Poem in printable PDF format
Cia cheannchas
adhmad naoi rann?
[Mac Airt, Seán,
Leabhar Branach, Dublin, 1944, poem 8]
Seaán mhac
Ruaidhrí Uí Uiginn .cc.
1 Cia cheannchus
adhmad naoi rann,
dá bhfaghadh
cunnradh ann súd?
ar Laighnibh
ciarbh ard a tteisd
dom aithne is
cruaidh an cheisd úd.
2 Is é freagra
Branach oirn:
ná cluintior ocht
roinn ná naoi;
go dul Sagsanach
tar sál
ní dhíolfam dán
iná laoidh.
3 Fine Tuathail
na nduas ttrom
anois ní
thiúrdaois bonn bán,
go gcuirid suas
do shídh Gall
ar luach fichead
marg do dhán.
4 Caomhánuigh
cérbh fhoraois cliar,
ré neach dhíobh
ní fhuil mo shúil
fear ceannuigh
adhmuid naoi rann
do ghuais Ghall
ní haithne dhúin.
5 Dá siobhlainn,
níor dhóigh mo dhíol,
fuil Ghearaltach
na ngníomh n-ard
go síol Mórdha
nár dhiúlt draoi,
le hadhmad beag
na naoi rann.
6 Cúigeadh
Laighion na mac ríogh,
usaide díol mo
naoi rann;
do dearbhadh
dúin, deimhin scél,
go bhfuil fréamh
don einioch ann.
7 Fear nach umhal
do nós Gall
Aodh mhac Seaáin
is ard gnaoi,
ós air do
chuirios mo chrann
le hadhmad ocht
rann nó naoi.
8 Saoirleannán
scoile Chláir Cuinn,
Aodh mhac Seaáin
nár thuill béim,
mo naoi roinn
chuige dá ttriall;
leantor lé coin a
fiadh féin.
9 Acht ua Rémuinn
tuillios bladh,
ní haithnidh damh
thoir ná thiar
neach le ceannach
[mo] naoi rann;
má tá ann ní
fheadar cia.