheamh;

um gach ní dá bhfoghann féin

do ní Domhnall a ndeighréir.


20 Ní dhearmaidfe dáil a shéad,

a ghairm go racha a roimhéad -

troigh róichliste ar feadh Fodhla [leg. foghla]

óirchisde bhfear n-ealodhna.


21 Rulla saorchlú na sinnsior

as é crodh do choigilsion;

tug a raibhthe tar cló cháigh

lé ró caithmhe agus conáigh.


22 Ag coiméad luirg a fhlaithis

do thréig ionnramh iolmhaithis

gnaoi na ccéadaithreadh ór chin

méadaighthear ar aoi a oinigh.


23 Ceard ghaisge gabhadh do láimh

mac mic Domhnaill, dreach adhnáir;

go bhfuair a ccéime cosgair,

buaidh a réime rángasdair.


24 Triath ionmhuin clainne Cathail

fós a n-ainche ar anachain

post torchairthe a ngníomhradh ngleóidh

fíorbhun cothaighthe a chineóil.


25 Mac Eiléan as ard meanma,

pailm ós fíodhbhaibh fíneamhna,

ó chách do thobhuigh tromthail,

giodh fáth omhuin d’allmhurchaibh.


26 Ua áirmheach Eoghain Taidhligh,

ua Fiachaidh go bhflathairghnibh,

ua Luighdheach ainmhir an áigh -

cuibhreach ’na n-airdhibh d’admháil.


27 Ua Dhonnabháin na ndeighbheart

tuilliomh garma a ghnátheighreacht;

cuinge ceart dá fhréimh roimhe

a theacht san réim ríoghroidhe.


28 Uachtarán iarthair Mumhan,

urra an chirt do chothughadh,

flaith amhra dár ccrú Cuircne -

tarla an chlú fa a chomuirce.


29 Buadh ndealbha dá dreich fhosaidh

uair inghion Í Sheachnosuigh -

réidhe gan chumhdha ccridhe,

umhla, féile is foisdine.


30 Pailm thoruidh do Threibh Dhá Thí

inghion réadhchroidheach Ruaidhrí,

fuair airdhe na nglún ór ghin

ag tnúdh le h-aidhbhle an oinigh.


31 Teist bhuan na ríoghradh reimpe

ní léig uaithe ar imirce;

tug ar ainm Ghuaire, ór ghin -

an ghairm is buaine braithfidh.


32 Fiú an treabh ór tuismeadh Síle

buaidh féile ar a fréimhlíne;

dá coimhdhe ag maicne an mheadhóil

roighne aicme Éireamhóin.