Poem in printable PDF format
Cia choimhéadfas
clú Laighion?
[Mac Airt, Seán,
Leabhar Branach, Dublin, 1944, poem 17]
Fear gan ainm
Mhac Eochadha .cc.
1 Cia choimhédfas
clú Laighion?
mór bhfile le
bhféchfuidhior;
bíodh a-nú [a]
fhala ar an ég
muna bhfagha an
clú a choimhéd.
2 Guais go mbia
feasda ar folach
d’éis Aodha, an
túr ardbhladhach;
mar ba gnáth le
bloidh Branach
gan fháth ní
fhoil easbhadhach.
3 Seaán Óg nárbh
óg n-oirbheart,
d’iarsma na ríogh
rooirdhearc;
a n-áireamh sin
dleaghair dhíom
ar chin don
fheadhain airdríogh.
4 Ós sinn as
eólach orra
mur táid a Ráith
ríoghDhroma,
an ghasruidh
ríogh druim ar druim
ní casmhuil gan
ríomh reamhuinn.
5 Seaán mac Aodha
[is iúl glan]
ós cionn cáich
d’éis a athar,
saobh ar
ndeadhuil ris an druing
mar Aodh a
ndeaghuidh Domhnaill.
6 Bás Domhnuill
Ghlais [díochra an dáil]
damhna toirsi do
thógbháil,
tug gan aoinmheas
ar ollamh;
ar n-aoibhneas do
íocamar.
7 Mairg thárruidh
an bás dá mboing,
croinn toruidh
cloinne Criomhthuinn;
teacht na gcrann
as fás folamh,
barr ar in gcás
Conchubhar.
8 Fonn Branach do
bhí dá réir,
mac Philip is iad
d’aoinmhéin,
dream dob
fhíreasbhaidh don fhonn,
ceann na
ríghfhear-soin Raghnoll.
9 A ndul uainn
d’éis a chéile,
dúin is damhna
míchéille;
ós é a gcríoch
cuimhne na sean,
is duilghe an
díoth fá dheireadh.
10 Glóir
Gaoidhiol ar gcúl do chur,
do dhruim tnúith
tig a turnamh;
a bhuain dín ní
cás coimsi,
dá bhrígh do fhás
m'atuirsi.
11 Mac Seaáin,
seólchrann Branach,
Laighnigh uaidh
is easbhadhach;
damhna
maothchroidhe am Bóinn Breagh
tré ghlóir
laochruidhe Laighion.
12 A mhéd
d’aoinlén ní fhuair riamh
ríoghruidh
oirdheirc Ghuirt Ghailian;
ól seirbhdhighe
dháibh a dhul,
ceinnbhile cáigh
do chosnamh.
13 Teacht do
chabhair Chláir na bhFionn
muna ttí
d’iarthar Éirionn,
fada cabhair ón
taobh thoir,
Branaigh is Aodh
’na n-easbhaidh.
14 Barr cumhadh
do thoirsi thruim
d’éis imtheachta
d’ua Rémainn;
a ttás oirne san
Aoine,
doilghe cás na
cédAoine.
15 Mar támaid, ca
doilghe dáil?
a n-égmuis oighre
Seaáin;
a tiomna dom ré
as roghar,
ní hiongna mé ar
mearabhal.
16 Mo lucht
feithmhe uaim uile
do-éid d’éis ar
nAodhui-ne;
ós tréd gan
aoghaire inn,
ég aonduine ní
áirmhim.
17 Ciodh mór
ttriath táinig don druing,
níor fhás riamh
do fhréimh Raghnuill
rí ’gárbh fhearr
onóir ollaimh,
ceann an
roshlóigh Raghnalluigh.
18 An t-ord
fileadh dá bhfuil sinn,
ní fhuil ar feadh
Fhóid Fhéilim
ar súil ré haon
’na ionadh
ré hAodh dúin ar
ndeileaghadh.
19 Cosc antruim
d’éigsibh Laighion
a-niú ar orchra
íocfuidhior;
dol do dhéinimh a
ndearna
blogh do
thréidhibh tighearna.
20 Iad uile eidir
óg is shean,
dá measdaoi
laochruidh Laighean,
do mheas mé nách
creach coimsi,
neach mar é ní
fhaghaim-si.
21 An tshíon
do-chóidh as a cruth
d’éis codhnuigh
críche Branuch;
do líon brón in
gach baile,
síon gan chlódh
ar gcumhai-ne.
22 Gan tol
d’aoibhnios ná dh’ól fleadh
tré chnaoi
mullaigh na míleadh;
níor fhear
cogaidh é oirne,
[sé] m'fhear
cogair ’s comhairle.
23 Ní buan ollamh
d’éis a ríogh,
baoghal damh dul
a ndimbríogh;
sé ar gach taobh
ag teacht ruinne,
neart ag gach aon
oroinne.
24 Budh cian bhus
cumhain linne
ar muirn ó mhac
Duirinne;
nach iongnadh dún
déinimh bróin?
tnúdh gach
éinfhir rér n-onóir.
25 D’éis cáich do
chaithiomh a rosc
do-chím nach
tráth dá tteagusc;
cosc bróin Baile
na Corra
ní raibhe ar
m'óidh eattorra.
26 Ar a chionn
ciodh falamh fuair
críoch Raghnuill
an fhóid ionnfhuair,
re hAodh ar
ndealaghadh dí
neamhfholamh gach
aon innte.
27 Faill Aodha go
n-uair an t-ég
urradh ar gcríoch
do choimhéd;
fada dhóibh ag
breith bisigh,
ní cóir cleith na
coimhdhi-sin.
28 An feadh do
bhí ’na bheathaidh,
tar uaislibh síl
sáirEachaidh
go ttarla lén a
ndán dó
a shén do chládh
ní chuala.
29 D’éis Aodha ní
hiongnadh linn,
críoch Branach na
mbeann n-aoibhinn,
dob fhiú ar fhás
d’fhalaidh ortha,
Branuigh a gcás
cabhartha.